- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 30 Meitheamh 2015 16:30
Córais nua formheasa maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht iarnróid: Cead tugtha ag Coreper
An 30 Meitheamh 2015, dhearbhaigh an Chomhairle comhaontú a sroicheadh le Parlaimint na hEorpa le haghaidh údarú feithiclí níos tapúla agus níos simplí chomh maith le nósanna imeachta deimhnithe sábháilteachta d'iarnróid na hEorpa. Beidh ról lárnach ag an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA) maidir leis sin. Na treoracha nuashonraithe sin maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht agus Rialachán ERA, is iad sin le chéile colún teicniúil an ceathrú pacáiste iarnróid.
“Bhí an socrú maidir leis an gcolún teicniúil a chur i gcrích i réimse an iompair ar an tosaíocht is mó ag Uachtaránacht na Laitvia, agus, in éineacht leis na páirtithe uile lena mbaineann, tá sé curtha i gcrích againn”, a dúirt Anrijs Matīss, Aire Iompair na Laitvia. “Leis an athchóiriú, freagraítear d'iarrataí ó earnáil iarnróid na hEorpa, a bhfuil ról suntasach i ngeilleagar an Aontais aici, agus cuidíonn sí freisin chun an t-iompar a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Faoin gcomhaontú sin, laghdófar ar chostais agus ar mhaorlathas agus sa gcaoi sin cabhrófar le hearnáil atá i ngleic le hiomaíocht fhorbarthach idirnáisiúnta faoi láthair. Ba cheart go rannchuideodh córas éifeachtach le poist agus le fás a chruthú san Eoraip freisin.”
Ról breisithe don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid
Dlífear ról níos mó freisin don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid i dtaca le deimhniú sábháilteachta na n-oibreoirí iarnróid agus údarú feithiclí iarnróid. Go nuige seo, i gcás inar theastaigh ó mhonaróir rothra feithicil nua a chur ar an margadh i roinnt tíortha den Aontas, bhí air iarratais ar leithligh a thaisceadh le húdaráis gach tíre acu faoi seach. Is é an dála céanna ag oibreoirí iarnróid é ar mian leo seirbhísí a chur ar fáil i mBallstáit éagsúla, óir is gá dhóibh teastas a bheith acu chun a chruthú go bhfuil a gcóras bainistithe sábháilteachta ar deil agus gur féidir dóibh oibriú go sábháilte.
Ní bheidh gá a thuilleadh le hiarratais iolracha faoi na rialacha nua. Eiseoidh ERA na húdarúcháin uile d’fheithiclí atá ceaptha d'oibríochtaí trasteorann chomh maith le gach deimhniú sábháilteachta do chuideachtaí iarnróid a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann. Beidh ról tábhachtach fós ag na húdaráis sábháilteachta náisiúnta maidir leis na measúnuithe is gá a dhéanamh.
I gcás feithiclí agus oibreoirí a bhaineann le hiompar náisiúnta amháin, féadfaidh an t-iarratasóir a roghnú cé acu an í an Ghníomhaireacht nó an t-údarás náisiúnta a phróiseálfaidh an t-iarratas agus a eiseoidh an t-údarú.
Beidh ról níos mó freisin ag ERA i dtaca le forbairt an Chórais Eorpaigh maidir le Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS). Déanfaidh sé measúnú ar na réitigh theicniúla atá beartaithe sula ndéanfar aon iarratas ar thairiscintí a bhaineann le trealamh ERTMS taobh riain a eisiúint, chun a áirithiú gur tionscadail idir-inoibritheacha iad na cinn a fhorbrófar.
Glacfaidh ERA a cúraimí maidir le deimhniú agus údarú taobh istigh de thrí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh bliain amháin sa bhreis ag na Ballstáit chun leanúint ar aghaidh leis an gcóras atá ann faoi láthair má mheasann siad gur gá é. Sa chás sin, caithfidh siad a gcinneadh a chur in iúl don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún agus údar cuí a thabhairt leis.
Nósanna imeachta simplí, comhsheasmhacha
D'fhonn go mbeidh na nósanna imeachta simplí agus trédhearcach, bunóidh ERA córas faisnéise agus cumarsáide a ghníomhóidh mar phointe iontrála aonair do gach iarratas. I gcásanna ina bhfuil an réimse oibríochta teoranta do Bhallstát amháin, úsáidfidh an t-iarratasóir an córas chun an t-údarás a theastaíonn uaidh a roghnú le haghaidh an t-iarratas a phróiseáil.
Leis an “ionaid ilfhreastail” sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis sábháilteachta náisiúnta cur i bhfeidhm na gcéimeanna éagsúla a leanúint le linn an nós imeachta. Tabharfaidh ERA agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta comhaontuithe comhair i gcrích freisin. Leis an ionad ilfhreastail agus na comhaontuithe comhair cinnteofar go mbeidh dáileadh soiléir ar na cúraimí idir ERA agus na húdaráis náisiúnta. Áireofar comhsheasmhacht leo freisin i gcás iarratais éagsúla ar údaruithe nó ar dheimhnithe comhchosúla. Tá sé i gceist go mbeidh córas an ionaid ilfhreastail i bhfeidhm laistigh de thrí bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin.
Faoi thuairim Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid
Leis an gcóras údaraithe agus deimhniúcháin níos láraithe sin tagann an Eoraip níos gaire do Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid. Táthar ag súil go méadóidh sé ar bharainneachtaí scála do ghnóthais iarnróid agus do mhonaróirí ar fud an Aontais. Laghdóidh sé costais riaracháin agus luathóidh sé le nósanna imeachta, agus ag an am céanna coimeádfar an leibhéal ard sábháilteachta atá ann faoi láthair. Cuideoidh sé freisin le haon idirdhealú ceilte a sheachaint, go háirithe i gcoinne cuideachtaí nua ar mian leo teacht isteach i margadh iarnróid.
De bharr an Rialacháin nua, freisin, tiocfaidh laghdú suntasach ar na rialacha náisiúnta i réimsí ina bhfuil rialú comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais á thabhairt isteach.
Bunaítear creat comhordúcháin freisin leis an gcolún teicniúil le haghaidh comhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe agus an leibhéal ard neamhspleáchais atá acu á gcaomhnú. Tá eilimintí nua den "cultúr cóir" tugtha isteach: mar shampla cuirtear de chúram ar an gCoimisiún an cur chuige sin a anailísiú i dtaca le tograí a bheidh ann amach anseo.
Tá bearta eile den phacáiste iarnróid fós á bplé
Áirítear sa cheathrú pacáiste iarnróid freisin colún margaidh, agus tograí ann chun seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí a léirscaoileadh agus an rialú a dhéantar ar bhainisteoirí bonneagair a threisiú. Tá mar aidhm ag Uachtaránacht nua Lucsamburg cur chuige ginearálta a réalú maidir leis an dá thogra eile atá fágtha, i mí Dheireadh Fómhair. Glacadh cheana féin, i mí na Nollag 2014, le cur chuige ginearálta i leith an togra maidir le cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú.
Teagmhálaithe preasa
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024