- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 14 Bealtaine 2024
Na príomhthorthaí
Cánacha siarchoinneálacha
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an Treoir ón gComhairle maidir le faoiseamh níos tapa agus níos sábháilte ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha.
Tá sé riachtanach go ndéanaimid ár nósanna imeachta faoisimh cánach a ailíniú má theastaíonn uainn feidhmiú aontas na margaí caipitil a fheabhsú. Táim an-sásta gur thángamar ar chomhaontú maidir leis an togra tábhachtach seo agus cabhróidh sé linn an chalaois chánach a chomhrac ar bhealach i bhfad níos éifeachtúla. Beidh sé níos fusa dá bharr infheistiú a dhéanamh i dtíortha eile agus tá súil againn go spreagfaidh sé na hinfheisteoirí miondíola go háirithe infheistiú i margaí airgeadais na hEorpa, rud a rachaidh chun tairbhe don gheilleagar ar fad ar deireadh.
Vincent Van Peteghem, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Beilge
- Cánachas: Rialacha nua i ndáil le nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach (FASTER) comhaontaithe ag an gComhairle (preaseisiúint, 14 Bealtaine 2024)
- Cánachas (eolas cúlra)
CBL sa ré dhigiteach
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle, agus rinne siad dul chun cinn ar chomhaontú maidir leis an gcáin bhreisluacha (CBL) sa phacáiste don ré dhigiteach, arb é is aidhm dó dul i ngleic le calaois CBL, tacú le gnólachtaí agus an digiteáil a chur chun cinn.
Féachtar sa phacáiste leis na hoibleagáidí tuairiscithe a nuachóiriú chun críocha CBL tríd an bhfaisnéis faoi gach idirbheart a chaitheann daoine inchánacha a chur isteach a chaighdeánú agus trí úsáid ríomhshonraisc a fhorchur i gcás idirbhearta trasteorann, rud a chuideodh le calaois CBL a chomhrac.
Féachtar ann le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin gheilleagar na n-ardán trí fheabhas a chur ar ról na n-ardán i mbailiú CBL i gcás ina n-éascaíonn na hardáin sin soláthar seirbhísí cóiríochta gearrthéarma ar cíos nó seirbhísí iompair do phaisinéirí.
Tá sé mar aidhm leis an bpacáiste freisin nach gcaithfear clárú ach aon uair amháin chun críocha CBL Bhallstáit uile an Aontais, trí fheidhmiú na gcóras ionaid ilfhreastail atá ann cheana agus na sásraí aistrithe táillí a leathnú agus a fheabhsú.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le staid na himeartha i dtaobh chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA).
Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar na pleananna modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta a chuir an Iodáil agus an Spáinn isteach.
Is í an STA clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais mar fhreagairt ar dhúshláin na paindéime do gheilleagar na hEorpa.
Is í an chuid is tábhachtaí de NextGenerationEU, ar ionstraim théarnaimh shealadach é a chuireann ar chumas an Choimisiúin cistí a thiomsú chun an damáiste práinneach, idir eacnamaíoch agus sóisialta, a tharla mar gheall ar phaindéim COVID-19 a chur ina cheart.
- Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir leis an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hIodáile a fhormheas
- Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir leis an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne a fhormheas
- Plean téarnaimh don Eoraip (eolas cúlra)
Fogha na Rúise faoin Úcráin
Phléigh na hairí staid na himeartha maidir le tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin.
Ghlac Sergii Marchenko, Aire Airgeadais na hÚcráine, páirt sa phlé trí nasc físe.
Phléigh na hairí an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Shaoráid na hÚcráine.
Thug na hairí dá n-aire an dul chun cinn atá déanta ag an gComhairle maidir le brabúis amhantair urghnácha a eascraíonn as sócmhainní blocáilte de chuid na Rúise.
Faoi mhíreanna gan phlé, ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir leis an measúnú ar phlean na hÚcráine.
Bunaithe ar an measúnú ón gCoimisiún, tháinig an Chomhairle ar an gconclúid go gcomhlíonann an Úcráin an réamhchoinníoll le haghaidh tacaíocht faoin tSaoráid don Úcráin. Réiteoidh sé sin an bealach do thacaíocht airgeadais rialta intuartha do théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine sna 4 bliana amach romhainn.
Cuirfidh an tSaoráid don Úcráin tacaíocht airgeadais intuartha ar fiú €50 billiún é ar fáil don Úcráin le linn na tréimhse 2024-2027.
- Plean na hÚcráine: Cead tugtha ag an gComhairle íocaíochtaí rialta a dhéanamh faoin tSaoráid don Úcráin (preaseisiúint, 14 Bealtaine 2024)
- An tSaoráid don Úcráin
- Dlúthpháirtíocht idir an tAontas agus an Úcráin (eolas cúlra)
- Freagairt an Aontais ar ionradh na Rúise ar an Úcráin (eolas cúlra)
Aosú
D’fhormheas an Chomhairle na conclúidí maidir leis na dúshláin i leith na hinbhuanaitheachta fioscaí a eascraíonn as an aosú.
