Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Bealarúise
Tá smachtbhannaí fairsinge forchurtha ag an Aontas ar an mBealarúis mar fhreagairt ar sháruithe ar chearta an duine, ar thacaíocht na Bealarúise do chogadh na Rúise ar an Úcráin, agus ar na hionsaithe hibrideacha a rinne sí ar an Aontas.
Sáruithe ar chearta an duine sa Bhealarúis
Ghlac an tAontas beart smachtbhannaí ollmhóra i bhfianaise na dtoghchán uachtaránachta calaoiseach a tharla i mí Lúnasa 2020 agus i bhfianaise na cniogbheartaíochta brúidiúla a rinne fórsaí slándála na Bealarúise ar na hagóideoirí síochánta, ar chomhaltaí de lucht an fhreasúra agus ar iriseoirí.
Is é cuspóir na smachtbhannaí sin brú a chur ar cheannaireacht pholaitiúil na Bealarúise tuilleadh foréigin agus cos ar bolg a chosc, gach príosúnach polaitiúil agus gach duine eile atá faoi choinneáil éagórach a scaoileadh saor, agus tús a chur le fíor-idirphlé náisiúnta cuimsitheach leis an tsochaí i gcoitinne.
Dírítear leis na smachtbhannaí ar dhaoine aonair agus eintitis atá freagrach as cos ar bolg agus imeaglú a dhéanamh ar agóideoirí síochánta, ar chomhaltaí de lucht an fhreasúra agus ar iriseoirí, agus as mí-iompar le linn an phróisis toghcháin, céasadh a dhéanamh ar dhaoine atá faoi choinneáil agus sáruithe eile i réimse chearta an duine.
Cuireadh an síneadh is deireanaí leis na smachtbhannaí sin go dtí an 28 Feabhra 2027. Faoi láthair, tá smachtbhannaí forchurtha ar 310 nduine aonair agus ar 46 eintiteas faoin gcóras sin.
I measc na ndaoine aonair atá faoi réir smachtbhannaí tá:
- Aliaksandr Lukashenka, Uachtarán na Bealarúise
- Viktor Lukashenka, comhairleoir slándála náisiúnta agus mac an Uachtaráin, Aleksandr Lukashenko
- bolscairí réimis agus ardoifigigh
- cathaoirleach Chomhairle Thionól Náisiúnta na Bealarúise
- an t-ionchúisitheoir ginearálta agus comhaltaí eile den bhreithiúnacht
- lucht gnó a bhaineann tairbhe as réimeas na Bealarúise agus a thacaíonn leis
- cinn agus leas-chinn institiúidí ceartúcháin éagsúla
- iad siúd a raibh baint acu le tuirlingt éigeantach agus neamhdhleathach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc
I measc na n-eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí tá:
- eagraíochtaí bolscaireachta, an chuideachta stáit teilifíse agus craoltóireachta raidió Belteleradio
- cuideachtaí a bhaineann tairbhe as réimeas na Bealarúise agus a thacaíonn leis, ina measc cuideachtaí san earnáil mhíleata, teicneolaíochta agus talmhaíochta
- cuideachtaí a éascaíonn teacht timpeall ar smachtbhannaí
- cuideachtaí iompair, tionscnóirí turas agus óstáin a thacaigh le trasnuithe neamhdhleathacha teorann ón mBealarúis chuig an Aontas
- an Chúirt Uachtarach
- an Coiste um Rialú Stáit
- an Coimisiún Lárnach Toghchán
- an Stiúrthóireacht Bainistíochta Maoine
Ar na smachtbhannaí áirítear an méid a leanas:
Toirmeasc taistil
Ní féidir le daoine a bhfuiltear ag díriú orthu dul isteach i gcríocha an Aontais ná idirthuras a dhéanamh tríothu.
Reo sócmhainní
Reoitear sócmhainní uile na ndaoine aonair agus na n-eintiteas san Aontas atá faoi réir smachtbhannaí.
Bac ar chistiú
Ní féidir le daoine ná eintitis san Aontas aon chistí a chur ar fáil dóibh siúd atá faoi réir smachtbhannaí.
Idir 2021 agus 2025, leathnaigh an Chomhairle raon feidhme an chórais smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise chun daoine aonair agus eintitis a bhfuil baint acu le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus le hionsaithe hibrideacha ar thíortha an Aontais a chur san áireamh.
