- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 16 Samhain 2016 15:45
Conclúidí ón gComhairle maidir le torthaí agus gnéithe nua an bheartais chomhtháthaithe agus maidir le cistí struchtúrtha agus infheistíochta na hEorpa
FÓGRAÍONN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID A LEANAS:
(1) MEABHRAÍONN SÍ na conclúidí uaithi an 19 Samhain 2014 maidir leis an séú tuarascáil ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach: infheistíocht do phoist agus don fhás[1], a conclúidí an 23 Meitheamh 2015 maidir leis na dúshláin i ndáil leis an mbeartas comhtháthaithe 2014-2020[2] a chur chun feidhme, agus a conclúidí an 18 Samhain 2015 maidir le Simpliú: tosaíochtaí agus ionchais na mBallstáit maidir le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa[3] an 15 Márta 2016 “Infheistiú san fhás agus san fhostaíocht - rannchuidiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a uasmhéadú”[4] agus an 24 Meitheamh 2016 maidir le “Beartas Comhtháthaithe atá neamhdhíobhálach don taighde agus don nuálaíocht, atá níos cliste agus níos simplí agus maidir le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa i gcoitinne”[5];
(2) MEABHRAÍONN SÍ go bhforbróidh agus go saothróidh an tAontas Eorpach gníomhaíochtaí chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú agus gurb é misean sonrach an Bheartais Chomhtháthaithe na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
(3) AITHNÍONN SÍ gurb é an beartas comhtháthaithe an príomhbheartas infheistíochta ar leibhéal an Aontais chun na cuspóirí mar a leagtar amach iad sa Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach; agus LEAGANN SÍ BÉIM ar luach breise an bheartais chomhtháthaithe agus Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (cistí SIE), go háirithe i ndáil leis an méid a leanas:
a) creat cobhsaí fadtéarmach de chuid an Aontais agus acmhainní airgeadais a chur ar fáil don infheistíocht i bpoist agus san fhás agus athchóirithe struchtúracha a bhaint amach, trí idirghabháil chomhtháthaithe atá curtha in oiriúint do Bhallstáit agus réigiúin éagsúla an Aontais Eorpaigh;
b) gníomhairí náisiúnta agus fonáisiúnta a shlógadh agus a chomhordú faoi mhodh na bainistíochta comhpháirtí trí pháirt a thabhairt dóibh, go díreach agus bunaithe ar phrionsabal na comhpháirtíochta, i dtaobh tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach trí thionscadail chómhaoinithe;
c) ceannródaíocht a dhéanamh ar chur chuige i leith infheistíochtaí an Aontais Eorpaigh atá bunaithe ar fhianaise agus dírithe ar thorthaí;
d) dreasachtaí dearfacha a chur ar fáil do go leor Ballstát agus gníomhairí fonáisiúnta chun athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme agus chun a gcuid pleanála straitéisí, a gcumas riaracháin agus a gcomhar a neartú.
I. Meastóireacht ar chláir an bheartais comhtháthaithe 2007-2013
(4) IS DÍOL SÁSAIMH DI an Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún “Meastóireacht ex post ar CFRE agus ar an gCiste Comhtháthaithe 2007-2013”[6], ina dtugtar fianaise gur chuir an beartas comhtháthaithe go mór le deiseanna fáis, fostaíochta agus cuimsithe shóisialta ar fud chineálacha éagsúla réigiún an Aontais, leis na cuspóirí a sainaithníodh i straitéisí an Aontais agus le laghdú na n-éagothromaíochtaí réigiúnacha idir na Ballstáit le linn chlárthréimhse 2007-2013;
(5) CUIREANN SÍ IN IÚL GO LÁIDIR maidir leis na torthaí sin a leagtar amach sa mheastóireacht ex post ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus ar an gCiste Comhtháthaithe, gur baineadh amach iad i gcomhthéacs dúshlán eacnamaíoch agus sóisialta, lena n-áirítear an ghéarchéim mhór dhomhanda eacnamaíoch agus airgeadais, an gá atá ann an geilleagar, bonneagar agus acmhainn riaracháin a threisiú, go háirithe sna 13 Bhallstát a tháinig isteach san Aontas ó 2004 i leith, chomh maith le tosaíochtaí polaitiúla straitéiseacha atá ag athrú agus dúshláin nua atá ag teacht chun cinn ar leibhéal an Aontais Eorpaigh;
