Skip to content

An gnáthnós imeachta reachtach

Is i gcomhpháirt a ghlacann Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa an chuid is mó de dhlíthe an Aontais. An gnáthnós imeachta reachtach a thugtar ar an bpróiseas sin.

Cad é an gnáthnós imeachta reachtach?

Is é an gnáthnós imeachta reachtach an nós imeachta is coitianta a úsáidtear ar leibhéal an Aontais chun reachtaíocht a ghlacadh. Baineann sé leis an gcuid is mó de réimsí beartais an Aontais.

Faoin nós imeachta sin, déanfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa dlíthe an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh go comhpháirteach. Is comhreachtóirí iad.

Conas is féidir dlí Aontais a dhéanamh de thograí?

An gnáthnós imeachta reachtach – céim ar chéim

  1. 1

    Togra

    Molfaidh an Coimisiún Eorpach dlí nua de chuid an Aontais don Chomhairle agus don Pharlaimint.

  2. 2

    Scrúdú (léamh)

    Scrúdóidh an Chomhairle agus an Pharlaimint an togra agus féadfaidh siad é a leasú. Léamh a thugtar ar an scrúdú sin. D’fhéadfadh suas le trí léamh a bheith i gceist leis an nós imeachta.

  3. 3

    Glacadh

    Glactar an dlí má thagann an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú maidir leis an téacs céanna i gceachtar den trí léamh sin. Mura dtagann siad ar chomhaontú, ní ghlactar an dlí.

Is ag céim an chéad léamh nó ag céim an dara léamh a ghlactar níos mó ná 85% de na dlíthe faoin ngnáthnós imeachta reachtach.

Togra reachtach

Is é an Coimisiún Eorpach atá freagrach as dlíthe nua de chuid an Aontais a mholadh. Tugtar an ceart tionscnaimh air sin. Is bunaithe ar na tosaíochtaí polaitiúla arna gcomhaontú ag an gComhairle Eorpach agus a leagtar amach i gclár oibre an Choimisiúin a bheidh obair an Choimisiúin.

Seolfaidh an Coimisiún an togra reachtach chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa.

Ag an am céanna, cuirfidh sé an togra ar aghaidh chuig na parlaimintí náisiúnta lena athbhreithniú. I gcás inarb iomchuí, seolfar an togra freisin chuig institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, ar nós Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún, chun a dtuairimí siúd a fháil.

An féidir leis an gComhairle tograí reachtacha a dhéanamh?

Cé gur ar a thionscnamh féin a dhréachtóidh an Coimisiún tograí reachtacha de ghnáth, féadfaidh an Chomhairle, an Pharlaimint nó saoránaigh de chuid an Aontais (trí thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh) a iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh freisin. Cinnfidh an Coimisiún ansin cé acu an ngníomhóidh sé nó nach ngníomhóidh sé, agus, ní mór dó an cinneadh sin a mhíniú.

Déantar roinnt eisceachtaí ar cheart tionscnaimh an Choimisiúin. Mar shampla, i réimsí áirithe den chomhar breithiúnach, féadfaidh Ballstáit togra reachtach a thíolacadh má thacaíonn, ar a laghad, an ceathrú cuid de na Ballstáit ar fad leis.

An togra a scrúdú

Tar éis dóibh an togra a fháil, déanfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint mionscrúdú air.

Sa Chomhairle, beidh dhá chomhlacht ullmhúcháin rannpháirteach sa léamh:

  1. Pléifidh meitheal saineolaithe náisiúnta gnéithe teicniúla an togra
  2. Tabharfaidh Coreper (coiste na mbuanionadaithe) ar a bhfuil ambasadóirí na mBallstát chuig an Aontas aghaidh ar shaincheisteanna níos íogaire nó níos polaitiúla

Sna comhlachtaí ullmhúcháin, oibreoidh an Chomhairle chun teacht ar chomhaontú – a chomhaontófar idir na Ballstáit ar fad – faoi chomhsheasamh maidir leis an togra.

Ullmhóidh Parlaimint na hEorpa a seasamh trí phlé a dhéanamh sna coistí ábhartha aici. féin.

An chéad léamh

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh – glacfaidh sí leis an togra nó leasóidh sí é.

Scrúdóidh an Chomhairle an seasamh ón bParlaimint agus féadfaidh sí:

  • é a fhormheas, rud a chiallaíonn go nglactar an gníomh
  • leasuithe a mholadh, rud a chiallóidh go bhfillfidh an téacs leasaithe ar an bParlaimint don dara léamh

Teorainn ama: níl aon teorainn ama leis an gcéad léamh.