Chomh maith leis sin, an 4 Meitheamh 2021, d’fhorchuir an tAontas toirmeasc ar iompróirí uile na Bealarúise traseitiltí a dhéanamh thar aerspás an Aontais agus chinn sé gan rochtain a thabhairt dóibh ar aerfoirt an Aontais, tar éis tuirlingt éigeantach neamhdhleathach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc an 23 Bealtaine 2021.
- Cinneadh maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise agus a rannpháirtíocht san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (Iris Oifigiúil an Aontais)
- Rialachán maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise agus a rannpháirtíocht san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (Iris Oifigiúil an Aontais)
- Toghcháin chalaoiseacha 2020 agus sáruithe ar chearta an duine sa Bhealarúis
Tacaíocht mhíleata don Rúis
Mar fhreagairt ar an tacaíocht leanúnach a thugann réimeas Lukashenka d’fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, ghlac an tAontas roinnt bearta aonair agus eacnamaíocha, go príomha faoi chóras smachtbhannaí na Bealarúise. Is ionainn na bearta sin agus na smachtbhannaí a glacadh i gcoinne na Rúise.
Tá bearta aonair dírithe orthu siúd a thacaíonn le cogadh na Rúise ar an Úcráin agus cuirtear san áireamh iontu toirmisc taistil ar dhaoine aonair, reo sócmhainní i gcás daoine aonair agus eintiteas agus toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta smachtbhannaí.
Díríonn smachtbhannaí eacnamaíocha ar earnálacha airgeadais, trádála, fuinnimh, iompair, teicneolaíochta agus cosanta na Bealarúise, chomh maith le seirbhísí a chuirtear ar fáil don Rúis nó do náisiúnaigh Rúiseacha. Tá siad ar aon dul leis na bearta a glacadh i gcoinne na Rúise, ina measc:
Airgeadas
- toirmeasc ar idirbhearta le Banc Ceannais na Bealarúise
- toirmeasc ar idirbheartale ceithre bhanc eile de chuid na Bealarúise
- toirmeasc ar nótaí bainc atá ainmnithe in euro a sholáthar don Bhealarúis
- insreafaí airgeadais ón mBealarúis chuig an Aontas a theorannú
An chosaint agus an teicneolaíocht
- toirmeasc ar airm thine, armlón agus earraí dé-úsáide a onnmhairiú chuig an mBealarúis
- toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht cosanta a onnmhairiú chuig an mBealarúis
- trádbhac arm
Iompar
- toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht eitlíochta, muirí agus spáis a onnmhairiú chuig an mBealarúis
- cosc ar oibreoirí iompair de bhóthar na Bealarúise teacht isteach san Aontas
- toirmeasc ar earraí a iompar de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais
Seirbhísí
- toirmeasc ar sheirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta agus comhairliúcháin cánach a chur ar fáil
- toirmeasc ar sheirbhísí ailtireachta, innealtóireachta, TF agus comhairleacha dlí a chur ar fáil
- toirmeasc ar sheirbhísí fógraíochta, taighde margaidh agus anailíse ar thuairimí an phobail a chur ar fáil
Amhábhair agus earraí eile a thrádáil
- toirmeasc ar shó-earraí a onnmhairiú chuig an mBealarúis
- toirmeasc ar ór, diamaint, héiliam, gual agus táirgí mianracha a allmhairiú ón mBealarúis
- toirmeasc ar tháirgí potaise, adhmaid, stroighne, iarainn, cruach agus rubair a allmhairiú ón mBealarúis
Bearta frith-imchéimniúcháin
- ceanglas ar onnmhaireoirí an Aontais ‘clásal eisiata na Bealarúise’, mar a thugtar air, a chur isteach ina gconarthaí
- ceanglas ar oibreoirí an Aontais sásraí díchill chuí a chur chun feidhme
- toirmeasc ar idirthuras earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide trí chríoch na Bealarúise
- Cinneadh maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise agus a rannpháirtíocht san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (Iris Oifigiúil an Aontais)
- Rialachán maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise agus a rannpháirtíocht san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (Iris Oifigiúil an Aontais)
- Rannpháirtíocht na Bealarúise i gcogadh na Rúise ar an Úcráin
Taraifí ar tháirgí talmhaíochta agus ar leasacháin
An 12 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle rialachán lena dtugtar isteach taraifí ar na táirgí talmhaíochta agus leasacháin ón Rúis agus ón mBealarúis, ar táirgí iad nach raibh faoi réir dleachtanna custaim breise go fóill.
