- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12 Aibreán 2024
Na príomhthorthaí
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí agus ghlac siad conclúidí maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA).
Leis na conclúidí, tugtar forléargas ar an dul chun cinn atá déanta maidir le STA a chur chun feidhme agus fónann siad mar threoir pholaitiúil don Choimisiún agus do na Ballstáit i gcomhthéacs na meastóireachta meán-téarma ar STA a chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle an 21 Feabhra 2024.
Míniú ar phlean REPowerEU (Grafaic faisnéise)
Fogha na Rúise faoin Úcráin
Thug an Chomhairle aird ar staid na himeartha maidir leis na hiarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais atá ag fogha na Rúise faoin Úcráin. Fuair na hairí an t-eolas is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an staid eacnamaíoch agus bhuiséadach san Úcráin, a bhfuil cur chun feidhme na Saoráide don Úcráin san áireamh air.
G20
D’fhormheas an Chomhairle sainordú an Aontais do chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí Bainc Ceannais G20 an 17-18 Aibreán 2024. D’fhormheas an Chomhairle ráiteas ón Aontas don Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta agus Airgeadais freisin.
Gnó eile
Faoi aon ghnó eile, chuir an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach obair Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i láthair, go háirithe maidir le líonraí coiriúla ar mórscála – a rinne calaois náisiúnta agus trasteorann CBL – a bhrath agus a thabhairt faoi réim an cheartais. Ghabh an Príomh-Ionchúisitheoir buíochas le húdaráis chánachais agus chustaim na mBallstát as an gcabhair mhór a thug siad chun amhras faoi chalaois a thuairisciú. Mar thoradh air sin, rinneadh na líonraí coiriúla trasteorann, a raibh dochar dar luach €11 bhilliún déanta acu do bhuiséad an Aontais agus do bhuiséid náisiúnta, a nochtadh agus a dhíchur.
Is í OIPE an chéad oifig ionchúisimh neamhspleách dhíláraithe de chuid an Aontais. Tá sé de chumhacht aici coireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais, ar nós calaoise, éillithe nó calaois thromchúiseach trasteorann CBL a imscrúdú, a ionchúiseamh agus breithiúnas a thabhairt orthu.
Míreanna gan phlé
Faoi mhíreanna gan phlé, ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le cúnamh macrairgeadais gearrthéarmach práinneach dar luach foriomlán €1 bhilliún d’iasachtaí a thabhairt don Éigipt chun cabhrú léi geilleagar na tíre a chobhsú.
Ghlac an Chomhairle cinneadh lena méadaítear scaireanna an Aontais i gcaipiteal an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF). Leis an méadú caipitil sin, ba cheart go gcinnteofar go dtacóidh an Banc leis an athléimneacht agus leis an atógáil san Úcráin tar éis 2023 agus go leanfar den tacaíocht i ngach ceann de na tíortha ina bhfuil oibríochtaí ar bun aige.
Anuas air sin, ghlac an Chomhairle na gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha eile ar liosta na míreanna A thíos.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Ionsaithe sceimhlitheoireachta in Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023: Smachtbhannaí curtha ag an gComhairle ar thrí eintiteas mar gheall ar fhoréigean gnéasach agus inscnebhunaithe forleathan
- 12/04/2024
- AE-Meiriceá Láir: Cead tugtha ag an gComhairle do chomhaontú comhlachais
- 12/04/2024
- An ciste téarnaimh: Conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir leis an meastóireacht mheántéarmach ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
- 12/04/2024
- Euro 7: Rialacha nua glactha ag an gComhairle maidir le teorainneacha astaíochta le haghaidh gluaisteán, veaineanna agus trucailí
- 12/04/2024
- An Ghaimbia: táillí víosa síos go dtí an gnáthleibhéal
- 12/04/2024
- Cúnamh macrairgeadais dar luach €1 bhilliún glactha ag an gComhairle don Éigipt
- 12/04/2024
- Tiománaithe bus turasóireachta: dlí nua glactha ag an gComhairle chun a ndálaí oibre a fheabhsú
- 12/04/2024
- An imirce dhleathach: Cead tugtha ag an gComhairle do chead oibre agus fanachta aonair do náisiúnaigh tríú tír
- 12/04/2024
- Astaíochtaí tionsclaíocha: rialacha nuashonraithe formheasta ag an gComhairle chun cosaint níos fearr a thabhairt don chomhshaol
- 12/04/2024
- Ag obair i dtreo foirgnimh atá saor ó astaíochtaí faoi 2050: Rialacha glactha ag an gComhairle chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú
- 12/04/2024
- Chomhaontaigh an Chomhairle scaireanna an Aontais sa Bhanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha a mhéadú
- 12/04/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Márta 2025