"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 28 Meán Fómhair 2026
Na príomhthorthaí
Tionóladh Comhairle Gnóthaí Eachtracha eile leis na hairí cosanta sa Bhruiséil agus is í Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a bhí ina cathaoirleach uirthi.
Tacaíocht ón Aontas don Úcráin
Phléigh airí cosanta an Aontais tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin i bhfianaise a bhfuil tite amach le déanaí ar an láthair agus na n-iarrachtaí taidhleoireachta leanúnacha atá á ndéanamh chun síocháin chóir mharthanach a bhaint amach a mbeidh ráthaíochtaí láidre slándála mar thaca léi.
In éineacht le hairí an Aontais, bhí Evgeniy Khmara, Aire Cosanta na hÚcráine, trí fhíschomhdháil, le haghaidh seisiún neamhfhoirmiúil tuairimíochta. Chuir an tAire ón Úcráin na riachtanais is práinní i ndáil leis an láthair chatha agus na riachtanais airgeadais i láthair, chomh maith le dearcthaí maidir leis an gcomhar a chur chun cinn agus cuideachtaí na hÚcráine a chomhtháthú i mbonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí.
Sa phlé a bhí ag na hairí ina dhiaidh sin, díríodh ar an aerchosaint, ar an tSaoráid Eorpach Síochána, ar Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMAM) san Úcráin, agus ar scáthchabhlach na Rúise.
Is í an aerchosaint an phríomhthosaíocht atá ag an Úcráin i gcónaí. Feicimid na hionsaithe gach lá. Chuir Aire Cosanta na hÚcráine, Khmara, an méid sin in iúl go han-soiléir arís.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Rinne na hairí a marana ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun cumais aerchosanta na hÚcráine a neartú. Mheabhraigh an tArdionadaí gur formheasadh pleananna soláthair dar luach €28.3 billiún cheana féin faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin, lena n-áirítear gur féidir diúracáin Patriot a cheannach amach anseo. Leag na hairí béim freisin ar an ngá atá le seachadtaí láithreacha ó stoic atá ann cheana agus le borradh a chur faoi na hacmhainneachtaí táirgeachta.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú le déanaí maidir le €6.6 billiún a shlógadh faoin tSaoráid Eorpach Síochána le haghaidh tacaíocht mhíleata don Úcráin. Leag an tArdionadaí béim ar a thábhachtaí atá sé go bhfuil an tSaoráid Eorpach Síochána ar cheann d’ionstraimí lárnacha an Aontais i gcónaí chun tacú leis an Úcráin agus d’fhógair sí plé leis na Ballstáit maidir leis an tsaoráid a athshlánú tar éis a timthrialla cistiúcháin reatha.
Maidir le hoiliúint mhíleata, tháinig na hairí ar chomhaontú i ndáil leis an gcéad chéim den athbhreithniú straitéiseach ar EUMAM Ukraine, lena gcuirtear síneadh 2 bhliain eile le sainordú an mhisin. Bunóidh an misean freisin aonad um chomhordú i gCív chun an t-oideachas míleata a neartú agus chun malartú ceachtanna a foghlaimíodh ar an láthair chatha a éascú.
Ar deireadh, chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoi na hiarrachtaí a rinne cabhlaigh CBSC chun cur i gcoinne ghníomhaíochtaí scáthchabhlach na Rúise, lena n-áirítear bordáil a dhéanamh ar shoithí amhrasacha chun bratacha a fhíorú.
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis an staid sa Mheánoirthear agus a himpleachtaí do chosaint agus do shlándáil na hEorpa, lena n-áirítear saoirse loingseoireachta, feachtas hibrideach na Rúise, a bhfuil géarú ag teacht air, agus an t-athbhreithniú atá ar na bacáin ar an treoir maidir le soláthar cosanta.
