An geilleagar ciorclach
An scéala is déanaí
An 16 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle go foirmiúil an rialachán nua maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht.
Leis na rialacha, tiocfaidh laghdú suntasach ar ghiniúint na dramhaíola ó phacáistíocht trí spriocanna ceangailteacha a leagan síos don athúsáid, trí shrian a chur le cineálacha áirithe pacáistíochta aon úsáide agus trí cheangal a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha an phacáistíocht a úsáidtear a íoslaghdú. Cumhdaíonn an rialachán saolré iomlán na pacáistíochta.
Pacáistíocht
Plean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach
I mí an Mhárta 2020, thíolaic an Coimisiún plean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach ina raibh breis agus 30 pointe gníomhaíochta maidir leis an méid seo a leanas:
- forbairt táirgí inbhuanaithe agus ciorclaíocht a chinntiú i bpróisis táirgthe
- tomhaltóirí a chumhachtú
- díriú ar phríomhearnálacha
- an dramhaíl a laghdú
Táirgí inbhuanaithe a dhearadh
Tá sé d’aidhm ag roinnt beart a chinntiú go mbeidh táirgí níos buanfasaí agus níos indeisithe, agus go mbeidh sé de chumhacht ag tomhaltóirí roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh.
Éicidhearthóireacht
Ó 2009 i leith, tá ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh leagtha síos sa Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht a chumhdaíonn grúpaí táirgí éagsúla (e.g. ríomhairí, cuisneoirí, caidéil uisce).
An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle ceanglais éicidhearthóireachta nua le haghaidh táirgí inbhuanaithe.
Féachann na rialacha nua leis an méid a leanas a dhéanamh:
- ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil le haghaidh beagnach gach cineál earra a chuirtear ar mhargadh an Aontais a leagan síos
- pas táirge digiteach a bhunú ina mbeidh faisnéis faoi inbhuanaitheacht comhshaoil an táirge
- toirmeasc a chur ar earraí tomhaltais áirithe nár díoladh a scriosadh (teicstílí agus coisbheart)
‘An ceart chun deisiúcháin’
Is mian leis an Aontas a chinntiú go mbeidh tomhaltóirí in ann deisiú a lorg seachas táirge a athsholáthar nuair a bhristear táirge nó nuair a bhíonn sé lochtach.
An 30 Bealtaine 2024, ghlac an tAontas rialacha nua chun gníomhú in aghaidh earraí indeisithe a dhiúscairt. Is iad seo a leanas na príomhphointí:
- ceart do thomhaltóirí a iarraidh ar mhonaróirí táirgí atá indeisithe go teicniúil faoi dhlí an Aontais a dheisiú
- foirm shaor in aisce Eorpach um fhaisnéis faoin deisiúchán
- ardán deisiúcháin ar líne chun tomhaltóirí a nascadh le deisitheoirí
- síneadh 12 mhí a chur le tréimhse dhliteanais an díoltóra tar éis táirge a dheisiú
Trí dhreasachtaí a chruthú do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí fad a chur le saolré táirgí, laghdóidh an reachtaíocht nua dramhaíl agus cuirfidh sí samhlacha gnó níos inbhuanaithe chun cinn.
Ciorclaíocht sna próisis táirgthe
Is é an treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha an príomhphíosa reachtaíochta ar leibhéal an Aontais lena dtugtar aghaidh ar thruailliú tionsclaíoch.
Thug an tAontas an treoir cothrom le dáta le déanaí chun tacú le tionscail agus iad ag iarraidh uaillmhian an Aontais maidir le truailliú nialasach faoi 2050 a bhaint amach, go háirithe trí thacú le teicnící agus infheistíochtaí an gheilleagair chiorclaigh.
I mí na Samhna 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach ag cruinniú tríthaobhacha maidir leis an athbhreithniú ar an treoir. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Aibreáin 2024.
An Treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha: figiúirí tábhachtacha (Grafaic faisnéise)
Tomhaltóirí a chumhachtú
Is mian leis an Aontas cosc a chur ar chuideachtaí maímh mhíthreoracha a dhéanamh maidir le fiúntas comhshaoil a dtáirgí agus a seirbhísí.
An 20 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle treoir chun tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas.
A bhuí leis na bearta nua, déanfaidh tomhaltóirí an Aontais an méid seo a leanas:
- rochtain a fháil ar fhaisnéis iontaofa chun na roghanna glasa cearta a dhéanamh, lena n-áirítear dífheidhmeacht luath
- cosaint níos fearr a fháil ar mhaímh ghlasa éagóracha
- a bheith níos eolaí ar indeisitheacht táirgí sula gceannaítear iad
Tugtar isteach leis an treoir freisin lipéad comhchuibhithe le faisnéis faoin ráthaíocht tráchtála maidir le marthanacht a chuireann táirgeoirí ar fáil.
