Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 10 Deireadh Fómhair 2017 12:40

Conclúidí ón gComhairle maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide

1. ATHDHEARBHAÍONN SÍ tacaíocht láidir an Aontais gona Bhallstáit do chur chun feidhme pras Chomhaontú Pháras mar aon le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. DEARBHAÍONN SÍ AN ATHUAIR a thábhachtaí atá sé dul chun cinn gasta agus uaillmhianach a dhéanamh ar chuspóir bunathraitheach Chomhaontú Pháras sreabha airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtreo leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, agus a thábhachtaí atá sé gníomhú, ar bhonn aonair agus i dteannta a chéile, chun an fhreagairt dhomhanda seo ar bhagairt an athraithe aeráide a chur i gcrích. CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí an cuspóir sin a léiriú sa mheastóireacht ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras, lena n-áirítear tríd an athbhreithniú domhanda, agus CUIREANN SÍ IN IÚL gur gá modhanna agus modúlachtaí a fhorbairt d’fhonn an dul chun cinn comhchoiteann i dtreo Airteagal 2.1c de Chomhaontú Pháras a bhaint amach a thomhais a thuilleadh.

2. LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá sé infhaighteacht caipitil a mhéadú don infheistíocht ghlas agus inbhuanaithe agus, sa chomhthéacs sin, IS DÍOL SÁSAIMH DI an méid a baineadh amach le déanaí ar an leibhéal idirnáisiúnta, réigiúnach agus náisiúnta, lena n-áirítear an obair atá déanta ag Grúpa Staidéir G20 ar Mhaoiniú Glas, ag Tascfhórsa an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais maidir le Nochtadh Airgeadais a bhaineann le cúrsaí Aeráide, ag an Sainghrúpa Ardleibhéil um Maoiniú Inbhuanaithe agus ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, d’fhonn feabhas a chur ar chumas an chórais airgeadais maoiniú a shlógadh don fhorbairt sin atá íseal ar astaíochtaí agus seasmhach ó thaobh aeráide de agus a chumas rioscaí airgeadais faoi seach a bhainistiú go leordhóthanach. CUIREANN SÍ I bhFIOS gur cuid rí-thábhachtach de thimpeallacht chumasúcháin is ea an phraghsáil carbóin d’fhonn infheistíochtaí a bhogadh i dtreo teicneolaíochtaí táirgthe glasa agus inbhuanaithe agus d’fhonn réitigh nuálacha a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, TACAÍONN SÍ le tionscnaimh praghsála carbóin agus le tionscnaimh lena moltar deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol nó don gheilleagar agus leanúint inter alia de mhaoiniú a laghdú do thionscadail a tháirgeann a lán astaíochtaí.

3. AITHNÍONN SÍ go bhfuil sé fós ríthábhachtach an sprioc chomhpháirteach a bhaint amach, i dtaobh USD 100 billiún in aghaidh na bliana a shlógadh faoi 2020 ar mhaithe leis an athrú ó bhonn a bheartaítear le Comhaontú Pháras a bhaint amach. ATHDHEARBHAÍONN SÍ go bhfuil an tAontas gona Bhallstáit tiomanta leanúint de chur leis an maoiniú idirnáisiúnta a shlógfar don troid i gcoinne an athraithe aeráide, mar chuid de sprioc chomhpháirteach na dtíortha forbartha USD 100 billiún a shlógadh, ar bhonn comhpháirteach, in aghaidh na bliana idir 2020 agus 2025, don mhaolú agus don oiriúnú, ar maoiniú é a thiocfaidh ó raon leathan foinsí, trí ionstraimí éagsúla agus trí bhealaí éagsúla. DEARBHAÍONN SÍ AN ATHUAIR go mbeidh ról suntasach leanúnach ag maoiniú poiblí don troid i gcoinne an athraithe aeráide. CUIREANN SÍ IN IÚL gurb é an tAontas gona Bhallstáit a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú poiblí ar fáil don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus cuireann sí i dtreis nach mór go mbeadh réimse níos leithne ranníocóirí rannpháirteach feasta. TATHANTAÍONN SÍ ar thíortha forbartha eile is Páirtithe a gcuid gealltanas a chomhlíonadh agus maoiniú príobháideach a shlógadh chun críocha na sprice comhpháirtí seo. CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá peirspictíocht atá dírithe ar thorthaí i ndáil leis an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide lena n-áiritheofar go mbeidh an tionchar is fearr is féidir ag na cistí a chuirfear ar fáil agus a shlógfar.

4. LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá ról na hearnála príobháidí mar chroí-fhoinse don mhaoiniú aeráide agus a riachtanaí atá sé leas níos fearr a bhaint as cumas na hearnála sin maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíocht mhaolúcháin agus oiriúnúcháin, agus TUGANN SÍ DÁ hAIRE an ról lárnach riachtanach a bhíonn ag timpeallacht stóinseach chumasúcháin bheartais chun gur féidir maoiniú de chuid na hearnála príobháidí a bheith ar fáil. TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil raon leathan ionstraimí i bhfeidhm ag an Aontas lenar féidir maoiniú ón earnáil phríobháideach a shlógadh do ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta ar son na haeráide, agus go leanfaidh an tAontas de na hionstraimí sin a fhorbairt agus a fheabhsú.

5. CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá bainc forbartha iltaobhacha i dtaca leis an athrú ó bhonn a bheartaítear le Comhaontú Pháras a thionscain, lena n-áirítear trína gcuid gealltanas 2020 a chomhlíonadh i dtaca leis an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide. TATHANTAÍONN SÍ ar na bainc sin, lena n-áirítear iad siúd a bunaíodh le déanaí, leanúint de chur leis na hinfheistíochtaí sin dá gcuid a bhaineann le cúrsaí aeráide agus ag an am céanna a gcuid acmhainní a úsáid ar bhealach níos nuálaí agus níos éifeachtaí chun caipiteal príobháideach a shlógadh, agus a gcuid gníomhaíochtaí a thabhairt i gcomhréir níos mó le Comhaontú Pháras agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe gaolmhara, lena n-áirítear cuidiú le hacmhainneacht intíre a fhorbairt do cheapadh agus do chur chun feidhme tionscadal.

IS DÍOL SÁSAIMH DI freisin iarrachtaí na mbanc forbartha iltaobhacha ceisteanna aeráide a phríomhshruthú ar fud na bpunann acu agus iad ag saothrú de réir a bpríomhláidreachtaí agus a sainorduithe féin. Mar sin, MOLANN SÍ do na bainc forbartha iltaobhacha maoiniú na ngléasraí cumhachta gualbhreoslaithe a laghdú a thuilleadh agus riachtanais reatha forbartha agus fuinnimh ár dtíortha comhpháirteacha á gcur san áireamh. MOLANN SÍ do na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus do ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe faisnéis a chur ar fáil do na Páirtithe trí Rúnaíocht UNFCCC maidir leis an mbealach is féidir leo a gcuspóirí i ndáil leis an aeráid a phríomhshruthú agus bearta i ndáil le seasmhacht i gcoinne an athraithe aeráide a ionchorprú ina gcúnamh forbartha agus sna cláir sin dá gcuid a bhaineann leis an troid i gcoinne an athraithe aeráide.