(6) LEAGANN SÍ BÉIM ach go háirithe ar thorthaí seo a leanas na meastóireachta ex-post ar CFRE agus ar an gCiste Comhtháthaithe:
a) Sa samhaltú eacnamaíoch a rinne an Coimisiún go nginfear EUR 1 trilliún breise OTI ar fud na mBallstát uile faoin mbliain 2023 as EUR 270 billiún a infheistíodh ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe le linn na tréimhse 2007-2013, mar aon leis an gcómhaoiniú náisiúnta;
b) Sna sonraí a thuairiscigh údaráis bhainistíochta na mBallstát, léirítear go mbeidh 1 milliún post cruthaithe a bhuí do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe, líon atá ina chuid suntasach den iomlán glan de 3 mhilliún post nua a cruthaíodh i ngeilleagar an Aontais Eorpaigh thar an tréimhse chéanna;
c) Chabhraigh tacaíocht airgeadais faoi chláir CFRE le 400 000 FBManna an fód a sheasamh in ainneoin na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais agus a n-iomaíochas agus a n-onnmhairí a mhéadú tríd an nuálaíocht;
d) Chabhraigh an beartas comhtháthaithe chun margadh inmheánach an Aontais a chomhtháthú níos dlúithe, go háirithe trí idirbhealaí iompair a fheabhsú (go háirithe Conairí TEN-T), chun éifeachtúlacht fuinnimh, cóireáil uisce agus fuíolluisce agus bainistiú dramhaíola a fheabhsú, chun bonneagar oideachas agus sláinte a nuachóiriú agus chun an taighde agus an nuálaíocht a neartú;
e) Leis an maoiniú a bhí ar fáil faoi na cláir um Chomhar Críche Eorpach (Interreg), feabhsaíodh an comhar idir réigiúin máguaird sna Ballstáit éagsúla agus idir na Ballstáit ar fud an Aontais, mar aon le idir Ballstáit agus tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, agus cuireadh leis na héifeachtaí níos leithne, go háirithe i dtaobh bacainní sonracha ar an gcomhar idir earnálacha difriúla a mhaolú agus i dtaobh chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil níos fearr agus ar an mbealach sin is léir gur sampla suntasach é de bhreisluach an Aontais;
(7) D'ainneoin torthaí dearfacha an bheartais chomhtháthaithe sa tréimhse 2007-2013, TUGANN SÍ DÁ hAIRE go raibh roinnt easnamh le linn na tréimhse sin, go háirithe an méid seo a leanas:
- Laigí ó thaobh ábharthacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas na ngníomhaíochtaí a rinneadh agus an faireachán a rinneadh orthu, rud a léiríonn nár leor an bhéim a leagadh ar dhíriú ar thorthaí; agus
- An gá atá ann acmhainn riaracháin a fheabhsú ar leibhéal bainistíochta na gclár agus an t-ualach agus na costais riaracháin a laghdú;
(8) TUGANN SÍ DÁ hAIRE go léirítear sna meastóireachtaí sa Doiciméad Inmheánach Oibre an staid mar a bhí ag deireadh na bliana 2014, tráth a bhí ró-luath do na cláir chun tuairisciú faoi chuspóirí agus spriocanna a bhaint amach;
(9) TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil meastóireacht ex post ar bun ag an gCoimisiún don Chiste Sóisialta Eorpach (an CSE) agus TÁ SÍ AG SÚIL le cur i láthair na dtorthaí sa Doiciméad Inmheánach Oibre a bhaineann léi; IARRANN SÍ ar an gCoimisiún torthaí na meastóireachtaí a dhéanfar amach anseo do na Cistí SIE a chur i láthair ar bhealach comhordaithe chun measúnú iomlán a éascú agus aird ar leith á tabhairt don chur chuige áit-bhunaithe, nuair is iomchuí;
(10) CUIREANN SÍ I dTREIS gurb é atá sa bheartas comhtháthaithe, nuair a ghabhann sraith chríochnúil de mheastóireachtaí beachta leis, an dea-chleachtas do cheapadh beartas ar bhonn fianaise agus gur sampla é do bheartais eile an Aontais arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais;
(11) IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, torthaí agus tairbhí an bheartais chomhtháthaithe, a léirítear sna meastóireachtaí atá ar fáil, a scaipeadh go forleathan ar an bpobal.
