Skip to content

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Cóiré Thuaidh

Tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí a bhaineann le hairm núicléacha agus diúracáin bhalaistíocha agus ar a tacaíocht mhíleata do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Gníomhaíochtaí arm ollscriosta na Cóiré Thuaidh

Ó 2006 i leith, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí forbartha arm núicléach agus diúracán balaistíoch, ar bagairt thromchúiseach iad ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta.

Cad chuige na smachtbhannaí?

Na cláir atá ag DPDC maidir le hairm núicléacha, diúracáin bhalaistíocha agus airm ollscriosta eile, baineann siad an bonn den chóras domhanda maidir le neamhleathadh agus dí-armáil, a bhfuil an tAontas ag tacú go diongbháilte leis le blianta fada anuas.

Cáineann an tAontas gníomhaíochtaí núicléacha agus diúracán balaistíoch na Cóiré Thuaidh agus iarrann sé ar DPDC a hoibleagáidí faoi rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh trína hairm núicléacha, a hairm eile ollscriosta, a cláir diúracán balaistíoch agus a cláir núicléacha atá ann cheana a thréigean, ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe, agus deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí uile lena mbaineann.

Is é is aidhm do bhearta sriantacha brú a chur ar an gCóiré Thuaidh deireadh a chur lena gníomhaíochtaí díchobhsaithe agus a hoibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

Cad iad na smachtbhannaí?

Ní hamháin go ndéanann an tAontas na smachtbhannaí a fhorchuireann na Náisiúin Aontaithe a thrasuí ach tá a chóras smachtbhannaí féin aige i gcoinne na Cóiré Thuaidh, lena ndéantar smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a chomhlánú agus a threisiú.

Tá córas smachtbhannaí an Aontais i leith DPDC ar cheann de na córais is sriantaí dá bhfuil i bhfeidhm.

Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe

Tugadh isteach an chéad sraith de bhearta sriantacha tar éis Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a glacadh go gairid tar éis an chéad tástáil núicléach a rinne DPDC an 9 Deireadh Fómhair 2006. Tá bearta nua glactha arís agus arís eile ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus tá síneadh curtha aici leis na bearta atá ann cheana ó shin i leith.

Iarrtar sna rúin ó na Náisiúin Aontaithe freisin ar an gCóiré Thuaidh dul isteach arís sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT), a ndeachaigh sí isteach ann in 1985 ach ar tharraing sí siar as in 2003.

Cuireann an tAontas smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe chun feidhme trí reachtaíocht an Aontais a ghlacadh.

Smachtbhannaí an Aontais

In 2016, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh bearta sriantacha breise uathrialacha i gcoinne DPDC, lena gcomhlánaítear smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe, ar an bhforas gur bagairt thromchúiseach iad gníomhaíochtaí DPDC ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta sa réigiún agus níos faide i gcéin.

Áirítear ar smachtbhannaí an Aontais i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré toirmisc taistil ar dhaoine aonair, reo sócmhainní i gcás daoine aonair agus eintitis agus toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do na daoine nó na heintitis atá ar an liosta.

Cumhdaítear leis na smachtbhannaí freisin trádáil, earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cabhrú le clár arm DPDC:

  • toirmisc ar onnmhairiú agus ar allmhairiú (airm, miotail lómhara, héileacaptair agus soithí nua, mar shampla)
  • srianta maidir le tacaíocht airgeadais don trádáil
  • srianta infheistíochta
  • toirmeasc ar chúnamh airgeadais
  • cigireachtaí éigeantacha ar gach lasta a théann chuig DPDC nó a thagann uaithi ar tír, ar muir nó san aer
  • comhar eolaíoch agus teicniúil a chur ar fionraí
  • srianta ar ligean isteach agus ar chónaí

I measc na ndaoine agus na n-eintiteas ar cuireadh smachtbhannaí orthu tá:

  • daoine a raibh poist cheannaireachta acu in institiúidí a bhfuil baint acu le cláir arm neamhdhleathach a fhorbairt
  • daoine atá freagrach as tacú leis na cláir aindleathacha nó iad a chur chun cinn
  • daoine aonair agus eintitis a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí imghabhála smachtbhannaí a d’fhéadfadh cistí a ghiniúint do na cláir neamhdhleathacha

Tacaíocht mhíleata na Cóiré Thuaidh don Rúis

Tathantaíonn an tAontas Eorpach ar Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus ar an Rúis gan aon trealamh míleata, teicneolaíocht diúracáin ná armlóin a mhalartú agus cloí leis na rúin leantacha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ina gcuirtear toirmeasc neamhbhalbh ar onnmhairiú agus ar allmhairiú arm a bhfuil baint ag DPDC leo.

Cáineann an tAontas aon tacaíocht mhíleata a thugann DPDC do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Sa chomhthéacs sin, áirítear ar bhearta an Aontais mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin smachtbhannaí i gcoinne na ndaoine seo a leanas:

  • daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le soláthar armála DPDC don Rúis
  • Aire Cosanta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, Kang Sun-nam

Féach freisin

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

Na cineálacha smachtbhannaí a ghlacann an tAontas

Na cineálacha smachtbhannaí a ghlacann an tAontas

Deilbhíní de na trí institiúid de chuid an Aontais a bhfuil baint acu leis an bpróiseas chun smachtbhannaí a ghlacadh: an Coimisiún, an Chomhairle agus an Pharlaimint.
An chaoi a nglacann an tAontas smachtbhannaí agus a ndéanann sé athbhreithniú orthu

An chaoi a nglacann an tAontas smachtbhannaí agus a ndéanann sé athbhreithniú orthu

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Nollaig 2024