6. CUIREANN SÍ IN IÚL go mbeidh an creat trédhearcachta ina ghné ríthábhachtach chun go gcuirfear Comhaontú Pháras chun feidhme go rathúil trí rianú an méid a leanas a fheabhsú: (i) maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide; agus (ii) an dul chun cinn a rinneadh i ngníomhaíochtaí cur chun feidhme arna mbeartú sna rannchuidithe arna chinneadh go náisiúnta. CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá dul chun cinn cothrom a áirithiú i ngach gné den chreat trédhearcachta. CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé an Tionscnamh um Fothú Acmhainní don Trédhearcacht agus tionscnaimh eile lena neartófar an trédhearcacht a chur chun feidhme go pras agus go héifeachtach. IS DÍOL SÁSAIMH DI an dul chun cinn suntasach a rinneadh, sa chaibidlíocht ar Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, maidir le modúlachtaí na cuntasaíochta d’acmhainní airgeadais arna slógadh agus arna mbailiú agus AONTAÍONN SÍ gur gá modheolaíochtaí a fhorbairt a thuilleadh ar mhaithe le rianú a dhéanamh ar mhaoiniú príobháideach a shlógtar trí idirghabháil phoiblí, ar bhealach iontaofa, lena gcumasófar comhbhailiú ach lena seachnófar áireamh dúbailte. Chuige sin, MOLANN SÍ go gcuirfí i bhfeidhm na prionsabail chuntasaíochta don mhaoiniú príobháideach a shlógtar, prionsabail atá á bhforbairt ag Grúpa Comhoibríoch ECFE agus ag Coiste Cúnaimh Forbartha ECFE.

7. LEAGANN SÍ BÉIM ar an tábhacht a bhaineann le hollstruchtúr éifeachtúil domhanda don mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide. AITHNÍONN SÍ rannchuidiú tábhachtach na n-institiúidí agus na sásraí idirnáisiúnta airgeadais i dtaca le maoiniú na troda i gcoinne an athraithe aeráide agus DEARBHAÍONN SÍ AN ATHUAIR go bhfuil sí toilteanach leanúint dá tacaíocht do na hinstitiúidí sin, lena n-áirítear an Ciste Glas don Aeráid. CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht, mar aon le comhleanúnachas agus comhlántacht an ollstruchtúir institiúidigh reatha do mhaoiniú na troda i gcoinne an athraithe aeráide faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide. CUIREANN SÍ I bhFIOS go gcumasófaí leis na feabhsuithe sin rochtain éifeachtúil ar mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide ag tíortha atá i mbéal forbartha d’fhonn tacú le straitéisí faoi stiúir na dtíortha iad féin lena mbogfaí i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus i dtreo na forbartha atá seasmhach ó thaobh aeráide de.

8. CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé cur leis na hacmhainní lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais atá ag na tíortha is boichte agus is leochailí de na tíortha sin atá i mbéal forbartha, amhail na tíortha is lú forbairt agus stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha, agus lena dtacaítear leis na tíortha céanna sin. AITHNÍONN SÍ i dtaca leis an méid sin a thábhachtaí atá na ranníocaíochtaí ón gCiste Oiriúnúcháin, anois agus 10 mbliana ann ó seoladh an ciste sin, agus an tábhacht a bhaineann leis an gciste úd, i measc nithe eile, i dtaca leis an maoiniú don oiriúnú. CUIREANN SÍ IN IÚL go bhfuil an tAontas gona Bhallstáit i mbun iarrachtaí, agus go mbeidh feasta, chun cuid mhaith den mhaoiniú poiblí don troid i gcoinne an athraithe aeráide a chur i dtreo an mhaoinithe don oiriúnú agus go bhfuil an tAontas cheana féin ag tacú leis an oiriúnú trí roinnt ionstraimí teicniúla agus airgeadais. CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá tacú le tíortha atá i mbéal forbartha a gcuid cuspóirí maidir leis an aeráid a phríomhshruthú ina straitéisí forbartha, agus go háirithe chun ceisteanna maidir leis an oiriúnú a chomhtháthú ar gach leibhéal dá bpleananna forbartha.

9. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún Eorpach forléargas a chur ar fáil ar an maoiniú idirnáisiúnta don troid i gcoinne an athraithe aeráide ón Aontas Eorpach, lena n-áirítear ón mBanc Eorpach Infheistíochta, agus óna Bhallstáit don bhliain 2016 agus iarrann sí ar an gComhairle é sin a fhormheas roimh chruinniú COP23 de chuid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024