Míniú ar phlean REPowerEU
Tá plean uaillmhianach á chur chun feidhme ag an Aontas chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú agus chun dlús a chur leis an aistriú glas, trí fhuinneamh a shábháil, infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí in-athnuaite agus soláthairtí fuinnimh a éagsúlú.
Chuir an Coimisiún Eorpach an plean REPowerEU chun cinn i mí na Bealtaine 2022. Cuireann an plean le cur chun feidhme tograí Oiriúnach do 55, lena dtacaítear le sprioc uaillmhianach an Aontais laghdú -55% ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh tar éis ghéarchéim COVID-19 mar ionstraim shealadach chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime a mhaolú, an phríomhuirlis chistiúcháin don phlean.
I mí na Nollag 2022, tháinig idirbheartaithe na Comhairle agus na Parlaiminte ar chomhaontú sealadach maidir le hathbhreithniú rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Cuireann na leasuithe ar chumas na mBallstát caibidlí sonracha REPowerEU a chur lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta chun bearta infheistíochta agus athchóirithe a mhaoiniú i gcomhréir le cuspóirí phlean REPowerEU. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua go foirmiúil i mí Feabhra 2023.
Cad is REPowerEU ann?
REPowerEU is ea plean an Aontais chun:
- fuinneamh a shábháil agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh
- éagsúlú a bhaint amach sa soláthar fuinnimh
- dlús a chur leis an aistriú i dtreo fuinneamh glan
Conas a mhaoinítear REPowerEU?
suas le €225 billiún
de iasachtaí nár úsáideadh ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
+€20 billiún i ndeontais nua
60%: an ciste don nuálaíocht
40%: liúntais de chuid an chórais trádála astaíochtaí (CTA) a dhíol
suas le €17.9 billiún
d’fhéadfaí 5% de chistí an bheartais comhtháthaithe a aistriú
suas le €5.4 billiún
aistrithe deonacha ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit chuig an bplean téarnaimh agus athléimneachta
Conas a chuirfidh na Ballstáit REPowerEU i bhfeidhm?
Tíolacadh
más féidir faoin 30 Aibreán 2023 (spriocdháta dlíthiúil d’iarratais ar iasacht: an 31 Lúnasa 2023)
Tíolacfaidh na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe, lena gcuirfear ‘caibidlí ‘REPowerEU’
Beidh sna caibidlí:
- athchóirithe agus infheistíochtaí nua dar tús ón 1 Feabhra 2022
- méadú a dhéanamh ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá cheana féin ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta atá glactha
Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do na bearta atá a gcur chun feidhme cheana agus ar féidir tabhairt fúthu faoi 2026.
Is féidir leo réamh-mhaoiniú a iarraidh dar luach suas le 20% de mhaoiniú breise.
Measúnú
faoi cheann 2 mhí
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú ar na pleananna.
Formheas
faoi cheann 4 seachtaine
Formheasfaidh an Chomhairle na measúnuithe dearfacha trí chinntí cur chun feidhme
Síniú
Síneoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhaontaithe maoiniúcháin agus/nó iasachta nua nó leasaithe.
Cé na bearta a dtacaítear leo?
- éifeachtúlacht fuinnimh a threisiú agus éileamh a laghdú
- an bonneagar fuinnimh agus stóráil leictreachais a fheabhsú agus
- aghaidh a thabhairt ar traiseoladh fuinnimh agus scrogall tarchuir
- an earnáil tionsclaíochta a dhícharbónú
- dlús a chur le himscaradh athnuaiteán agus glacadh hidrigine saor ó iontaise a mhéadú
- tacú le hiompar saor ó astaíochtaí
- an lucht oibre a athcháiliú chun scileanna glasa a thabhairt dóibh
- an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac
An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Feabhra 2025