Cánachas digiteach
Ach rialacha cánach don gheilleagar digiteach atá bunaithe ar phrionsabail an dea-rialachais cánach a bheith ann, féadfar cuidiú leis an bhfás a chur chun cinn agus, i measc tairbhí eile, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach.
Cén fáth a bhfuil gá le cánachas cothrom i dtaobh an gheilleagair dhigitigh?
Is iomaí tairbhe atá á mbaint as an ngeilleagar digiteach ag saoránaigh agus cuideachtaí. Ag an am céanna, le teacht chun cinn cineálacha áirithe gníomhaíochtaí digiteacha agus samhlacha nua gnó, tá méadú tar éis teacht ar an dúshlán roimh na córais chánachais atá ann faoi láthair. Tá sé tábhachtach go n-íocfaidh gach earnáil dár ngeilleagair a gcion cothrom de chánacha agus go gcuirfidh siad le feidhmiú ár sochaithe.
Ceapadh na rialacha reatha lena rialaítear ábhair cánachais idirnáisiúnta le bheith infheidhme maidir le samhlacha gnó a bhfuil láithreacht fhisiciúil acu i dtír. Baineann dúshláin chánach le digitiú méadaitheach na ngeilleagar, mar shampla an laghdú ar ioncam cánach mar gheall ar sheachaint mhí-úsáideach cánach agus imghabháil mhí-úsáideach cánach. Dá bhrí sin, ní mór na rialacha cánach a nuashonrú go leordhóthanach.
I ngeall ar theacht chun cinn teicneolaíochtaí agus samhlacha gnó nua, is iomaí gnólacht digiteach:
- a bhfuil úsáideoirí agus custaiméirí acu i dtír nach bhfuil aon láithreacht fhisiciúil ghnó acu
- a ghineann brabús ón idirghníomhaíocht le húsáideoirí agus custaiméirí trí úsáid a bhaint as a gcuid sonraí agus ionchuir
Ós rud é go nglactar leis fós go mbaineann láithreacht fhisiciúil leis na rialacha cánach, is minic nach ngearrtar cáin ar bhrabúis ó ghníomhaíochtaí digiteacha i ndlínse an mhargaidh (an tír ina bhfuil na húsáideoirí agus na tomhaltóirí).
Athchóiriú domhanda ar rialacha idirnáisiúnta maidir le cánachas corparáideach (gnó)
Tá dlúthnasc idir reachtaíocht an Aontais maidir le rialacha cánach corparáide agus iarrachtaí chun teacht ar réitigh dhomhanda agus is iad na hiarrachtaí sin a spreagann an reachtaíocht chéanna. Tá an chaibidlíocht maidir leis an gcánachas digiteach idirnáisiúnta á stiúradh ag G20 agus ECFE d’fhonn teacht ar chomhthoil maidir le réiteach domhanda fadtéarmach.
Is é Creat Cuimsitheach G20/ECFE maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) atá ag déanamh na hoibre go príomha. Tá 140 tír agus dlínse tugtha le chéile cheana féin ag an tionscnamh sin.
An 8 Deireadh Fómhair 2021, tháinig Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS ar chomhaontú i dtaca le príomhghnéithe an athchóirithe ar na rialacha idirnáisiúnta maidir le cáin a ghearradh ar bhrabúis na bhfiontar ilnáisiúnta. Leagtar síos an comhaontú sin sa ráiteas maidir le réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair, ar a dtugtar freisin ‘Ráiteas Dheireadh Fómhair 2021 i ndáil le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS’.
Chuir Ballstáit uile an Aontais in iúl go dtacaíonn siad leis an ráiteas sin, mar chomhaltaí den Chreat Cuimsitheach agus i gComhairle Ecofin agus sa Chomhairle Eorpach araon.
Déantar foráil i ráiteas mhí Dheireadh Fómhair 2021 i ndáil le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS maidir le réiteach dhá cholún.
Is éard atá i gcolún a haon rialacha agus socruithe lena gcumasófar ath-leithdháileadh na gceart cánach idir na dlínsí ina bhfuil a sciar den mhargadh ag na grúpaí ilnáisiúnta is mó agus is brabúsaí agus ina dtuilleann siad brabús.
