An Seimeastar Eorpach in 2020
-
1 Eanáir
Ar an leathanach seo, tá amlíne na n-imeachtaí mar aon leis na doiciméid a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach in 2020 agus iad in ord cróineolaíoch tuathail.
-
2020
1 IúilMoltaí tírshonracha i leith na mBallstát formheasta ag an gComhairle
Ar an 19 Meitheamh 2020, d’fhormheas an Chomhairle dréachtmholtaí agus tuairimí maidir le beartais eacnamaíocha agus beartais fhioscacha na mBallstát do 2020.
-
2020
9 MeitheamhMoltaí tírshonracha á bplé ag na hairí airgeadais
Phléigh na hairí airgeadais na hullmhúcháin atá á ndéanamh do na moltaí tírshonracha le haghaidh Sheimeastar Eorpach na bliana seo.
Chuir an Coimisiún Eorpach na dréachtmholtaí i láthair an 20 Bealtaine. Sna moltaí sin, tá treoir bheartais atá saincheaptha do gach Ballstát san Aontas faoin gcaoi le borradh a chur faoin bhfostaíocht agus faoin bhfás, agus airgeadas poiblí stuama a choinneáil ag an am céanna.
I bhfianaise an mheatha ollmhóir atá tagtha ar an ngeilleagar mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus i bhfianaise chur i ngníomh na mbeart solúbthachta sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis i mí an Mhárta 2020, dírítear ar chúig réimse leathana tosaíochta i moltaí na bliana seo:
- infheistíocht i gcórais cúraim sláinte
- caomhnú na fostaíochta agus aghaidh a thabhairt ar thionchar sóisialta na géarchéime
- taighde agus forbairt
- forálacha leachtachta agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais a chinntiú
- an margadh aonair agus cúrsaíocht earraí agus seirbhísí a chaomhnú
Glacfaidh an Chomhairle na moltaí go foirmiúil tar éis don Chomhairle Eorpach iad a fhormhuiniú.
-
2020
19 BealtaineConclúidí ón gComhairle maidir le tuarascálacha tíre 2020 agus maidir le cur chun feidhme mholtaí 2019
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tuarascálacha tíre Sheimeastar Eorpach 2020 agus maidir le cur chun feidhme mholtaí tírshonracha 2019.
Is léiriú iad na conclúidí ar na himthosca eisceachtúla a ghabhann leis na hiarmhairtí eacnamaíocha a tháinig as paindéim COVID-19.
Cuireann an Chomhairle i dtreis gur den mhór-riachtanas, i dteannta na mbeart sin atá á ndéanamh a chéaduair chun an líon daoine a gheobhaidh bás a íoslaghdú agus an díobháil eacnamaíoch a laghdú, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus leochaileachtaí struchtúrtha chun an téarnamh as an ngéarchéim a iompar. Tá eochair-ról ag na hiarrachtaí athchóiriúcháin agus ag an infheistíocht ardchaighdeáin sa mhéid sin, go háirithe ó thaobh an athléimneacht eacnamaíoch a neartú agus an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, digiteáilte, carbón-neodrach a éascú, agus freagairt ar na dúshláin a ghabhann le haosú an daonra. Is creat é an Seimeastar Eorpach chun leanúint den chomhordú ar an mbeartas eacnamaíoch san Aontas agus chun na dúshláin nua sin atá ag teacht chun cinn a aithint. Conclúidí ón gComhairle, an 19 Bealtaine 2020 -
2020
16 AibreánCOVID 19: na hairí tagtha ar chomhaontú faoi shimpliú na gceanglas maidir le faisnéis do 2020
Tháinig na hairí ar chomhaontú faoi shimpliú na gceanglas maidir le faisnéis do thimthriall na bliana seo den Seimeastar Eorpach.
I bhfianaise an mhéid éiginnteachta atá ann mar thoradh ar dhrochiarmhairt shocheacnamaíoch phaindéim COVID-19, tá próiseas simplithe curtha chun cinn ag an gCoimisiún do chleachtadh Sheimeastar Eorpach na bliana seo. Tá sé mar aidhm leis sin príomh-gharspriocanna an tSeimeastair Eorpaigh a chaomhnú, agus na saolta dúshlánacha atá roimh na Ballstáit á gcur san áireamh.
Go háirithe, bheadh cur chuige cuíchóirithe ann chun go bhféadfadh na Ballstáit cláir náisiúnta um athchóiriú agus um chobhsaíocht nó um chóineasú (NRPanna agus SCPanna) a thíolacadh. Tá an Coimisiún ag súil go dtíolacfaidh sé réamhaisnéis an earraigh, chomh maith le dréachtmholtaí tírshonracha go luath i mí na Bealtaine 2020.
-
2020
5 MártaAn Seimeastar Eorpach a Ghlasú
Phléigh airí comhshaoil an Aontais gné chomhshaoil an tSeimeastair Eorpaigh. Is deis é an Seimeastar le hábhair imní comhshaoil a chomhtháthú i mbeartais eacnamaíocha agus infheistíochta níos leithne. Is as na Conarthaí a eascraíonn an oibleagáid beartais comhshaoil a phríomhshruthú; is freagairt é ar an ngá síormhéadaitheach sochaí inbhuanaithe a bhaint amach.
-
2020
27 FeabhraTuarascáil ar fheidhmíocht an mhargaidh aonair pléite ag an gComhairle
Ar bhonn nóta ón Uachtaránacht, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le torthaí na tuarascála ar fheidhmíocht an mhargaidh aonair.
Bhí na hairí ar aon fhocal ar an mórgóir faoin ngá le cur chuige iomlánaíoch maidir le comhtháthú an mhargaidh aonair, agus díriú, ag an am céanna, ar réimsí sonracha a bhfuil acmhainneacht gan saothrú fós iontu, mar shampla, seirbhísí.
-
2020
20 FeabhraRún ón gComhairle maidir le hoideachas agus oiliúint sa Seimeastar Eorpach
Ghlac na h-airí oideachais rún darb aidhm deimhin a dhéanamh de go bpléifear ar bhealach feasach athchóirithe agus infheistíocht san oideachas agus san oiliúint. Iarrtar sa rún go mbeidh rannpháirtíocht iomchuí ag na h-airí oideachais sa Seimeastar Eorpach agus saincheisteanna a bhaineann leis an oideachas agus leis an oiliúint á bplé.
-
2020
18 FeabhraMoladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro
D'fhormheas an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadais moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro don bhliain 2020. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach an moladh go foirmiúil ag an gcruinniú a bheidh aici i mí an Mhárta.
-
2019
18 NollaigDoiciméid maidir le Seimeastar Eorpach 2020 faighte ag an gComhairle
Pacáiste doiciméad an Fhómhair ón gCoimisiún Eorpach maidir le Seimeastar Eorpach 2020 faighte ag an gComhairle.
Le pacáiste an Fhómhair, cuirtear tús le comhordú thimthriall bliantúil an rialachais eacnamaíoch. Leagtar amach ann na tosaíochtaí ginearálta eacnamaíocha don Aontas agus tugtar treoir bheartais do na Ballstáit don bhliain dár gcionn.
-
2019
28 SamhainTreochlár don Seimeastar Eorpach 2020
D'fhoilsigh Uachtaránacht na Fionlainne agus Uachtaránacht inteachta na Cróite treochlár ina leagtar amach na mórchéimeanna den Seimeastar Eorpach 2020.