Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 28 Samhain 2022 10:30

An Chomhairle i mbun gnímh chun gur fearr a chruthóidh daltaí scoile ó cheann ceann an Aontais

Tháinig airí oideachais an Aontais ar chomhaontú maidir le bearta chun sciar na ndaoine a fhágann an t-oideachas agus an oiliúint go luath a laghdú agus chun an tearcghnóthú sa léitheoireacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht a laghdú. Iarrtar ar na Ballstáit, sa mholadh seo maidir le conairí i dtreo na rathúlachta scoile, straitéisí a fhorbairt chun go n-éireoidh daoine ar scoil agus chun go laghdófar an tionchar a bhíonn ag stádas socheacnamaíoch ar thorthaí oideachais agus oiliúna.

Vladimír Balaš, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt Phoblacht na Seicia
Is iad an scoil agus an t-oideachas an bhunsraith a bhíonn faoin rath agus faoin sásamh sa saol. Sin an fáth nach bhféadfaimid ligean do pháistí an scoil a fhágáil roimh an am nó an luathoiliúint agus an t-oideachas a fhágáil ina ndiaidh gan na bunscileanna a bheith acu. Tá fíorthábhachtach ag baint leis an dea-bhail maidir le laghdú a dhéanamh ar líon na ndaltaí a bhíonn ag fágáil na scoile go luath agus cur lena gcumas sa léitheoireacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht.
Vladimír Balaš, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt Phoblacht na Seicia
Vladimír Balaš, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt Phoblacht na Seicia

Feabhas ar an ráta luathfhágála

An moladh a glacadh inniu, tagann sé in ionad moladh a rinne an Chomhairle in 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil scoile a laghdú. Ó 2010 i leith, tá laghdú 3.9 pointe céatadáin tagtha ar ráta na luathfhágálaithe. Mar sin féin, agus 9.7 % de dhaltaí ag fágáil na scoile luath roimh an am ar fud an Aontais in 2021 ar an meán, tá an sciar a fhágann fós os cionn chuspóir 9 % an Aontais. De réir na Tuarascála Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint 2021, is ionann an ráta tearcghnóthachtála agus 22.5 % sa léitheoireacht, 22.9 % sa mhatamaitic agus 22.3 % san eolaíocht.

Dea-bhail mar bhunsraith don rath ar scoil

Léiríonn an taighde go bhfuil dea-bhail mhothúchánach, shóisialta agus fhisiciúil ar scoil tábhachtach chun feabhas a chur ar an seans atá ag leanaí agus daoine óga rath ar bheith orthu san oideachas agus sa saol, agus, ós mar sin atá, is mian leis na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar an dea-bhail ar scoil. Leis an dochar atá déanta ag paindéim COVID-19 don mheabhairshláinte agus do dea-bhail na bhfoghlaimeoirí i gcoitinne, is tábhachtaí fós atá sé aghaidh a thabhairt ar an dea-bhail mar rud a spreagfaidh an rathúlacht scoile.

Cosc, idirghabháil agus cúiteamh

Díríonn sa mholadh ar fhoghlaimeoirí, ar thaobh amháin, ach ar mhúinteoirí, oiliúnóirí agus foireann scoile freisin. Moltar go ndéanfaí bearta coisc, idirghabhála agus cúitimh a chomhcheangal. Tá bearta cúitimh ann atá dírithe ar dhul i dteagmháil arís le daoine a thug cúl leis an an oideachas, mar shampla trí ghairmthreoir agus comhairleoireacht a neartú.

Cúlra

Tá an moladh nasctha le creat beartais a fhónann mar uirlis tagartha do lucht ceaptha beartas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus do chleachtóirí oideachais agus oiliúna chun freagairt chórasach beartais a spreagadh ionas go ndéanfar torthaí oideachais níos fearr a áirithiú do gach foghlaimeoir.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Feabhra 2025