Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 28-29 Samhain 2022

Na Príomhthorthaí

Oideachas agus Óige, an 28 Samhain

Conairí i dtreo na rathúlachta scoile agus an dea-bhail san oideachas digiteach

Ghlac an Chomhairle moladh maidir le conairí i dtreo na rathúlachta scoile. Ós rud é go raibh sciar na ndaoine a d’fhág an t-oideachas agus an oiliúint roimh an am ag 9.7% in 2021 agus go bhfuil an ráta tearcghnóthachtála sa léitheoireacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht i measc daoine 15 bliana d’aois fós os cionn 15% de réir na Tuarascála Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint 2021, iarrtar sa mholadh ar na Ballstáit straitéisí a fhorbairt chun go n-éireoidh le daltaí ar scoil agus go ndéanfar éifeachtaí an stádas shocheacnamaíoch ar thorthaí oideachais agus oiliúna a íoslaghdú.

D’fhormheas na hairí freisin conclúidí maidir le tacú leis an dea-bhail san oideachas digiteach. Tá méadú ag teacht ar úsáid uirlisí agus modhanna digiteacha i seomraí ranga ar fud na hEorpa, go mór mór tar éis an aistrithe chuig foghlaim agus teagasc ar líne le linn na paindéime. An fhorbairt leanúnach sin agus an gá atá le dea-bhail na bhfoghlaimeoirí agus na n-oideoirí sa réaltacht dhigiteach, ba cheart iad a bheith le feiceáil agus a gcuid straitéisí oideachais dhigitigh á gceapadh ag na Ballstáit.

Vladimír Balaš, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt na Seicia
Ní mór dúinn leanúint de thimpeallacht scoile a fhorbairt a mbíonn daltaí agus múinteoirí ar fónamh ann, a n-airíonn siad slán sábháilte ann agus a mbíonn siad in ann na rioscaí a bhaineann le húsáid modhanna digiteacha a aithint.
Vladimír Balaš, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt na Seicia
Vladimír Balaš, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt na Seicia

Phléigh na hairí freisin conas is féidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais (LEE) freagairt níos tapúla agus níos éifeachtúla do ghéarchéimeanna ar nós an fhogha a thug an Rúis faoin Úcráin nó paindéim COVID-19. Leag roinnt mhaith airí béim ar na hiarrachtaí leanúnacha a bhaineann le leanaí ón Úcráin a chomhtháthú ina gcórais oideachais agus ról EEA mar uirlis chun gníomhaíochtaí a chomhordú in aimsir géarchéime.

Bliain Eorpach na hÓige

Is í 2022 Bliain Eorpach na hÓige. Tá ómós á thabhairt d’aos óg na hEorpa a d’fhulaing cruatan mór le linn phaindéim COVID-19 — tráth a raibh cosc iomlán ar an saol sóisialta agus ar an idirghníomhaíocht. Rinne na hairí measúnú ar chur chun feidhme na Bliana Eorpaí seo agus phléigh siad conas is féidir a hoidhreacht a áirithiú tar éis 2022. Dhírigh siad go háirithe ar conas gné na hóige a bheith ina dlúthchuid de bheartais agus de cheapadh beartais uile an Aontais.

D’fhormheas an Chomhairle freisin conclúidí maidir leis an ngné idirghlúine i réimse na hóige a chur chun cinn chun idirphlé agus comhtháthú sóisialta a chothú.