II. Measúnú ar roinnt gnéithe nua den bheartas comhtháthaithe agus de Chistí SIE 2014-2020
(12) CUIREANN SÍ I dTREIS gur tugadh roinnt gnéithe nua isteach sa chreat dlíthiúil don tréimhse 2014-2020, i gcomparáid le tréimhse clársceidealaithe 2007-2013, arb é is aidhm dóibh éifeachtacht, béim ar thorthaí agus breisluach an Aontais na gCistí SIE a neartú. Fuarthas an chéad taithí nithiúil sna Ballstáit i ndáil le gnéithe nua áirithe, go háirithe leis an gcreat feidhmíochta, le díriú téamach, le coinníollachtaí ex ante agus leis an nasc le rialachas eacnamaíoch an Aontais, le linn dá gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus dá gcláir a bheith á n-ullmhú. Chun gnéithe nua a chur i bhfeidhm go praiticiúil bhí gá le hullmhúchán cúramach ó thaobh ama agus acmhainní de lena áirithiú go mbeadh na dálaí riachtanacha le haghaidh caiteachas éifeachtach, lena n-áirítear córais nua bainistíochta agus rialaithe, i bhfeidhm. Ag an am céanna, cuirtear deiseanna nua ar fáil do na Ballstáit le hionstraimí nua an chreata dhlíthiúil, amhail pleananna gníomhaíochta comhpháirteacha, infheistíochtaí críochacha comhtháite nó straitéisí forbartha áitiúla á ndíriú ag an bpobal;
(13) TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur cuireadh moill ar an gcéim cur chun feidhme sa tréimhse 2014-2020 leis an gcleachtas cuimsitheach clársceidealaithe agus de bharr gur glacadh na gníomhartha dlíthiúla go déanach, go rabhthas ag ullmhú ag an am céanna do chlabhsúr thréimhse 2001-2013 agus go moill ar ainmniú údarás a mhair níos faide ná mar a raibh coinne leis; TÁ SÍ AG SÚIL mar sin féin, gur mbainfear tairbhe as na hiarrachtaí a rinne na Ballstáit agus an Coimisiún i rith an phróisis clársceidealaithe sna blianta amach romhainn le cur chun feidhme níos éifeachtaí a dhéanamh ar chláir ar ardchaighdeán agus trí fhéachaint an bhféadfaí cur leis an bhfeabhas a rinneadh sa tréimhse reatha amach anseo; IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún na céimeanna riachtanacha a ghlacadh chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme agus leis an tuairisciú faoin dul chun cinn i ndáil leis na cláir reatha;
(14) MEABHRAÍONN SÍ go gcuireann an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO) tacaíocht spriocdhírithe ar fáil leis chun dul i ngleic le fostaíocht don ógra, chomh maith leis na gníomhaíochtaí traidisiúnta a dtacaíonn CSE leo agus go ndéanann sé na creataí náisiúnta straitéiseacha a chomhlánú, lena n-áirítear tríd an ráthaíocht don aos óg a chur chun feidhme; agus TUGANN SÍ DÁ hAIRE an Teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí, lena leagtar amach torthaí cur chun feidhme na ráthaíochta don aos óg agus TFAO ó 2013 i leith;
(15) IARRANN SÍ ar an gCoimisiún na tograí reachtacha don chéad tréimhse clársceidealaithe eile de Chistí SIE a thíolacadh a luaithe agus is féidir in 2018, d'fhonn cur ar chumas na gcomhreachtóirí teacht ar chomhaontú go tráthúil, agus d'fhonn bunús a chur ar fáil chun tús a chur leis an bpróiseas clársceidealaithe go luath;
(16) IARRANN SÍ ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí gnéithe nua de Chistí SIE a úsáid mar shampla do bheartais eile an Aontais a mhaoinítear le buiséad an Aontais i gcomhthéacs a thionscnaimh “Buiséad an Aontais arna dhíriú ar Thorthaí” a seoladh in 2015;
Creat feidhmíochta
(17) MEABHRAÍONN SÍ gurbh iad Cistí SIE na chéad ionstraimí cistithe de chuid an Aontais lenar tugadh isteach creat feidhmíochta bunaithe ar tháscairí intomhaiste, agus athbhreithniú á dhéanamh le cúlchiste feidhmíochta le leithdháileadh i rith 2019 ar thosaíochtaí sin de chláir na mBallstát ar baineadh amach na garspriocanna ina leith a leagtar amach i gcreat feidhmíochta na gclár, agus ar na tosaíochtaí sin amháin;
