Skip to content

Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a stiúrann comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, a bhíonn i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, a chothaíonn comhthoil idir Ballstáit an Aontais agus a áirithíonn comhsheasmhacht agus comhleanúnachas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

An tArdionadaí Kaja Kallas

Is í Kaja Kallas an tArdionadaí reatha, a ceapadh ar feadh tréimhse 5 bliana dar tús mí na Nollag 2024.

An tArdionadaí, Kaja Kallas, ag caint leis na meáin.
Kaja Kallas

Freagrachtaí an Ardionadaí

Déanann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid a leanas:

  • déanann sí Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (CBES) agus an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) a mhúnlú agus a chur i gcrích
  • cuidíonn sí, trína tograí, le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a fhorbairt
  • déanann sí cathaoirleacht ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha
  • cinntíonn sí go gcuirtear chun feidhme na gcinntí a ghlacann an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • déanann sí ionadaíocht ar an Aontas maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála ar a leibhéal féin
  • freastalaíonn sí ar chruinnithe den Chomhairle Eorpach (cé nach comhalta foirmiúil í)
  • tugann sí eolas cothrom le dáta do Pharlaimint na hEorpa maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus leis an tslándáil
  • tá sí freagrach, i gcomhar leis an gComhairle, as misin agus oibríochtaí CBSC
  • tá sí i gceannas ar líonra taidhleoireachta an Aontais ina bhfuil 144 thoscaireacht de chuid an Aontais ar fud an domhain
  • tá sí i gceannas ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus ar Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála

Tá an tArdionadaí ar dhuine de leas-uachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh freisin agus áirithíonn sí comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

Is ionadaí de chuid an Ardionadaí a dhéanann cathaoirleacht ar an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, atá comhdhéanta d’ambasadóirí na 27 mBallstát laistigh den Chomhairle. Déanann an coiste sin faireachán ar an staid idirnáisiúnta sna réimsí a chumhdaítear le CBES agus déanann sé rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach i ndáil le hoibríochtaí bainistithe géarchéime, faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí.

Cathaoirleacht ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha

Déanann an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála cathaoirleacht ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha (CGE), ullmhaíonn sí í agus stiúrann sí í, agus déanann sí obair leantach ar a cinntí. Is iad na hairí gnóthaí eachtracha as Ballstáit uile an Aontais a bhíonn ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha agus is iondúil go dtagann siad le chéile uair sa mhí ar a laghad.

Tagann an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le chéile i bhfoirmíocht/i bhformáidí éagsúla, is é sin airí cosanta, airí forbartha agus airí trádála.

Nuair a bhíonn saincheisteanna a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála á bplé ag CGE, áfach, is é ionadaí an Bhallstáit a bhfuil uachtaránacht rothlach 6 mhí Chomhairle an Aontais aige nó aici a dhéanann cathaoirleacht.

Stair ról an Ardionadaí

Cruthaíodh post an Ardionadaí den chéad uair in 1997 faoi Chonradh Amstardam, cé go raibh na freagrachtaí i réimse na mbeartas seachtrach á roinnt leis an gCoimisinéir Eorpach um Chaidreamh Seachtrach.

Nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm i mí na Nollag 2009, leathnaíodh freagrachtaí an Ardionadaí agus cuireadh uachtaránacht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha agus ról Leas-Uachtarán an Choimisiúin san áireamh leo.

Ina cháil mar Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, cinntíonn an tArdionadaí go bhfuil gníomhaíocht sheachtrach fhoriomlán an Aontais comhsheasmhach agus éifeachtach i réimsí na forbartha, na trádála, an bheartais comharsanachta, na cabhrach daonnúla agus na freagartha ar ghéarchéimeanna.

Ceapachán an Ardionadaí

Is í an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a cheapann an tArdionadaí ar feadh téarma 5 bliana.

Tá ceapachán an Ardionadaí faoi réir vóta um thoiliú ag Parlaimint na hEorpa freisin. Déantar sin toisc go bhfuil an tArdionadaí ar dhuine de Leas-Uachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh freisin agus go bhfuil gá le toiliú Pharlaimint na hEorpa chun an Coimisiún Eorpach ina iomláine a cheapadh.

Iar-Ardionadaithe

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Tugann an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) – seirbhís taidhleoireachta an Aontais – cúnamh don Ardionadaí chun a cuid dualgas a chomhlíonadh.

Bunaíodh SEGS le Conradh Liospóin agus oibríonn sé i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát. Cuimsíonn sé oifigigh agus gníomhairí ón Aontas chomh maith le pearsanra ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Márta 2026