Féadfaidh an Chomhairle cur chuige ginearálta a ghlacadh freisin ina leagtar amach a seasamh polaitiúil, rud a chuireann ar chumas na Parlaiminte léargas ginearálta a fháil ar a bhfuil á phlé sa Chomhairle agus a chuideoidh leis an gcaibidlíocht a chur chun cinn. De ghnáth, tarlóidh an chéim sin sula nglafaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh. Ní thagann an cur chuige ginearálta in ionad an tseasaimh fhoirmiúil ón gComhairle ar an gcéad léamh, áfach.

Is féidir teacht ar dhoiciméid maidir le cur chuige ginearálta, ach iad a bheith curtha ar fáil don phobal, i gclár oifigiúil doiciméad na Comhairle.

An dara léamh

Mura dtagann siad ar chomhaontú ar an gcéad léamh, leanfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle d’athbhreithniú a dhéanamh ar sheasaimh a chéile.

Ar dtús, scrúdóidh an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh agus féadfaidh sí:

  • é a fhormheas: glactar an dlí
  • é a dhiúltú: ní ghlactar an dlí agus tagann deireadh leis an nós imeachta
  • leasuithe a mholadh: fillfidh an téacs leasaithe ar an gComhairle

Scrúdóidh an Chomhairle na leasuithe ón bParlaimint agus féadfaidh sí:

  • na leasuithe ar fad a fhormheas: glactar an dlí
  • gan na leasuithe ar fad a fhormheas: tionóltar Coiste Idir-réitigh

Teorainn ama: 3 mhí le haghaidh gach institiúide, ar féidir síneadh mí amháin eile a chur leis.

Comhréitigh a chaibidil trí chruinnithe tríthaobhacha

Ag céim ar bith, le linn an nós imeachta, féadfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint cruinnithe neamhfhoirmiúla a thionól, ar a dtugtar na cruinnithe tríthaobhacha, chun iarracht a dhéanamh an dá sheasamh a thabhairt níos gaire dá chéile.

Bíonn ionadaithe ón gComhairle, ón bParlaimint agus ón gCoimisiún páirteach sna cruinnithe tríthaobhacha. D’fhéadfadh idir phlé teicniúil idir saineolaithe agus chaibidlíocht pholaitiúil idir ambasadóirí nó airí agus feisirí de Pharlaimint na hEorpa a bheith i gceist leo. I gcás na Comhairle, is iad ionadaithe na tíre a bhfuil uachtaránacht rothlach na Comhairle aici a stiúrfaidh an chaibidlíocht.

Ní mór do gach institiúid aon chomhaontú neamhfhoirmiúil a dtiocfar air i gcruinniú tríthaobhach a fhormheas go foirmiúil.

Stair an nós imeachta

Le Conradh Maastricht (1993), tugadh isteach an nós imeachta comhchinnteoireachta, inar féidir leis an gComhairle agus leis an bParlaimint dlíthe an Aontais a ghlacadh go comhpháirteach. Ar dtús, ní raibh feidhm aige ach i líon teoranta réimsí, mar shampla an margadh aonair, an inimirce, an beartas sóisialta agus an comhshaol.

Leathnaíodh an raon feidhme ansin le:

  • Conradh Amstardam (1999) agus Conradh Nice (2003), lenar leathnaíodh an nós imeachta chuig réimsí beartais breise
  • Conradh Liospóin (2009), a d’fhág gurb é an príomhnós imeachta cinnteoireachta é don chuid is mó de dhlíthe an Aontais; tugadh an gnáthnós imeachta reachtach air ina dhiaidh sin

Bunús dlí

Sainmhínítear an gnáthnós imeachta reachtach in Airteagail 289 agus 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féach freisin

Foirgnimh Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh, agus saigheada á nascadh.
Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais

Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais

An open book with text in French and English, placed next to an annotated agenda for a Brussels event dated 18 May 2022, set against a light blue geometric background with stars and abstract shapes.
Clár oifigiúil doiciméad na Comhairle

Clár oifigiúil doiciméad na Comhairle

Léaráid d’fhoirgneamh de chuid na Comhairle.
An tslí a n-eagraítear obair na Comhairle Eorpaí

An tslí a n-eagraítear obair na Comhairle Eorpaí

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Meitheamh 2026