"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An beartas imirce: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le príomhdhlíthe tearmainn agus imirce
Tá céim chinntitheach tugtha ag an gComhairle i dtreo leabhar rialacha an Aontais maidir le tearmann agus imirce a nuachóiriú. Tháinig sí ar chomhaontú maidir le seasamh caibidlíochta i ndáil leis an rialachán maidir leis an nós imeachta tearmainn agus i ndáil leis an rialachán maidir le bainistiú tearmainn agus imirce. Beidh an seasamh sin mar bhonn don chaibidlíocht a dhéanfaidh Uachtaránacht na Comhairle le Parlaimint na hEorpa.
Ní féidir le haon Bhallstát amháin dul i ngleic le dúshláin na himirce ina aonar. Tá ár ndlúthpháirtíocht ag teastáil ó na tíortha túslíne. Agus ní mór do na Ballstáit uile a bheith in ann brath air go gcloífear go freagrach leis an riail a comhaontaíodh. Tá an-áthas orm, ar an mbonn sin, gur thángamar ar chomhaontú maidir lenár seasamh caibidlíochta.
Maria Malmer Stenergard, Aire Imirce na Sualainne
An nós imeachta tearmainn a chuíchóiriú
Bunaítear leis an rialachán maidir leis an nós imeachta tearmainn (APR) nós imeachta comhchoiteann ar fud an Aontais nach mór do na Ballstáit a leanúint nuair atá cosaint idirnáisiúnta á lorg ag daoine. Leis an rialachán sin déantar cuíchóiriú ar na socruithe nós imeachta (e.g. fad an nós imeachta) agus leagtar síos caighdeáin maidir le cearta an iarrthóra tearmainn (e.g. go gcuirfí seirbhís ateangaire ar fáil dó nó di nó an ceart chun cúnamh dlíthiúil agus ionadaíocht dlíthiúil a fháil).
Tá sé d’aidhm ag an rialachán freisin mí-úsáid an chórais a chosc trí oibleagáidí soiléire a leagan amach d’iarratasóirí comhoibriú leis na húdaráis le linn an nós imeachta.
Nósanna imeachta teorann
Leis an Rialachán maidir leis an nós imeachta tearmainn, tugtar isteach nósanna imeachta éigeantacha teorann freisin, agus é de chuspóir acu a mheas go tapa ag teorainneacha seachtracha an Aontais an bhfuil iarratais gan bhunús nó neamh-inghlactha. Ní údaraítear do dhaoine atá faoi réir an nós imeachta teorann dul isteach i gcríoch an Bhallstáit.
Bheadh feidhm ag an nós imeachta teorann nuair a dhéanann iarrthóir tearmainn iarratas ag pointe trasnaithe teorann seachtraí, tar éis don iarrthóir a bheith gafa maidir le trasnú teorann neamhdhleathach agus tar éis dó nó di díbhordáil i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála. Tá an nós imeachta éigeantach do na Ballstáit má tá an t-iarratasóir ina chontúirt don tslándáil náisiúnta nó don ord poiblí, má chuir sé nó sí na húdaráis ar míthreoir le faisnéis bhréagach nó trí fhaisnéis a choinneáil siar agus má tá náisiúntacht ag an iarratasóir a bhfuil ráta aitheantais faoi bhun 20% aici.
Níor cheart fad iomlán an nós imeachta tearmainn agus an nós imeachta um fhilleadh a bheith níos faide ná 6 mhí.
Acmhainneacht leordhóthanach
Chun na nósanna imeachta teorann a chur i gcrích, ní mór do na Ballstáit acmhainneacht leordhóthanach a bhunú, ó thaobh glacadh agus acmhainní daonna de, atá riachtanach chun scrúdú a dhéanamh ag aon tráth ar líon sainaitheanta iarratas agus chun cinntí maidir le filleadh a fhorfheidhmiú.
Ar leibhéal an Aontais, is é 30 000 an acmhainneacht leordhóthanach sin. Bunófar acmhainneacht leordhóthanach gach Ballstáit ar bhonn foirmle ina gcuirfear san áireamh líon na dtrasnuithe teorann neamhrialta agus líon na ndiúltuithe cead isteach i gcaitheamh tréimhse 3 bliana.