Maímh Ghlasa
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil leis an treoir maidir le maímh ghlasa, arb é is aidhm di critéir a shainiú maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil a dhéanann cuideachtaí chun a dtáirgí agus a seirbhísí a dhíol.
Tugann na rialacha aghaidh ar an nglas-snasú agus cuidíonn siad le tomhaltóirí cinntí níos glaise a dhéanamh agus iad ag ceannach táirge nó ag úsáid seirbhíse.
Samplaí de mhaíomhanna comhshaoil a mbeadh fianaise ag teastáil ina leith:
- ‘Bróga déanta as 50% de phlaisteach athchúrsáilte’
- ‘Soláthar atá aeráidneodrach’
- ‘Táirge cúram craicinn atá neamhdhíobhálach do bheach’
Díriú ar phríomhearnálacha
Díríonn an plean gníomhaíochta ar earnálacha sonracha a úsáideann formhór na n-acmhainní agus ina bhfuil acmhainneacht mhór ciorclaíochta.
Leictreonaic agus TFC
Tá trealamh leictreach agus leictreonach ar cheann de na sruthanna dramhaíola is mó fás san Aontas. Sin an fáth a bhfuil bearta sa phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach chun feabhas a chur ar mharthanacht agus athchúrsáil trealaimh leictrigh agus leictreonaigh.
I mí na Samhna 2022, ghlac an tAontas treoir maidir le luchtaire uilíoch, rud a fhágfaidh go mbeidh an calafort luchtaithe USB-C éigeantach do réimse gléasanna leictreonacha (fóin phóca, consóil físchluichí, méarchláir gan sreang, ríomhairí glúine).
Cuirfidh rialacha nua an Aontais ar chumas tomhaltóirí fóin phóca agus táibléid a dheisiú ar mhargadh an Aontais mar seo a leanas:
- leagtar síos sa rialachán maidir leis an éicidhearthóireacht íoscheanglais maidir le marthanacht ceallraí, infhaighteacht páirteanna spártha, agus uasghráduithe ar an gcóras oibriúcháin
- leis anrialachán maidir le lipéadú fuinnimh, tá sé éigeantach faisnéis a thaispeáint maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fad saoil ceallraí, chomh maith le scór indeisitheachta
Tá institiúidí an Aontais i mbun nuashonrú a dhéanamh ar rialacha maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach; lena gcuirtear san áireamh réimse táirgí, mar shampla, ríomhairí, cuisneoirí agus painéil fhótavoltacha. Is é is aidhm do na leasuithe an treoir maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) a chur i gcomhréir le breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach gan údar na freagrachta leathnaithe táirgeora as dramhaíl arna heascairt as painéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 13 Lúnasa 2012.
Tháinig idirbheartaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis na hathruithe atá beartaithe i mí na Samhna 2023.
Luchtaire uilíoch le haghaidh do ghléasanna leictreonacha (Grafaic faisnéise)
Ceallraí agus ceallraí dramhaíola
Is é is aidhm don rialachán geilleagar ciorclach a chruthú d’earnáil na gceallraí trí dhíriú ar gach céim de shaolré ceallraí, ó dhearadh go cóireáil dramhaíola. Tá tábhacht mhór ag baint leis an tionscnamh sin, go háirithe i bhfianaise fhorbairt ollmhór na soghluaisteachta leictrí.
A bhuí le ceanglais nua sábháilteachta, inbhuanaitheachta agus lipéadaithe, is é is aidhm do na rialacha nua a glacadh in 2023:
- geilleagar ciorclach a chur chun cinn
- feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do cheallraí a fheabhsú, iomaíocht níos cothroime a áirithiú
I dtreo slabhra soláthair ceallraí Eorpach atá inbhuanaithe agus ciorclach (Grafaic faisnéise)
Pacáistíocht
Ghlac an Chomhairle rialachán nua maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht i mí na Nollag 2024. Cuirfidh na rialacha nua le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus a phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach.
I measc na bpríomhbheart, tá:
- spriocanna maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú ar leibhéal na mBallstát
- róphacáistiú a shrianadh
- tacú le córais athúsáide agus athlíonta
- córais éarlaise agus aisíoca éigeantacha le haghaidh coimeádáin aon úsáide áirithe
Pacáistíocht
Plaistigh
Ó 2018 i leith, tá sé d’aidhm ag an straitéis Eorpach um plaistigh i ngeilleagar ciorclach feabhas a chur ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta plaistí agus tá freagairt láidir ann ar mhicreaphlaistigh.