Go bunúsach, is éard atá i gcolún a dó rialacha maidir le cánachas éifeachtach íosta ar na grúpaí ilnáisiúnta is mó, agus is é is aidhm dó na deiseanna maidir le creimeadh an bhoinn cánach agus aistriú brabúis a laghdú. Is é is aidhm dó freisin a chinntiú go n-íocfar an t-íosráta domhanda cánach corparáide a comhaontaíodh, is é sin 15 %.
Colún a haon: cearta cánach a ath-leithdháileadh
Is é an príomhthoradh a bhfuiltear ag súil leis ó cholún a haon coinbhinsiún iltaobhach a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe ceart cánach nua (‘méid A’) a fheidhmiú (nó a ‘ath-leithdháileadh’).
Cumhdóidh an téacs réimse leathan rialacha maidir leis an méid seo a leanas
- raon feidhme, nasc, an bonn cánach
- rialacha maidir le hioncam a fhoinsiú i ndáil le cánachas dúbailte a dhíothú
- díospóidí a chosc agus a réiteach
- bearta aontaobhacha a bhaint agus deireadh a chur leo (cánacha digiteacha náisiúnta, mar shampla)
- teacht i bhfeidhm na leasuithe
Cuirfidh ‘Méid B’ cholún a haon deimhneacht mhéadaithe chánach ar fáil trí thagarmharcanna caighdeánaithe maidir le praghsáil aistrithe a chruthú le haghaidh cineálacha coiteanna idirbheart.
Colún a dó: cánachas éifeachtach íosta
Rinneadh dul chun cinn níos tapa ar cholún a dó ná mar a rinneadh ar cholún a haon. An 14 Nollaig 2021, d’fhormheas Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS rialacha samhla ECFE dar teideal ‘Tax Challenges Arising from Digitalisation of the Economy Global Anti-Base Erosion Model Rules (Pillar Two)’ [Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digiteáil an Gheilleagair Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Colún a Dó)]. Tá na Ballstáit uile tiomanta do na rialacha sin.
Tá cánachas éifeachtach íosta, arb é croílár cholún a dó é, bunaithe ar dhá phríomhriail ar a dtugtar rialacha samhla domhanda i gcoinne chreimeadh an bhoinn (‘rialacha GloBE):
- an riail maidir le cuimsiú ioncaim (RCI)
- an riail maidir le híocaíochtaí faoi thearc-cháin (RÍFTC)
Tá sé i gceist leis na rialacha sin a chinntiú go ngearrfar cáin ag ráta éifeachtach 15 % ar a laghad ar na brabúis a dhéanann grúpaí ilnáisiúnta a bhfuil láimhdeachas €750 milliún ar a laghad acu.
Rinneadh an dá riail a thrasuí i ndlí an Aontais trí threoir ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a chinntiú do ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta agus do ghrúpaí intíre ar mhórscála san Aontas.
An dá cholún a thabhairt chun críche
Ag an gcruinniú a bhí aige an 10-11 Iúil 2023, rinne Creat Cuimsitheach G20/ECFE maidir le BEPS dul chun cinn ar na gnéithe eile den tionscadal dhá cholún. Mar cheann de na príomhphointí, dearbhaíodh go bhfuiltear ag súil go ndéanfar an comhaontú deiridh maidir leis an gcoinbhinsiún iltaobhach agus go síneofar é faoi dheireadh 2023.
- Ráiteas maidir le réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digiteáil an gheilleagair (ECFE, an 8 Deireadh Fómhair 2021)
- Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
Beartas cánach an Aontais don gheilleagar digiteach
Tá obair á déanamh ag an Aontas i roinnt réimsí chun a chinntiú go mbeidh na rialacha reatha cánachais oiriúnach don ré dhigiteach. Tá na saincheisteanna sin ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais ó bhí 2017 ann.
I mí an Mhárta 2018, mhol an Coimisiún Eorpach rialacha nua chun cánachas cothrom ar ghníomhaíochtaí digiteacha san Aontas a chinntiú, rud a chuireann fás chun cinn freisin. Tá na tograí ón gCoimisiún ar feitheamh anois, ós rud é go bhfuil an chaibidlíocht i gCreat Cuimsitheach G20/ECFE ag dul ar aghaidh. Má thagtar ar réiteach agus ar chomhaontú domhanda sa chaibidlíocht sin agus má chuirtear chun feidhme go héifeachtach iad, rachadh na tograí i léig.