Bhí an phaindéim agus a raibh i gceist léi – dianghlasáil, féilte á gcur ar ceal agus ionaid óige á ndúnadh – thar a bheith deacair ar an aos óg. Deis mhaith a bhí i mBliain Eorpach na hÓige seo chun deireadh a chur leis an díothú sóisialta sin agus dlús a chur le rannpháirtíocht na ndaoine óga i gcúrsaí poiblí. Chun seasamh le spiorad na bliana seo, ní mór ‘bheith istigh’ agus éisteacht a thabhairt do dhaoine óga agus cinntí á ndéanamh againn mar pholaiteoirí. Vladimír Balaš, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt na Seicia

Gnó eile

Thug an Coimisiún eolas ar an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Limistéir Oideachais Eorpaigh agus ar sheoladh na Saotharlann Foghlama maidir le hInfheistíocht a Dhéanamh in Oideachas agus Oiliúint ar Ardchaighdeán, treoirlínte eiticiúla maidir le húsáid IS agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim, treoirlínte maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn chomh maith le gealltanas ón Tionscnamh ‘Deep Tech Talent’.

D’inis Aire na Cipire do na toscaireachtaí faoin 9ú Comhdháil Aireachta maidir leis an gComhshaol don Eoraip agus faoin toradh a bhí ar chruinniú ardleibhéil na nAirí Oideachais maidir le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Thug Uachtaránacht na Seice tuairisc ar an toradh a bhí ar an bplé a rinneadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil céadphroinne Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh a tionóladh sular cuireadh tús leis an gcruinniú den Chomhairle.

Chuir Uachtaránacht na Sualainne na cláir oibre atá aici don oideachas agus don óige i láthair.

Míreanna eile ar an gclár oibre

Ghlac an Chomhairle roinnt gníomhartha reachtacha eile mar mhíreanna gan phlé:

  • an Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA) lena neartófar slándáil TF na n-eintiteas airgeadais cosúil le bainc, cuideachtaí árachais agus gnólachtaí infheistíochta
  • treoir nua maidir le slándáil córas líonraí agus faisnéise (NIS 2) chun ardleibhéal cibearshlándála coiteann a chinntiú ar fud an Aontais, chun tuilleadh feabhais a chur ar acmhainneachtaí athléimneachta agus freagartha teagmhas na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí agus an Aontais ina iomláine
  • an rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha a théann i ngleic le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach agus arb é is aidhm dó iomaíocht chóir a athbhunú idir gach cuideachta atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach — idir chuideachtaí Eorpacha agus neamh-Eorpacha
  • an treoir maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (CSRD). Is gearr go mbeidh sé de cheangal ar chuideachtaí eolas mionsonraithe a fhoilsiú maidir le hábhair inbhuanaitheachta. Cuirfidh sé seo le cuntasacht na gcuideachtaí, ciallaíodh sé nach mbeidh caighdeáin inbhuanaitheachta éagsúla ann agus éascóidh sé an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe

Cultúr, Closamharc agus Spórt - an 29 Samhain

Cultúr tráth géarchéime

I bhfianaise an léirscriosta a rinne airm na Rúise d’aon ghnó ar shéadchomharthaí agus ar mhúsaeim san Úcráin agus ar an gcreachadh ollmhór a rinneadh ar shaothair ealaíne agus ar oidhreacht chultúrtha na hÚcráine, bhí díospóireacht bheartais ag airí cultúir an Aontais maidir le tacaíocht agus dlúthpháirtíocht le cultúr na hÚcráine, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na deiseanna atá ann chun cúnamh sonrach a thabhairt i dtaca le riachtanais na hÚcráine i réimse an chultúir, agus maidir leis an gcomhar a neartú idir Príomhchathracha Cultúir na hEorpa agus cathracha na hÚcráine.

Sa chomhthéacs sin, neartaigh an Chomhairle gné na gníomhaíochta seachtraí den chultúr agus chuir sí gníomhaíocht shonrach maidir leis an Úcráin isteach i bPlean Oibre an Aontais don Chultúr 2023-2026 atá glactha ag na Ballstáit.