Maidir le saoirse loingseoireachta trí Chaolas Hormuz agus trí Chaolas Bab el-Mandeb, agus sa Mhuir Rua, rinne airí cosanta an Aontais a marana ar thionscnaimh taidhleoireachta éagsúla. Ina theannta sin, thug an tArdionadaí an t-eolas is déanaí faoi Oibríocht EUNAVFOR ASPIDES agus faoin ngá atá le sócmhainní náisiúnta breise chun a áirithiú gur féidir leis an Oibríocht tacú go héifeachtach le saoirse loingseoireachta ar fud Bab-el-Mandeb.
Chuir na hairí in iúl freisin gur cúis imní dóibh, murab ionann is riamh, feachtas hibrideach na Rúise, a bhfuil géarú ag teacht air, arb é is aidhm dó aontacht agus dlúthpháirtíocht na hEorpa a lagú. Díríodh sa phlé ar roghanna freagartha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an prótacal slándála éigeandála a fógraíodh le déanaí, comhordú leanúnach le ECAT i gcás inarb iomchuí, agus feabhas a chur ar na hionstraimí ábhartha atá ar fáil don Aontas.
Tá gníomhartha leanúnacha sabaitéireachta, coirloiscthe agus sáruithe aerspáis á ndéanamh ag an Rúis i gcónaí. Ar thaobh an Aontais, tá tionchar nach beag ag na smachtbhannaí i gcoinne déantóirí coire agus díbirt na dtaidhleoirí Rúiseacha, ach ní mór dúinn féachaint ar cad eile is féidir linn a dhéanamh.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí maidir leis an obair chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir maidir le soláthar cosanta. Deis a bhí sa chruinniú do na hairí treoir bhreise a thabhairt don Choimisiún.
Aon ghnó eile agus cinntí eile
Faoi ‘gnó eile’, thug an Danmhairg an t-eolas is déanaí maidir leis an nGraonlainn i bhfianaise ar ar thit amach le déanaí, lena n-áirítear an comhaontú a séalaíodh le déanaí idir an Danmhairg, an Ghraonlainn agus na Stáit Aontaithe chun Comhaontú Cosanta 1951 a leasú agus a fhorlíonadh.
D’fhormheas an Chomhairle na chéad chúig thionscadal Eorpacha leasa choitinn i réimse na cosanta faoin gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP).
Chinn an Chomhairle freisin sainorduithe Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EUBAM Rafah) agus Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) a athnuachan go ceann 9 mí go dtí an 30 Meitheamh 2027.
Chinn an Chomhairle freisin Ollstruchtúr Freagartha an Aontais ar Bhagairtí Spáis a neartú chun freagairt ar iompraíocht mhífhreagrach naimhdeach méadaithe i réimse an spáis.
An lá céanna, chinn an Chomhairle smachtbhannaí a chur ar 10 nduine aonair agus 17 n-eintiteas eile as leanaí Úcránacha a dhíbirt go córasach agus go neamhdhleathach chuig an Rúis, chomh maith le bearta sriantacha a fhorchur ar 10 nduine aonair Rúiseacha as cosc a chur ar Yabloko, páirtí de chuid an fhreasúra, ó thoghcháin Dhúma an Stáit.
Sular cuireadh tús le cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha um Chosaint, chuir Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) – a tionóladh ar leibhéal na n-airí – in iúl gur díol sásaimh dó an chéad tuarascáil bhliantúil maidir le hullmhacht cosanta a d’ullmhaigh GEC i bhfianaise chruinniú na Comhairle Eorpaí an 15-16 Deireadh Fómhair, agus bhí seisiún tuairimíochta aige ina leith. D’fhormheas an Bord freisin an dara céim de neartú na Gníomhaireachta, ag tógáil ar chur chuige céimnithe a cuireadh i láthair i mí na Bealtaine 2026.
Ní mór don Eoraip athrú cinntitheach a dhéanamh ar scála na hinfheistíochta cosanta, na forbartha cumais, na nuálaíochta agus na hacmhainneachta tionsclaíche, agus ar an luas lena dtugtar faoin méid sin.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.