Is éard a bhí i bpacáiste cánachais dhigitigh 2018 dhá thogra reachtacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- rialacha maidir le cáin chorparáide a athchóiriú ionas go ngearrfaí cáin ar bhrabúis san áit ina mbíonn láithreacht dhigiteach shuntasach ag cuideachtaí
- cáin eatramhach a fhorbairt maidir le hioncam ó sheirbhísí digiteacha (cáin seirbhísí digiteacha)
- Conclúidí ón gComhairle, an 19 Deireadh Fómhair 2017
- Conclúidí ón gComhairle maidir le cánachas digiteach, an 30 Samhain 2017
- Togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le cánachas corparáideach ar láithreacht dhigiteach shuntasach
- Togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir leis an gcóras comhchoiteann i ndáil le cáin seirbhísí digiteacha ar ioncaim a eascraíonn as seirbhísí digiteacha áirithe a sholáthar
Comhar riaracháin maidir le malartú faisnéise a bhaineann le cáin
Ceann de bhunchlocha bheartas cánach an Aontais is ea comhar riaracháin trí eolas a bhaineann le cáin a mhalartú idir na Ballstáit. Cuidíonn sé sin le bailiú éifeachtach ioncaim a chinntiú.
Tá dúshláin ar leith ag baint le digitiú an gheilleagair ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain ag údaráis chánach náisiúnta ar chineálacha áirithe eolais maidir le hioncam ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha digiteacha.
Chun an fhadhb sin a shárú, agus i gcomhréir leis na caighdeáin a comhaontaíodh go domhanda, tá raon feidhme an chomhair riaracháin á leathnú ag an Aontas trí leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar an treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (TCR).
I mí an Mhárta 2021, ghlac an Chomhairle rialacha nua (TCR7) faoina ndéanfaidh údaráis chánach na mBallstát, ó 2023 ar aghaidh, eolas a mhalartú go huathoibríoch maidir leis an ioncam a thuilleann díoltóirí ar ardáin dhigiteacha. Cuidíonn sé sin leis an méid seo a leanas:
- cosc a chur ar imghabháil cánach agus ar sheachaint cánach i ndáil le gníomhaíochtaí ar na hardáin sin
- cothroime chánach a fheabhsú
- cothrom iomaíochta a chothú d’ardáin agus do dhíoltóirí araon
An 17 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle treoir ina bhfuil sraith nua leasuithe ar rialacha TCR (ar a dtugtar TCR8). Is leis an méid seo a leanas a bhain na rialacha go príomha:
- tuairisciú agus malartú uathoibríoch eolais maidir le hioncam ó idirbhearta criptea-shócmhainní
- malartú eolais maidir le réamhrialuithe cánach do na daoine aonair is saibhre (a bhfuil glanfhiúntas ard acu)
Ba é ab aidhm leo comhar riaracháin a neartú idir riaracháin chánach agus raon feidhme na n-oibleagáidí clárúcháin agus tuairiscithe a mhéadú.
Cumhdaíonn na rialacha catagóirí breise sócmhainní agus ioncaim, criptea-shócmhainní, mar shampla. Ní mór do na húdaráis chánach eolas a thuairisceoidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a mhalartú go huathoibríoch. Go dtí seo, níorbh fhurasta do riaracháin chánach na mBallstát comhlíonadh cánach a chinntiú sa réimse sonrach sin. Ós rud é go ndéantar criptea-shócmhainní a dhílárú agus a thrádáil go héasca thar theorainneacha, tá gá le comhar láidir riaracháin idirnáisiúnta chun a chinntiú go mbailítear cánacha go héifeachtach.
- Criptea-shócmhainní: mar a rialaíonn an tAontas na margaí (eolas cúlra)
- Treoir ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Treoir glactha ag an gComhairle chun borradh a chur faoin gcomhar idir na húdaráis náisiúnta chánachais (TCR8) (preaseisiúint, an 17 Deireadh Fómhair 2023)
- Cánachas: rialacha nua glactha ag an gComhairle chun comhar riaracháin a neartú agus díolacháin a áireamh trí ardáin dhigiteacha (preaseisiúint, an 22 Márta 2021)
An 14 Aibreán 2025, ghlac an Chomhairle rialacha nua (TCR9) chun feabhas a chur ar chomhar agus ar mhalartú faisnéise maidir le cánachas corparáideach íosta éifeachtach.