Martin Baxa, Aire Cultúir na Seicia
Ní féidir linn neamhaird a dhéanamh den léirscrios ná den chreachadh a rinneadh ar mhúsaeim agus ar oidhreacht chultúrtha na hÚcráine. I bhfianaise fhogha na Rúise, seasann airí cultúir an Aontais i ndlúthpháirtíocht le hearnáil chultúrtha na hÚcráine.
Martin Baxa, Aire Cultúir na Seicia
Martin Baxa, Aire Cultúir na Seicia

Thíolaic Uachtaránacht na Seicia tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le staid na himeartha san obair leanúnach ar an togra reachtach le haghaidh Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán. Tá mar aidhm ag an nGníomh sin rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí na meán. Beidh sé dírithe ar shaoirse, iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint san Aontas.

An Spórt: Géarchéimeanna a úsáid mar dheiseanna

Ó thús 2020 i leith, bhí an iliomad géarchéimeanna nach bhfacthas roimhe le sárú ag earnáil spóirt na hEorpa: Chuir bearta COVID-19 teorainn leis na deiseanna le haghaidh ghníomhaíocht spóirt agus cuireadh comórtais spóirt ar ceal. Tá tionchar ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus an ghéarchéim fuinnimh atá ann dá bharr, ar an earnáil freisin.

Sa chomhthéacs sin, roinn na hairí dea-chleachtais maidir leis an gcaoi ar féidir na géarchéimeanna sin a úsáid mar dheiseanna. Trí uirlisí digiteacha a úsáid (mar shampla, chun páirt a ghlacadh sa spórt ón mbaile), chonacthas gur eascair athrú dearfach as srianta seachtracha. A mhéid a bhaineann leis an ngéarchéim fuinnimh, b’fhéidir go n-aistreofaí an bonneagar spóirt chuig foinsí fuinnimh inbhuanaithe fuinneamhéifeachtúil. Ghlac uachtarán UEFA, Aleksander Čeferin, agus iar-imreoir cispheile Seiceach, Jiří Welsch, a bhfuil taithí aige le NBA, páirt sa díospóireacht freisin.

Tugadh aghaidh freisin ar bhonneagar spóirt níos inbhuanaithe - sa chiall is leithne shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil - sna conclúidí ón gComhairle maidir le bonneagar inbhuanaithe inrochtana spóirt, a d’fhormheas na hairí.

Bhí am fíordheacair ag gach duine a bhfuil baint acu le spórt san Eoraip le cúpla bliain anuas - clubanna, gairmithe agus amaitéaraigh ina measc. Tá sé léirithe ag an earnáil spóirt go bhfuil sí breá ábalta teacht ar réitigh ar na dúshláin a bhaineann leis an bpaindéim agus leis an ngéarchéim fuinnimh atá ann i gcónaí agus cuirfidh sé sin leis an sprioc fhadtéarmach maidir leis an bonneagar spóirt a dhéanamh níos inbhuanaithe. Vladimír Balaš, Aire Oideachais, Óige agus Spóirt na Seicia

Gnó eile

Tharraing an Ghearmáin aird ar dhúshláin na n-institiúidí cultúrtha le linn na géarchéime fuinnimh agus thug an Laitvia eolas faoi roghnú phríomhchathair chultúir na hEorpa. Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi Phobal Eolais agus Nuálaíochta (PEN) an Chultúir agus na Cruthaitheachta de chuid EIT agus faoin Aontas Eorpach agus é mar Aoi Oinigh ag Aonach Idirnáisiúnta Leabhar Guadalajara.

Leag an Laitvia, an Liotuáin, an Eastóin agus an Pholainn béim ar an tsaincheist maidir le cainéil bholscaireachta na Rúise a bheith á dtarchur ag soláthraithe seirbhísí satailíte an Aontais.

Dhírigh toscaireacht na hÍsiltíre ar urraim do chearta an duine agus mórimeachtaí spóirt á sannadh agus thuairiscigh an tSualainn ar an méid a pléadh ag cruinniú Bhord Fondúireachta na Gníomhaireachta Domhanda Frithdhópála (WADA).

Chuir an tSualainn a cláir oibre don chultúr agus spórt i láthair nuair a bheidh an uachtaránacht aici amach anseo.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025