Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 19 Feabhra 2019 14:55

Slándáil níos fearr do dhoiciméid aitheantais: Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú sealadach

Tá slándáil níos grinne maidir le cártaí aitheantais á tabhairt isteach ag an Aontas le gur féidir calaois chéannachta a laghdú. Tháinig ionadaithe Uachtaránacht na Rómáine ar an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú neamhfhoirmiúil inniu maidir le rialachán lena neartófar slándáil chártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe a eiseofar do shaoránaigh an Aontais agus dá mbaill teaghlaigh nach den Aontas iad. Cuirfear an comhaontú neamhfhoirmiúil faoi bhráid ambasadóirí an Aontais anois lena dhaingniú thar ceann na Comhairle.

Leis na rialacha nua cuirfear feabhas ar shlándáil na ndoiciméad sin trí íoschaighdeáin a thabhairt isteach i leith na faisnéise iontu agus i leith gnéithe slándála is coiteann do na Ballstáit uile a eiseoidh iad.

Má tá an tslándáil le bheith ann ar fud an Aontais ní mór an tslándáil a chinntiú i ngach Ballstát. Leis na rialacha nua maidir le caighdeáin slándála do dhoiciméid aitheantais beidh sé níos fusa orainn calaois doiciméad agus goid chéannachta a bhrath, ionas go mbeidh sé níos deacra ar choirpigh gníomhú, agus saorghluaiseacht fíor-thaistealaithe á héascú againn ag an am céanna. Carmen Daniela Dan, Aire Gnóthaí Baile na Rómáine

Caighdeáin slándála do chártaí aitheantais

Faoi na rialacha nua atá molta, is cártaí aonfhoirmeacha, i bhformáid chárta creidmheasa a bheidh iontu (ID-1), ar a mbeidh limistéar inléite ag meaisíní, agus leanfaidh siad na híoschaighdeáin slándála atá leagtha amach ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Ní mór grianghraf agus dhá mhéarlorg shealbhóir an chárta a bheith orthu, a stórálfar i bhformáid dhigiteach, ar shlis éadadhaill. Ar na cártaí aitheantais, laistigh de bhrat an Aontais, beidh cód tíre an Bhallstáit a eiseoidh iad.

Beidh íostréimhse bhailíochta 5 bliana ag na cártaí aitheantais agus uastréimhse bhailíochta 10 mbliana. Féadfaidh na Ballstáit cártaí aitheantais a eisiúint, ag a mbeidh tréimhse bhailíochta níos faide, do dhaoine atá 70 bliain d'aois nó níos sine. Má eisítear iad, féadfaidh tréimhse bhailíochta níos lú ná 5 bliana a bheith ag cártaí aitheantais do mhionaoisigh.

Deireadh a chur leis na seanchártaí aitheantais de réir a chéile

Foráiltear sa sainordú caibidlíochta go dtiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm 2 bhliain tar éis a nglactha, rud a chiallaíonn go gcaithfidh gach doiciméad nua a eiseofar na critéir nua a chomhlíonadh faoin dáta sin.

I gcoitinne, scoirfidh cártaí aitheantais nach gcomhlíonann na ceanglais de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi cheann 10 mbliana tar éis dáta chur i bhfeidhm na rialacha, cibé acu is túisce. Beidh na cártaí aitheantais a eisítear do shaoránaigh atá 70 bliain d'aois nó níos sine bailí go dtí go rachaidh na cártaí in éag, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na caighdeáin slándála agus go bhfuil limistéar inléite ag meaisíní orthu.

I gcás na gcártaí is lú slándála nach gcomhlíonann na híoschaighdeáin slándála nó nach bhfuil limistéar inléite ag meaisíní orthu, rachaidh siad in éag laistigh de chúig bliana.

Coimircí cosanta sonraí

Sna rialacha nua atá molta tá coimircí láidre cosanta sonraí chun a chinntiú nach bhfaighidh na daoine míchearta seilbh ar an bhfaisnéis a bhailítear. Beidh ar na húdaráis náisiúnta go háirithe, slándáil na slise éadadhaill agus na sonraí a stórálfar inti a chinntiú, ionas nach féidir í a haiceáil ná a rochtain gan chead.

Ina theannta sin ní thagraítear sna rialacha nua ach don tslándáil agus faisnéis a stórálfar sna cártaí aitheantais. Ní thugtar bunús dlí leo do bhunachair nua sonraí a chruthú ar an leibhéal náisiúnta ná ar leibhéal an Aontais, rud is cúram don reachtaíocht náisiúnta agus a chaithfidh na rialacha maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh ina n-iomláine.

Doiciméid chónaithe

Sonraítear sna rialacha atá molta an fhaisnéis íosta atá le bheith sna doiciméid chónaithe a eiseofar do shaoránaigh an Aontais agus déantar comhchuibhiú ar fhormáid agus sonraíochtaí eile na gcártaí cónaithe a eiseofar do bhaill teaghlaigh, nach den Aontas iad, de shaoránaigh an Aontais.

Cúlra

Le blianta beaga anuas, tugadh isteach comhchaighdeáin slándála an Aontais i dtaca le doiciméid aitheantais agus taistil, lena n-áirítear pasanna, víosaí agus ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Ina dhiaidh sin féin, faoi na rialacha atá ann cheana féin, is mór fós idir leibhéil slándála na gcártaí aitheantais náisiúnta agus na ndoiciméad cónaithe do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh, rud a chuireann leis an riosca gurbh ann do chalaois doiciméad.

Leagtar amach na rialacha nua i ndréachtrialachán a mhol an Coimisiún ar an 17 Aibreán 2018.

Leis na rialacha nua, ní chuirfear de cheangal ar na Ballstáit cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a thabhairt isteach nach bhforáiltear dóibh faoin dlí náisiúnta.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025