(18) AITHNÍONN SÍ na hiarrachtaí a rinne na Ballstáit agus an Coimisiún agus na hacmhainní a thug siad chun loighic idirghabhála agus creat feidhmíochta a fhorbairt do chláir Chistí SIE (go háirithe chun táscairí fónta, a mbonnlíne agus spriocluachanna a shainiú); TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur gníomhachtaíodh leis an bpróiseas sin machnamh agus plé úsáideach maidir le cuspóirí a leagan amach, le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus tugann sí dá haire gur chabhraigh sé leis an meon a athrú chun bheith níos dírithe ar thorthaí agus ar fheidhmíocht laistigh de na Ballstáit agus den Choimisiún;
Díriú téamach
(19) MEABHRAÍONN SÍ go bhfuil Cistí SIE faoi réir ceanglas dlíthiúil i ndáil leis an díriú téamach, lena mbíonn níos mó tacaíochta airgeadais á díriú ar níos lú réimsí arb iad na réimsí is mó a chabhraíonn le cuspóirí na Straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach, agus go bhfuiltear ag súil le torthaí níos fearr as;
(20) IS DÍOL SÁSAIMH DI gur baineadh amach díriú téamach i gcláir na mBallstát faoi CFRE agus CSE agus in an-chuid cásanna gur baineadh amach níos mó ná mar a bhí sna híoscheanglais; MEASANN SÍ, mar sin féin, nach mór cothromaíocht a bhaint amach idir na ceanglais réamhshainithe chun díriú ar líon teoranta de réimsí téamacha agus riachtanais na mBallstát, lena n-áirítear an tsolúbthacht chun freagairt i rith na tréimhse clársceidealaithe do dhúshláin shonracha forbartha ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach;
Coinníollachtaí ex-ante
(21) MEABHRAÍONN SÍ gur tugadh isteach coinníollachtaí ex-ante sa tréimhse 2014-2020 lena áirithiú go raibh na coinníollacha a bhí riachtanach chun úsáid éifeachtach cistí a áirithiú i bhfeidhm sna Ballstáit roimh don infheistíocht faoi Chistí SIE a bheith déanta;
(22) MEASANN SÍ cé gur gá uaireanta méid suntasach ama agus acmhainní chun athruithe reachtacha nó athchóirithe casta a chur chun feidhme le coinníollachtaí ex-ante a chomhlíonadh, go bhfuil tionchar dearfach acu ar an timpeallacht infheistíochta fhoriomlán, ar chumas riaracháin a neartú agus ar dea-rialachas in an-chuid Ballstát; IS DÍOL SÁSAIMH DI an ról i ndáil le héascú atá ag coinníollachtaí ex-ante agus tionscadail píblíne á n-ullmhú mar aon le doiciméid straitéiseacha amhail straitéisí um speisialtóireacht chliste, chomh maith le cur chun feidhme níos gasta a dhéanamh ar acquis an Aontais;
Nasc le rialachas eacnamaíoch an Aontais
(23) MEABHRAÍONN SÍ gur tugadh isteach bearta sa chreat reachtach don tréimhse 2014-2020 lena áirithiú go dtabharfar aghaidh le hinfheistíochtaí ilbhliantúla Chistí SIE ar mholtaí ábhartha tír-shonracha. Mar thoradh ar an gcleachtas clársceidealaithe, deartar cláir Chistí SIE atá ann faoi láthair ar mhaithe le tacú le hathchóirithe struchtúracha i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais a shainítear trí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh;
(24) MEASANN SÍ go gcuidítear trí infheistíochtaí lena ndírítear ar mholtaí ábhartha tír-shonracha le hathchóirithe struchtúracha a chomhlíonadh agus le feabhas a chur ar staid mhaicreacnamaíoch fhoriomlán an Bhallstáit lena mbaineann;
(25) MEASANN SÍ gur cheart tuilleadh comhsheasmhachta a lorg amach anseo idir bearta éagsúla a nascann éifeachtacht Chistí SIE le rialachas eacnamaíoch, ag cur leis an gcéad bhabhta dearfach le coinníollachtaí ex-ante a thabhairt isteach, agus an gá le dúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chríochacha á chur san áireamh, mar aon le leanúnachas agus le cobhsaíocht clár ilbhliantúil;
Simpliú
(26) IS OTH LÉI go gcuirtear bac ar ionchas iomlán na héifeachtúlachta agus na béime ar thorthaí a bhaineann le chreat reachtach Chistí SIE mar gheall ar ró-rialú agus an iomarca sraitheanna de rialacha agus de rialuithe a bheith ann (ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach); MEABHRAÍONN SÍ go bhfuil muinín idir na gníomhaithe go léir bunriachtanach i gcomhair fheidhmiú éifeachtach an mhodha bainistíochta roinnte, agus ba cheart an mhuinín sin a neartú tuilleadh trí chistí SIE a dhéanamh níos simplí, níos inrochtaine agus níos intuigthe do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do riaracháin; ATHDHEARBHAÍONN SÍ maidir leis an méid sin an tábhacht a bhaineann le córais luathrabhaidh agus le ról coisctheach na hiniúchóireachta a atreisiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;