Rialacha Bhaile Átha Cliath a mhodhnú
Ba cheart go dtiocfadh an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, a luaithe a chomhaontaítear é, in ionadRialachán reatha Bhaile Átha Cliath. Le Rialachán Baile Átha Cliath leagtar amach rialacha lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann. Leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, déanfar na rialacha sin a chuíchóiriú agus déanfar na teorainneacha ama a ghiorrú. Mar shampla, cuirfear fógra simplí um ghabháil ar ais in ionad an nós imeachta chasta um ghabháil ar ais atá ann faoi láthair agus atá dírithe ar iarratasóir a aistriú ar ais chuig an mBallstát atá freagrach as an iarratas
Sásra dlúthpháirtíochta nua
Chun cothromaíocht a bhaint amach idir an córas atá ann faoi láthair ina bhfuil roinnt Ballstát freagrach as formhór mór na n-iarratas ar thearmann, tá sásra dlúthpháirtíochta nua á mholadh atá simplí, intuartha agus inoibrithe. Leis na rialacha nua, ceanglaítear dá chéile dlúthpháirtíocht éigeantach agus solúbthacht do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le rannchuidithe aonair a roghnú. Áirítear ar na rannchuidithe sin athlonnú, ranníocaíochtaí airgeadais nó bearta dlúthpháirtíochta malartacha ar nós pearsanra a imscaradh nó bearta dírithe ar fhothú acmhainneachta. Tá lánrogha ag na Ballstáit maidir leis an gcineál dlúthpháirtíochta a thugann siad. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar aon Bhallstát choíche athlonnuithe a chur i gcrích.
Beidh líon íosta bliantúil ann le haghaidh athlonnuithe ó na Ballstáit sin ina dtagann formhór na ndaoine isteach san Aontas chuig na Ballstáit ar lú an líon daoine a théann isteach iontu ar an mbealach sin. Is é 30 000 an líon sin, agus is é €20 000 in aghaidh an athshocraithe an méid íosta bliantúil le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais. Is féidir na figiúirí sin a mhéadú i gcás inar gá agus cuirfear san áireamh freisin cásanna ina meastar nach mbeidh gá le dlúthpháirtíocht in aon bhliain ar leith.
Mar chúiteamh i gcás nach ngealltar líon leordhóthanach aslonnuithe, beidh fritháirimh freagrachta ar fáil mar bheart dlúthpháirtíochta dara leibhéal, i bhfabhar na mBallstát a bheidh ag tairbhiú ón ndlúthpháirtíocht. Ciallóidh sé sin go nglacfaidh an Ballstát is ranníocóir freagracht air féin as scrúdú a dhéanamh ar éileamh ar thearmann ó dhaoine a bheadh, faoi ghnáthchúinsí, faoi réir a n-aistrithe chuig an mBallstát atá freagrach (an Ballstát is tairbhí). Beidh an scéim sin éigeantach má bhíonn na gealltanais maidir le hathlonnú faoi bhun 60% d’iomlán na riachtanas arna sainaithint ag an gComhairle don bhliain ar leith nó mura sroichfidh siad an líon a leagtar síos sa rialachán (30 000).
Cosc a chur ar mhí-úsáid agus ar ghluaiseachtaí tánaisteacha
Tá sa Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce freisin bearta arb é is aidhm dóibh aon mhí-úsáid ón iarrthóir tearmainn a chosc agus gluaiseachtaí tánaisteacha a sheachaint (nuair a bhogann imirceach ón tír inar tháinig sé nó sí isteach ar dtús chun cosaint nó athlonnú buan a lorg go dtí áit éigin eile). Leagtar síos sa rialachán, mar shampla, oibleagáidí ar iarrthóirí tearmainn maidir le hiarratas a dhéanamh i mBallstát an chéad dul isteach nó sa Bhallstát ina bhfuil iarratasóir ag fanacht go dlíthiúil. Is díspreagadh é ó thaobh gluaiseachtaí tánaisteacha de mar go gcuireann sé teorainn leis na féidearthachtaí maidir le scor nó aistriú freagrachta idir na Ballstáit agus, ar an gcaoi sin, laghdaítear na deiseanna atá ag an iarratasóir an Ballstát ina gcuirfidh siad a n-éileamh isteach a roghnú.
Cé gur cheart go gcaomhnófaí leis an rialachán nua na príomhrialacha maidir le freagracht a chinneadh, tá sa bheart a comhaontaíodh teorainneacha ama modhnaithe maidir leis an bhfad a mhairfidh an fhreagracht:
beidh Ballstát na chéad iontrála freagrach as an iarratas ar thearmann ar feadh tréimhse 2 bhliain
i gcás inar mian le tír duine a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach go hiarbhír as an imirceach agus go n-éalaíonn an duine sin (e.g. nuair a théann an t-imirceach i bhfolach chun aistriú a sheachaint), aistreofar an fhreagracht chuig an mBallstát aistritheach tar éis 3 bliana
má dhiúltaíonn Ballstát d’iarratasóir sa nós imeachta teorann, tiocfaidh deireadh lena fhreagracht as an duine sin tar éis 15 mhí (i gcás iarratas athnuaite)
Cúlra agus na chéad chéimeanna eile
An dá phíosa reachtaíochta ar tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta ina leith is cuid iad den chomhshocrú maidir le himirce agus tearmann ina bhfuil sraith tograí lena ndéanfar rialacha imirce agus tearmainn an Aontais a athchóiriú. Bhí roinnt tograí reachtacha ag gabháil leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann ón 23 Meán Fómhair 2020. Ina measc, rialachán maidir le bainistiú tearmainn agus imirce agus leasú ar an togra ó 2016 le haghaidh rialachán maidir leis an nós imeachta tearmainn.