Leis na rialacha nua, déanfar an méid a leanas:
- foirm chaighdeánach aontaithe a chruthú, ar a mbeidh ceanglas ar ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus ar ghrúpaí mórscála intíre iad a úsáid, lena n-oibleagáidí maidir le tuairisceáin a chomhlíonadh faoi Threoir Cholún 2, lena gcuirtear comhaontú domhanda G20/ECFE chun feidhme
- malartú sonraí idir údaráis chánach a fheabhsú
- an t-ualach riaracháin ar chorparáidí a laghdú
Beidh ar gach Ballstát TCR9 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2025.
An pacáiste maidir le CBL sa ré dhigiteach
Tá an tAontas ag obair freisin ar bhearta nua chun athchóiriú a dhéanamh ar chóras cánach breisluacha (CBL) an Aontais chun é a chur in oiriúint don ré dhigiteach.
Tá CBL ar cheann de na foinsí ioncaim is tábhachtaí d'údaráis na mBallstát, a chuireann le seirbhísí poiblí cosúil le hoideachas, cúram sláinte, leabharlanna agus iompar poiblí. Tiomsaíonn Ballstáit an Aontais tuairim is €1000 bhilliún in ioncam CBL san Aontas gach bliain.
Téann sciar den CBL chuig buiséad an Aontais freisin mar ‘acmhainn dhílis’. B’ionann é sin agus rannchuidiú thart ar €20 billiún do bhuiséad an Aontais in 2022.
Mar sin féin, tá méideanna suntasacha d’ioncam CBL fós gan bhailiú agus caillte de dheasca calaoise, drochriaracháin, féimheachta, dócmhainneachta agus tosca eile.
An 11 Márta 2025, thug an Chomhairle formheas deiridh maidir leis an bpacáiste ‘CBL sa ré dhigiteach’ darb aidhm dul i ngleic le calaois CBL, tacú le gnólachtaí agus an digitiú a chur chun cinn.
Leis na rialacha nua, déanfar an méid a leanas:
- feabhas a chur ar an ionad ilfhreastail don chóras clárúcháin CBL ar líne
- ceangal a chur ar ardáin ar líne CBL a íoc ar sheirbhísí iompair paisinéirí agus ar chóiríocht ghearrthéarmach ar cíos, i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhíse aonair díolmhaithe
- na hoibleagáidí maidir le tuairisciú digiteach bunaithe ar shonrascadh leictreonach do ghnólachtaí a oibríonn thar theorainneacha san Aontas a dhéanamh iomlán digiteach faoi 2030
Ionad ilfhreastail le haghaidh clárú CBL
Cuireann na ‘hionaid ilfhreastail’ ar chumas na ngnólachtaí an CBL atá dlite ar na hearraí agus seirbhísí a dhíolann siad le tomhaltóirí i mBallstáit eile a dhearbhú agus a tharchur trí chóras riaracháin Ballstáit amháin agus in aon teanga amháin.
Nuair is mian le cuideachta earraí agus seirbhísí a dhíol le tomhaltóirí i mBallstáit nach é a Ballstáit féin é (ó bhunaíocht a oibríonn sí sa Bhallstát sin), ní mór di clárú le haghaidh CBL sna Ballstáit bhreise sin. Cuireann an fhadhb chéanna isteach ar thrádálaithe ar mian leo stoc a aistriú go Ballstát eile lena stóráil.
Chun aghaidh a thabhairt ar sin, leathnóidh na rialacha nua raon feidhme na ‘n-ionad ilfhreastail’ atá ann cheana chun go n-áireofar earraí áirithe a dhíoltar idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, cuir i gcás leictreachas nó gás, a dhíoltar laistigh de Bhallstát nach é a mBallstát féin é – ní hamháin soláthairtí trasteorann.
A bhuí leis an athrú seo, beidh níos mó gnólachtaí in ann a gcuid riachtanas CBL a chomhlíonadh trí thairseach amháin ar líne, in aon teanga amháin.
Táthar ag súil go sábhálfaidh an beart sin thart ar €8.8 billiún ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna, i gcostais chlárúcháin agus riaracháin thar thréimhse 10 mbliana.
An 13 Bealtaine 2025, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil le treoir nua maidir le rialacha CBL i ndáil le ciandíolacháin earraí allmhairithe agus i ndáil le CBL ar allmhairí. Leis na rialacha nua, beidh trádálaithe nó ardáin eachtracha faoi dhliteanas i leith CBLarallmhairí agus ar chiandíolacháin earraí allmhairithe i mBallstát cheann scríbe deiridh na n-earraí. Spreagfaidh sé sin úsáid an Ionaid Ilfhreastail Allmhairiúcháin (IOSS), toisc go mbeidh gá le trádálaithe nó ardáin eachtracha nach n-úsáideann é a bheith cláraithe i ngach Ballstát.