Faoi phlean gníomhaíochta 2020 don gheilleagar ciorclach, tá an Coimisiún ag obair ar na nithe seo a leanas:
- ceanglais éigeantacha maidir le hábhar athchúrsáilte agus laghdú dramhaíola le haghaidh príomhtháirgí
- creat beartais nua um plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithmhillte agus inmhúirínithe chun a shoiléiriú cén áit ar féidir fíorbhuntáistí comhshaoil a bhaint as na plaistigh sin
- bearta chun aghaidh a thabhairt ar mhicreaphlaistigh a bheith ann a scaoiltear isteach sa chomhshaol go neamhbheartaithe, agus é mar aidhm bruscar plaisteach a laghdú
Teicstílí
Is é is aidhm do straitéis an Aontais de chuid an Choimisiúin maidir le teicstílí inbhuanaithe agus ciorclacha teicstílí a dhéanamh níos buanfasaí, níos indeisithe, níos in-athúsáidte agus níos in-athchúrsáilte faoi 2030.
I mí Iúil 2023, mhol an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- freagracht a chur ar tháirgeoirí as saolré iomlán táirgí teicstíle, trí fhreagracht leathnaithe táirgeora
- dlús a chur le hearnáil bailithe, sórtála, athúsáide agus athchúrsála ar leithligh a fhorbairt do theicstílí, ós rud é go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit bailiúcháin ar leithligh de theicstílí ó theaghlaigh a chur ar bun faoin 1 Eanáir 2025
- aghaidh a thabhairt ar easpórtálacha neamhdhleathacha dramhaíola teicstíle
I mí an Mheithimh 2024, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil le hathbhreithniú ar an treoir réime dramhaíola, lena n-áirítear maidir le bearta chun dramhaíl teicstíle a laghdú. Bheadh ar bhrandaí faisin agus ar tháirgeoirí teicstíle táillí a íoc chun cuidiú leis na costais bhailithe agus chóireála dramhaíola teicstíle a mhaoiniú. Bheadh na táillí bunaithe ar chiorclaíocht agus ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí teicstíle.
- An treoir réime dramhaíola: Tá an Chomhairle réidh le tosú ar phlé maidir leis an treoir a athbhreithniú (preaseisiúint, an 17 Meitheamh 2024)
- Straitéis an Aontais maidir le teicstílí inbhuanaithe ciorclacha (an Coimisiún Eorpach)
Táthar ag súil freisin go gcabhróidh an rialachán maidir leis an éicidhearthóireacht le haghaidh táirgí Inbhuanaithe agus an rialachán maidir le loingsithe dramhaíola le ceanglais inbhuanaitheachta a leagan síos do tháirgí teicstíle agus srian a chur ar onnmhairiú dramhaíola teicstíle.
Foirgníocht agus foirgnimh
Tá foirgnimh freagrach as an méid seo a leanas:
I mí na Samhna 2024, ghlac an Chomhairle an t-athbhreithniú ar an rialachán maidir le táirgí foirgníochta a mhol an Coimisiún.
Leagadh síos leis na rialacha nua ceanglais chun a chinntiú gur buaine dearadh agus táirgeadh na dtáirgí sin agus gur éasca iad a dheisiú, a athchúrsáil agus chun gur éasca iad a athmhonarú.
Beidh ar mhonaróirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- faisnéis chomhshaoil a sholáthar faoi shaolré táirgí
- táirgí a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach a éascaíonn athúsáid, athmhonarú agus athchúrsáil
- tosaíocht a thabhairt d’ábhair in-athchúrsáilte
- treoracha a chur ar fáil maidir le conas táirgí a úsáid agus a dheisiú
An dramhaíl a laghdú
Tá an tAontas ag obair ar shraith beart chun dlíthe dramhaíola an Aontais a neartú agus a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.
Spriocanna laghdaithe dramhaíola
Sa treoir réime dramhaíola, atá i bhfeidhm ó mhí Iúil 2020, leagtar amach rialacha do na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola cathrach a mhéadú 55 % faoi 2025
- bailiúcháin ar leithligh de theicstílí agus de dhramhaíl ghuaiseach a bhunú ó theaghlaigh faoin 1 Eanáir 2025
- a áirithiú go mbaileofar bithdhramhaíl ar leithligh nó go ndéanfar athchúrsáil uirthi ag an bhfoinse faoin 31 Nollaig 2023
- spriocanna athchúrsála ábhar-shonracha a bhaint amach faoi 2025 agus 2030 le haghaidh pacáistíochta
I mí an Mheithimh 2024, ghlac an Chomhairle a seasamh (‘cur chuige ginearálta’) maidir leis an athbhreithniú spriocdhírithe ar an treoir réime dramhaíola, agus béim á leagan ar dhramhaíl bia agus teicstíle.