(27) IS DÍOL SÁSAIMH DI na torthaí agus na moltaí a d’eisigh an Grúpa Ardleibhéil maidir le faireachán a dhéanamh ar an simpliú do thairbhithe Chistí SIE a bhunaigh an Coimisiún agus TÁ SÍ AG TNÚTH leis an obair a dhéanfaidh sé amach anseo i ndáil le tréimhse clársceidealaithe iar-2020 a ullmhú;
(28) TUGANN SÍ DÁ hAIRE an togra reachtach, arb é is aidhm dó Cistí SIE a shimpliú don tréimhse clársceidealaithe reatha, a chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle i mí Mheán Fómhair 2016, agus TÁ SÍ MEÁITE I gCÓNAÍ ar é a ghlacadh go pras; IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na roghanna go léir sa chreat dlíthiúil (lena n-áirítear gníomhartha tarmligthe a ullmhú go luath) rud a chuidíonn le cur chun feidhme chláir reatha Chistí SIE a shimpliú;
(29) TÁ SÍ TIOMANTA do shimpliú suntasach, agus cothromaíocht á baint amach idir an gá le cobhsaíocht agus le leanúint ar aghaidh le laghdú suntasach ar an ualach riaracháin agus ar na costais sa tréimhse iar-2020; MEASANN SÍ gur cheart féachaint go cúramach ar na treoracha agus ar na bealaí nua seo a leanas, gan aon dochar do chinntí a dhéanfar amach anseo:
a) Sraith de rialacha simplí soiléire éadroma do Chistí SIE agus béim níos láidre ar chur chuige comhtháite (e.g. cláir ilchiste agus rialacha coiteanna do Chistí SIE ar fad), agus é á áirithiú gur féidir le gach Ciste SIE a mhisin chiste-shonracha a thabhairt i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus go dtugtar tús áite don réiteach is simplí atá ar fáil;
b) Ba cheart rialacha Chistí SIE agus na rialacha atá infheidhme maidir le cistí eile an Aontais, mar aon le beartais eile an Aontais a bhfuil tionchar acu ar chur chun feidhme Chistí SIE (go háirithe rialacha maidir le státchabhair) a ailíniú tuilleadh go frithpháirteach d’fhonn cur chun feidhme chistí an Aontais a shimpliú do thairbhithe, sineirgí agus comhlántacht a éascú idir cláir éagsúla agus go ndéanfaí foinsí éagsúla a chumasc, mar aon leis an deis a thabhairt d’inchomparáideacht éifeachtachta agus éifeachtúlachta in ionstraimí cistithe an Aontais ar fad;
c) An leas a bhaintear as réimse iomlán na roghanna costais simplithe agus a n-úsáid éifeachtúil a éascú tuilleadh, in éineacht le ceanglais shoiléire maidir lena rialú agus lena n-iniúchadh;
d) Samhail bainistíochta roinnte níos simplí agus sruthlínithe bunaithe ar fheidhmíocht seachas ar chomhlíonadh, d’fhonn an bhéim ar thorthaí sna Cistí SIE a fheabhsú tuilleadh agus an tábhacht a bhaineann le cosc, le comhréireacht agus le luach an airgid á cur san áireamh ag an am céanna;
e) Measúnú le fáil amach an bhféadfadh ceachtanna atá le foghlaim ó shásraí seachadta a úsáidtear i réimsí eile beartais an Aontais cabhrú le feabhas a chur ar éifeachtacht an bheartais comhtháthaithe agus Chistí SIE;
f) Comhréireacht a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne agus difreáil a thabhairt isteach i gcur chun feidhme cláir Chistí SIE bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar dhreasachtaí dearfacha do chláir;
(30) TÁ RÚN DAINGEAN AICI I gCÓNAÍ go dtionólfar díospóireacht pholaitiúil go rialta i measc na n-airí sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta chun cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe agus Chistí SIE agus a gcuid torthaí a phlé, agus chomh maith leis sin chun tacú le hullmhúchán an chreata beartais don tréimhse iar-2020.
[1] 15802/14.
[2] 9622/1/15 REV 1.
[3] 14266/1/15 REV 1.
[4] 7075/16.
[5] 10668/16.
[6] 12371/16.
[7] 12749/16 + ADD 1-3.
[8] http://ec.europa.eu/budget/budget4results/index_en.cfm
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
- @dimos_mammonas
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024