Meastar go laghdófar leis na taraifí ioncam onnmhairiúcháin na Rúise, rud a chuirfidh teorainn le cumas na Rúise a cogadh foghach ar an Úcráin a mhaoiniú. Tá siad á gcur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2025.
Smachtbhannaí mar fhreagairt ar ionsaithe hibrideacha na Bealarúise
Chun freagairt ar fheachtas hibrideach na Bealarúise i gcoinne an Aontais, leathnaigh an Chomhairle raon feidhme na smachtbhannaí ar an mBealarúis i bhfianaise imircigh a úsáid mar uirlis (mí na Samhna 2021) agus i bhfianaise na sáruithe a rinneadh in aerspás sa Liotuáin agus gníomhaíochtaí hibrideacha eile a imríonn tionchar ar Bhallstáit an Aontais (mí na Nollag 2025).
Leis na critéir nua a cuireadh isteach, ceadaítear don Aontas smachtbhannaí a fhorchur orthu siúd atá freagrach as an méid seo a leanas nó a bhfuil baint acu leis an méid seo a leanas:
- imircigh a úsáid mar uirlis chun críoch polaitiúil
- ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis
- gníomhaíochtaí atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí atá chun leasa phoiblí an Aontais agus a Bhallstát
- gníomhaíochtaí lena n-éascaítear nó lena gcumasaítear cur isteach ar fheidhmiú an bhonneagair chriticiúil
Tá na daoine sin atá faoi smachtbhannaí faoi réir toirmeasc taistil agus reo sócmhainní. Níl cead ag saoránaigh ná ag cuideachtaí an Aontais cistí a chur ar fáil dóibh.
- An Bhealarúis: raon feidhme an chórais smachtbhannaí leathnaithe ag an gComhairle chun gníomhaíochtaí hibrideacha i gcoinne Bhallstáit an Aontais a chumhdach (preasráiteas, an 15 Nollaig 2025)
- An Bhealarúis: leathnú déanta ag an Aontas ar raon feidhme na smachtbhannaí chun dul i ngleic le hionsaithe hibrideacha agus le imircigh a bheith á n-úsáid mar uirlis (preaseisiúint, an 15 Samhain 2021)
- Ionsaithe hibrideacha na Bealarúise ar an Aontas
Smachtbhannaí eile i gcoinne na Bealarúise
I gcomhthreo leis na smachtbhannaí a bhaineann leis na toghcháin i mí Lúnasa 2020, tá cineálacha eile smachtbhannaí i bhfeidhm i gcoinne na Bealarúise freisin.
In 2004, ghlac an tAontas smachtbhannaí a bhaineann le beirt pholaiteoirí ón bhfreasúra, fear gnó agus iriseoir, a chuaigh ar iarraidh in 1999 agus in 2000 agus gan tásc gan tuairisc orthu ó shin. Cuireadh reo sócmhainní agus toirmeasc taistil ar cheathrar san áireamh leis na bearta sin.
Ina dhiaidh sin, ghlac an Chomhairle bearta sriantacha breise i gcoinne na ndaoine aonair agus na n-eintiteas a raibh baint acu le sárú na gcaighdeán idirnáisiúnta toghcháin agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ina gcoinne siúd a raibh baint acu le brú faoi chois na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh.
Ba in 2011 a tugadh isteach an trádbhac arm.
I mí Feabhra 2016, chinn an Chomhairle deireadh a chur leis na smachtbhannaí a bhí ann i gcoinne daoine aonair agus eintitis a raibh baint acu le sáruithe i réimse chearta an duine, ach choinnigh sí an trádbhac arm agus na smachtbhannaí atá i bhfeidhm ar an gceathrar a raibh baint acu leis na fuadaigh gan réiteach.
Rinneadh an cinneadh sin ag féachaint do na céimeanna a ghlac an Bhealarúis a raibh an caidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis níos fearr dá dtoradh, go háirithe ó scaoileadh saor na bpríosúnach polaitiúil.
Mar sin féin, tháinig deireadh leis an gcaidreamh feabhsaithe sin tar éis ar tharla le linn thoghcháin uachtaránachta mhí Lúnasa 2020 agus d’fhorchuir an tAontas sraith smachtbhannaí nua ar an mBealarúis.
Féach freisin
An Bhealarúis
Cogadh na Rúise ar an Úcráin: Smachtbhannaí an Aontais
An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí
An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Feabhra 2026