- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 2 Meitheamh 2020 20:08
Cánachas: Conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir le comhar riaracháin amach anseo agus dleacht mháil ar thobac
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí ina leagtar amach treoir agus tosaíochtaí polaitiúla i bhfianaise tuilleadh athchóirithe in dhá phríomhréimse de bheartas cánach an Aontais:
- Conclúidí ón gComhairle maidir le forbairt an chomhair riaracháin amach anseo i réimse an chánachais san Aontas Eorpach
- Conclúidí ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na ndleachtanna máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe
Maidir leis an dá ábhar sin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún tograí reachtacha a chur ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus ar na húdair imní a leagtar amach sna conclúidí.
Forbairt an chomhair riaracháin amach anseo san Aontas
Cabhraíonn an comhar riaracháin leis na húdaráis náisiúnta chánach ioncam cánach a bhailiú agus a chosaint. Tá dlúthchomhar idir na comhlachtaí sin ríthábhachtach chomh maith chun calaois chánach a bhrath agus a laghdú.
Glacadh an chéad treoir maidir le comhar riaracháin in 2011. Ó shin i leith, leathnaíodh raon feidhme na treorach cúig huaire agus cumhdaítear léi anois:
- malartú faisnéise idir na húdaráis náisiúnta maidir le faisnéis faoi chuntais airgeadais,
- rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála,
- tuarascálacha tírshonracha ina gcuirtear faisnéis airgeadais áirithe ar fáil faoi na corparáidí ilnáisiúnta is mó,
- rochtain ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil,
- faisnéis faoi shocruithe pleanála cánach trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach.
Cuirtear i bhfios go láidir sna conclúidí go bhfuil na hiarrachtaí chun an comhar riaracháin a fheabhsú chun calaois chánach agus imghabháil cánach a chomhrac go háirithe ábhartha i gcomhthéacs an ghá le téarnamh as an ngéarchéim atá de thoradh ar phaindéim COVID-19.
Dleacht máil ar thobac
Cánacha indíreacha ar dhíol nó ar úsáid táirgí ar leith, amhail alcól, tobac agus fuinneamh, atá i gceist le dleachtanna máil.
Ó 2011 i leith, leagtar amach i reachtaíocht an Aontais rialacha comhchoiteanna maidir le cáin a ghearradh ar thobac monaraithe lena n-áirítear catagóirí táirgí, íosrátaí agus na struchtúir atá le cur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, tá tobac monaraithe faoi réir na bhforálacha coiteanna le haghaidh earraí inchánach faoi dhlí an Aontais.
Cuirtear chun suntais sna conclúidí nach bhfuil na rialacha is infheidhme chomh éifeachtach agus a bhí toisc nach bhfuil siad leordhóthanach a thuilleadh nó toisc go bhfuil siad ró-chúng chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha agus ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo, maidir le táirgí áirithe, amhail leachtanna do thoitíní leictreonacha, táirgí tobac téite agus cineálacha eile táirgí den chéad ghlúin eile, atá ag teacht ar an margadh.
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024