Tograí teicniúla
Sracfhéachaint
Le 'colún teicniúil' an 4ú pacáiste iarnróid, déantar nuashonrú ar thrí phíosa thábhachtacha den reachtaíocht atá ann faoi láthair. Leis na hathruithe, féachtar leis na costais riaracháin a laghdú i gcás oibreoirí iarnróid agus féachtar lena dhéanamh níos éasca d'oibreoirí nua dul isteach sa mhargadh iarnróid. Baineann ceann de na príomhathruithe leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA). Faoi láthair, tá ról tábhachtach aici maidir le hidir-inoibritheacht a chur chun cinn agus maidir le caighdeáin theicniúla a chomhchuibhiú do mhargadh an Aontais ina iomláine. Tá rialacha náisiúnta teicniúla agus sábháilteachta ann i gcónaí, áfach, i dteannta na rialacha de chuid an Aontais a dhréachtaigh an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid, rud a chruthaíonn castacht gan ghá d'oibreoirí iarnróid. Leis na hathruithe sin atá á mbeartú, is í an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid amháin a bheadh freagrach as údaruithe feithiclí agus teastais sábháilteachta a eisiúint ar fud an Aontais Eorpaigh.
In éineacht leis na hathruithe a tháinig ar fhreagrachtaí na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid, tá nuashonruithe sa 4ú pacáiste iarnróid ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht iarnróid. Dírítear leis na hathruithe sin ar bhacainní a bhaint, ar bacainní riaracháin agus teicniúla iad atá fós ann maidir le Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chruthú.
Na mionsonraí
1. Togra maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid - 2013/0014 (COD)
Faoi láthair féadfaidh na nósanna imeachta údaraithe d'fheithiclí nua iarnróid suas le dhá bhliain a ghlacadh agus féadfaidh costas suas le €6 mhilliún a bheith ag gabháil leo. Caithfidh oibreoirí iarnróid an t-údarás náisiúnta sábháilteacht a íoc freisin as an gcostas a ghabhann leis an bpróiseas formheasa.
Mar sin, bíonn sé níos deacra ar oibreoirí nua agus ar nuamhonaróirí feithiclí dul isteach sa mhargadh.
Tá an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid freagrach faoi láthair as sonraíochtaí teicniúla an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht (TSIanna) a dhréachtú agus as modhanna sábháilteachta agus spriocanna do shábháilteacht iarnróid a mholadh. Cé go bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe ann, áfach, is iad na Ballstáit i gcónaí a eisíonn údaruithe iarnróid agus teastais sábháilteachta.
Faoi na hathruithe a bheartaítear, bheadh an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid iomlán freagrach as údaruithe a eisiúint d'fheithiclí iarnróid, as teastais sábháilteachta a eisiúint d'oibreoirí iarnróid agus as údaruithe a eisiúint do chórais taobh riain um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht. Bheadh cúraimí nua uirthi freisin, lena n-áiritear:
- faireachán a dhéanamh ar na rialacha náisiúnta iarnróid agus ar fheidhmíocht na n-údarás náisiúnta sna réimsí lena mbaineann idir-inoibritheacht agus sábháilteacht iarnróid
- tacaíocht theicniúil neamhspleách agus oibiachtúil a chur ar fáil, don Choimisiún Eorpach den chuid is mó
- ról níos láidre maidir le forbairt chomhleanúnach agus úsáid mhear feidhmchlár teileamaitice a áirithiú
- ról níos tábhachtaí maidir le forbairt chomhleanúnach an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a áirithiú
Áirítear feabhsuithe ar struchtúr rialachais na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid agus ar mhodhanna oibríochtúla inmheánacha ar an togra freisin.
2. Togra maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid san Aontas Eorpach - 2013/0015 (COD)
Tugadh an treoir atá ann faoi láthair (2008/57) isteach le caighdeánú teicniúil na líonraí iarnróid agus idir-inoibritheacht a áirithiú - tosca lárnach maidir le líonraí iarnróid tras-Eorpach a fhorbairt agus a bhunú. Bunaítear cur chuige coiteann maidir leis na rialacha idir-inoibritheachta leis na hathruithe a bheartaítear, lena méadófaí na barainneachtaí scála d'oibreoirí iarnróid. Chuirfí dlús leis na nósanna imeachta riaracháin freisin leis na hathruithe agus laghdófaí ar an gcaoi sin na costais riaracháin. Thabharfaí Treoir 2008 i gcomhréir le gnéithe eile den 4ú pacáiste iarnróid leis an athbhreithniú freisin, go háirithe leis an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar ról na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid.