Maidir le bia, bheadh ar thíortha an Aontais cur amú bia a laghdú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Maidir le dramhaíl teicstíle, neartódh na rialacha nua scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora trí iarraidh ar chuideachtaí san earnáil teicstíle táillí a íoc as bailiú agus bainistiú dramhaíola.
Ina theannta sin, tháinig rialacha nua de chuid an Aontais i bhfeidhm an 26 Meitheamh 2023 chun athúsáid uisce a spreagadh agus a éascú san Aontas.
Tá nuashonrú á dhéanamh ag an Aontas ar na rialacha maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh. Is é sprioc an athbhreithnithe raon feidhme na treorach atá ann cheana a leathnú agus í a ailíniú le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Príomhchuspóirí an athbhreithnithe:
- rialacha a leathnú chuig bailte beaga
- oibríochtaí cóireála a fheabhsú a thuilleadh
- astaíochtaí gás ceaptha teasa na hearnála a laghdú
- beidh ar thruaillitheoirí íoc
- cuidiú le faireachán a dhéanamh ar phaindéimí agus cosc a chur orthu
- an sláintíocht a fheabhsú, go háirithe do na daoine is leochailí
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir leis na rialacha nuashonraithe i mí Eanáir 2024. Ní mór don dá institiúid an comhaontú a ghlacadh go foirmiúil sula ndéanfar dlí de chuid an Aontais de.
Timpeallacht saor ó thocsainí
Ó 2020 i leith, tá sé d’aidhm ag straitéis ceimiceán an Aontais don inbhuanaitheacht cabhrú lena chinntiú go mbeidh ceimiceáin sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol araon.
An 24 Deireadh Fómhair 2022, faoin bplean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach, ghlac an tAontas athbhreithniú ar an rialachán maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (PoPanna), ceimiceáin dhíobhálacha a d’fhéadfaí a aimsiú i ndramhaíl ó tháirgí tomhaltais (e.g. teicstílí uiscedhíonacha, plaistigh, agus trealamh leictreonach).
Is é is aidhm do na rialacha nua ar theorainnluachanna tiúchana a laghdú le haghaidh láithreacht PoPanna i ndramhaíl, rud atá ríthábhachtach don gheilleagar ciorclach, ina n-úsáidfear níos mó dramhaíola mar amhábhar tánaisteach.
I mí Dheireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle rialachán maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú ceimiceán.
Áirítear ar na bearta ceanglais shonracha maidir le táirgí ceimiceacha in-athlíonta a chuideoidh le dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú.
Straitéis ceimiceán an Aontais ar mhaithe le timpeallacht atá níos inbhuanaithe agus saor ó thocsainí (Grafaic faisnéise)
Amhábhair thánaisteacha
Is mian leis an Aontas margadh dea-fheidhmiúil a chruthú d’amhábhair thánaisteacha.
I mí an Mhárta 2024, ghlac an Chomhairle an gníomh um amhábhair chriticiúla, arb é is aidhm dó gach céim de shlabhra luacha amhábhar criticiúil na hEorpa a neartú, lena n-áirítear trí chiorclaíocht agus athchúrsáil a fheabhsú.
Leagtar síos, leis na rialacha nua, cuspóir maidir le hathchúrsáil intíre25% ar a laghad de thomhaltas bliantúil amhábhar criticiúil an Aontais.
An gníomh um amhábhair chriticiúla (Grafaic faisnéise)
Loingsithe dramhaíola
Tá an tAontas tar éis na rialacha a thabhairt cothrom le dáta le déanaí chun rialáil níos fearr a dhéanamh ar thrádáil dramhaíola laistigh den Aontas, chun:
- a chinntiú nach ndéanfaidh onnmhairí dramhaíola dochar don chomhshaol ná do shláinte an duine
- aghaidh a thabhairt ar loingsithe neamhdhleathacha
Is é is aidhm don athbhreithniú ar na rialacha líon na loingsithe dramhaíola achrannaí lasmuigh den Aontas a laghdú, na nósanna imeachta maidir le loingsiú a nuashonrú le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh a léiriú agus an forfheidhmiú a fheabhsú. Cuireann sé úsáid dramhaíola chun cinn mar acmhainn laistigh den Aontas.
Tháinig idirbheartaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach chun an rialachán maidir le loingsithe dramhaíola a nuashonrú i mí na Samhna 2023. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua go foirmiúil i mí Márta 2024.