CBL don gheilleagar ardán
Le blianta beaga anuas, tá fás tagtha ar an ngeilleagar ardán, agus nascann ardáin ar líne soláthraithe seirbhíse agus tomhaltóirí áirithe.
Faoi na rialacha CBL atá ann faoi láthair, ní íocann go leor soláthraithe seirbhísí cóiríochta ar cíos ná seirbhísí iompair do phaisinéirí trí ardáin ar líne CBL. De ghnáth, ní cheanglaítear ar go leor de na soláthraithe sin – cibé acu duine aonair nó gnólacht beag iad – clárú chun críocha CBL nó ní bhíonn a fhios acu go bhféadfadh sé go mbeadh oibleagáid orthu CBL a íoc ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
Sna hearnálacha cóiríochta agus iompair paisinéirí, tá soláthraithe in iomaíocht dhíreach le soláthraithe traidisiúnta atá cláraithe le haghaidh CBL, mar shampla óstáin agus cuideachtaí príobháideacha iompair. Cuir i gcás, bíonn óstáin i gcathracha móra na hEorpa in iomaíocht leis na hardáin ar líne ar a bhfuil na mílte liostú sna cathracha céanna. Níl go leor de na liostuithe sin faoi réir cánachais.
Faoi na rialacha nua, beidh na hardáin sin freagrach as CBL a bhailiú agus a tharchur chuig údaráis chánach i gcás nach ndéanann a soláthraithe seirbhíse amhlaidh.
Cuirfidh sé sin le cothrom iomaíochta idir na hardáin ar líne ar thaobh amháin agus na soláthraithe traidisiúnta cóiríochta gearrthéarmaí agus seirbhísí iompair ar an taobh eile.
Is fusa a bheidh sé do FBManna dá réir sin cloí leis na rialacháin CBL agus iad a thuiscint, go háirithe ar fud na mBallstát éagsúil, agus ioncam suntasach breise CBL á ghiniúint ag an am céanna.
Tuairisciú CBL digiteach
Faoi láthair, cuireann gnóthais a dhíolann sna Ballstáit ‘ráiteas achoimreach’ faoi bhráid a n-údarás cánach náisiúnta gach cúpla seachtain ina dtugann siad forbhreathnú ar a gcuid díolachán le gnóthais i mBallstáit eile an Aontais.
Cruthaíonn moilleanna sa chomhroinnt faisnéise CBL bearna ar féidir le calaoiseoirí teacht i dtír uirthi, rud a fhágann go bhfuil sé deacair do na húdaráis aon idirbhearta amhrasacha nó calaoiseacha a shainaithint go tapa.
Leis na rialacha nua, bunófar córas tuairiscithe dhigitigh fíor-ama le haghaidh CBL trí ríomhshonraisc bunaithe ar an gcaighdeán Eorpach atá ann cheana maidir leis an ríomhshonrascadh.
Eiseoidh gnólachtaí ríomhshonraisc le haghaidh idirbhearta trasteorann, agus déanfaidh siad sonraí a thuairisciú go huathoibríoch do na riaracháin chánach, agus roinnfidh na húdaráis sin na sonraí sin trí chóras nua TF iad ina dhiaidh sin chun aon ghníomhaíocht amhrasach a bhrath.
Tá sé mar sprioc ag an Aontas go dtiocfaidh an córas i bhfeidhm in 2030, agus tá sé mar sprioc aige freisin go mbeidh idir-inoibritheacht iomlán idir na córais náisiúnta faoi 2035.
Déanfaidh an córas ríomhshonrasctha an méid seo a leanas:
- calaois CBL a laghdú suas le €11 bhilliún in aghaidh na bliana
- costais riaracháin agus chomhlíonta do thrádálaithe an Aontais a laghdú breis agus €4.1 billiún in aghaidh na bliana as seo go ceann 10 mbliana
- an idir-inoibritheacht idir na córais atá ann cheana ar fud an Aontais a chinntiú
Féach freisin
An tslí a n-oibríonn beartas cánach an Aontais
An tseachaint cánach san Aontas Eorpach a chomhrac
An t-aistriú digiteach: todhchaí dhigiteach an Aontais a mhúnlú
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Aibreán 2026