Go háirithe, áirítear ar an togra foráil nua sna caighdeáin theicniúla don idir-oibritheacht (TSIanna) leis na fochórais atá ann cheana a chumhdach. Leis sin freisin, cuirtear ar chumas na n-oibreoirí iarnróid comhoiriúnacht a áirithiú idir feithiclí agus na bealaí ar a n-oibreofar na feithiclí sin. Áirítear an méid a leanas ar na hathruithe eile:
- soiléiriú faoin úsáid a bhaintear as tuairimí na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid agus leasú TSI ar feitheamh tar éis easpaí a aimsiú
- laghdú ar na cásanna a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le gan TSI a chur i bhfeidhm
- foráil nua i ndáil le húdarú feithiclí maidir le cur ar an margadh
- soiléiriú maidir le ról na n-oibreoirí iarnróid agus na mbainisteoirí bonneagair ó thaobh seiceáil a dhéanamh ar chomhoiriúnacht theicniúil feithicle le bealach
3. Togra le leasú a dhéanamh ar an treoir maidir le sábháilteacht iarnróid - 2013/0016 (COD)
Bunaíodh creat do shábháilteacht iarnróid leis an treoir atá ann cheana (2004/49) ach níor tugadh teastas aonair sábháilteachta isteach leis. Moltar sa 4ú pacáiste iarnróid go n-aistreoidh an tAontas chuig teastas aonair sábháilteachta, a eiseoidh an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA). Ciallaíonn sin go gcaithfear Treoir 2004 a thabhairt chun dáta, le hathbhreithniú a dhéanamh ar ról na n-údarás náisiúnta sábháilteachta agus na freagrachtaí a athleithdháileadh idir na húdaráis sin agus an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid. Sna hathruithe a bheartaítear, déantar na hathruithe a rinneadh le déanaí sa mhargadh iarnróid a chur san áireamh freisin, agus áirithítear go mbainfear leas as na bearta cuí maidir le faireachán ar shábháilteacht agus le rialú riosca.
Dírítear ar an méid a leanas go háirithe leis an treoir athbhreithnithe:
- cruthú agus cur chun feidhme teastas aonair sábháilteachta an Aontais a éascú, agus rochtain ar bhonneagar iarnróid a thabhairt d'oibreoirí iarnróid a bhfuil teastas sábháilteachta ina seilbh agus dóibh siúd amháin
- forbairtí sa mhargadh iarnróid a chur san áireamh, amhail níos mó seirbhísí a sheachfhoinsiú agus rialuithe inmheánacha a laghdú
- raon feidhme agus sainmhínithe na treorach a oiriúnú i gcomhréir leis an treoir athbhreithnithe maidir le hidir-inoibritheacht
- soiléiriú a thabhairt ar an gcomhar idir na comhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe agus na húdaráis bhreithiúnacha le linn imscrúduithe a dhéantar tar éis timpiste
Sa Chomhairle
An 10 Nollaig 2015, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh maidir leis na trí dhréacht-treoir. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa iad a fhormheas go foirmeálta anois ar an dara léamh.
Ghlac an Chomhairle trí théacs cur chuige ginearálta ar leith do na trí cinn de thograí ag cruinnithe den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh i mí an Mheithimh agus mí Dheireadh Fómhair 2013 agus i mí an Mhárta 2014. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil ina dhiaidh sin i ndáil leis na trí cinn de dhréacht-tograí an 5 Meitheamh 2014. Tar éis sraith cruinnithe neamhfhoirmiúla trípháirteacha, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i ndáil leis na trí cinn de thograí teicniúla an 17 Meitheamh 2015. Dhearbhaigh na Ballstáit an comhaontú sin ag cruinniú a bhí ag Coreper an 30 Meitheamh 2015.
1. Togra maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid
Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta an 14 Márta 2014, lena leagtar amach roinnt athruithe ar an togra bunaidh, lena n-áirítear:
- ról na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid a athrú ó thaobh na rialacha náisiúnta a scrúdú i ndáil le sábháilteacht iarnróid agus idir-inoibritheacht
- níos mó soiléiriú a thabhairt maidir le cathain a bheidh an Coimisiún in ann cinneadh a eisiúint faoi rialacha náisiúnta
Breathnaítear i dtéacs na Comhairle freisin ar an bpróiseas maidir le heaspaí i gcúraimí sábháilteachta agus idir-inoibritheachta na n-údarás náisiúnta sábháilteachta a láimhseáil, ar na táillí a ghearrfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ar na seirbhísí a bheidh á soláthar aici, agus ar chóras achomhairc a bhunú.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 26 Feabhra 2014 maidir leis na 6 chuid den reachtaíocht faoin 4ú pacáiste iarnróid.
2. Togra maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid san Aontas Eorpach
Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta an 10 Meitheamh 2013, lena leagtar amach roinnt athruithe ar an togra bunaidh. Molann an Chomhairle athruithe a dhéanamh ar fhreagrachtaí na n-údarás náisiúnta sábháilteachta agus na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid maidir leis an bpróiseas údaraithe feithiclí. Foráiltear leis an téacs ón gComhairle do dhéchóras údaruithe ina roinnfear na cúraimí agus na freagrachtaí ar bhealach soiléir idir an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta. Dhéanfadh an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid údaruithe a eisiúint d'fheithiclí lena n-úsáid in oibríochtaí trasteorann, bunaithe ar mheasúnuithe a dhéanfadh údaráis náisiúnta.
3. Togra maidir le sábháilteacht iarnróid
Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta an 10 Deireadh Fómhair 2013, lena leagtar amach roinnt athruithe ar an togra bunaidh. Foráiltear leis an téacs comhaontuithe ón gComhairle do dhéchóras deimhnithe sábháilteachta lena dtugtar teastas aonair sábháilteachta isteach. Leis an déchóras sin, bheadh an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid mar ionad ilfhreastail ag cuideachtaí iarnróid agus iad ag feidhmiú i níos mó ná Ballstát amháin. Bheadh ról lárnach ag na húdaráis náisiúnta i gcónaí, áfach, ó thaobh na measúnuithe riachtanacha a dhéanamh maidir leis an teastas sábháilteachta a eisiúint. Mura bhfeidhmíonn an chuideachta iarnróid ach i mBallstát aonair, molann an Chomhairle go bhféadfadh sí an iarraidh ar dheimhniúchán a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid nó faoi bhráid an údaráis ábhartha náisiúnta sábháilteachta.