Baintear leas sna conclúidí as príomhthorthaí Thuarascáil 2024 maidir leis an aosú a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach agus an Coiste um Beartas Eacnamaíoch (CBE). Cumhdaítear sa tuarascáil caiteachas poiblí mar a bhaineann le haosú (e.g. pinsin agus cúram sláinte).
D’athdhearbhaigh an Chomhairle san conclúidí uaithi go gcaithfear tuilleadh a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí eacnamaíocha agus buiséadacha a bhaineann leis an aosú, lena n-áirítear trí airgeadas stuama poiblí a ghlacadh, rátaí fostaíochta a ardú, agus córais pinsin agus cúraim sláinte a chur in oiriúint do na dúshláin sin.
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis na dúshláin i leith na hinbhuanaitheachta fioscaí a eascraíonn as an aosú
- Tuarascáil 2024 maidir le hAosú: Réamh-mheastacháin eacnamaíocha agus bhuiséadacha do Bhallstáit an Aontais (2022-2070)
- Comhaid tíre
G20
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin toradh a bhí ar chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 a tionóladh an 17-18 Aibreán 2024 agus faoi chruinnithe earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI).
Litearthacht airgeadais
D’fhormheas an Chomhairle na conclúidí maidir le litearthacht airgeadais arb é is aidhm dóibh rannchuidiú le haontas na margaí caipitil a bhaint amach.
Is den ríthábhachtach é litearthacht airgeadais daoine a threisiú le go mbeidh Aontas na Margaí Caipitil a thógfaimid níos uaillmhianaí, níos cuimsithí agus níos athléimní. Táim an-sásta go bhfuil conclúidí ón gComhairle anois ann mar thoradh ar an bpróiseas a thosaíomar ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil ECOFIN a bhí againn in Gent i mí Feabhra 2024. Tá an litearthacht airgeadais ríthábhachtach má theastaíonn uainn coigilteas díomhaoin a dhíriú ar thionscadail infheistíochta táirgiúla. A fheabhas is atá daoine oilte i dtaobh a gcúrsaí pearsanta airgeadais, is ea is fearr na cinntí airgeadais a dhéanfaidh siad dóibh féin agus don tsochaí i gcoitinne.
Vincent Van Peteghem, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Beilge
Tugann na conclúidí treoir don Choimisiún agus do na Ballstáit faoi conas is féidir eolas agus tuiscint na saoránach ar airgeadas a fheabhsú chun cabhrú leo roghanna airgeadais níos eolaí a dhéanamh agus iad a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais na hEorpa.
Déantar obair leantach sna conclúidí ar an bplé a bhí ag na hairí ag cruinniú neamhfhoirmiúil ECOFIN in Gent i mí Feabhra 2024.
- Aontas na margaí caipitil: Conclúidí maidir le litearthacht airgeadais formheasta ag an gComhairle (preaseisiúint, an 14 Bealtaine 2024)
- Aontas na margaí caipitil
- Litearthacht airgeadais san Aontas Eorpach
Seirbhísí airgeadais
Chuir an Uachtaránacht staid na himeartha i láthair maidir leis na tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais. Is mír í seo a luaitear arís agus arís eile ar chlár oibre ECOFIN.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- An t-airgeadas digiteach (eolas cúlra)
- Aontas na margaí caipitil (eolas cúlra)
Comhghuaillíocht aeráide
Faoi aon ghnó eile, chuir an Uachtaránacht agus aire airgeadais na hÍsiltíre clár oibre straitéiseach 2024-2025 Chomhghuaillíocht na nAirí Airgeadais um Ghníomhú ar son na hAeráide i láthair agus chuir siad na hairí ar an eolas faoin toradh a bhí ar an 11ú cruinniú aireachta den chomhghuaillíocht a bhí ar siúl an 17 Aibreán le linn chruinniú Earraigh CAI.
- Clár oibre don tréimhse 2024-2025
- Comhghuaillíocht na nAirí Airgeadais um Ghníomhú ar son na hAeráide
An comhshocrú maidir le tearmann agus imirce
Ghlac an Chomhairle athchóiriú suntasach ar an gcóras Eorpach tearmainn agus imirce. Ghlac an Chomhairle 10 ngníomh reachtacha, lena mbunaítear leabhar rialacha a chabhróidh le bainistiú ordúil a dhéanamh ar imircigh neamhrialta atá ag teacht isteach, a chruthóidh nósanna imeachta tearmainn éifeachtacha agus aonfhoirmeacha agus a áiritheoidh go gcomhroinnfear an t-ualach go cothrom idir na Ballstáit. ;
- Comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 14 Bealtaine 2024)
- Rialacha tearmainn an Aontais (eolas cúlra)
Idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil (MEDPOL)
Thug an Uachtaránacht reatha agus an dá Uachtaránacht inteachta (an Bheilg, an Ungáir agus an Pholainn) na comhpháirtithe sóisialta, an Banc Ceannais Eorpach, Uachtarán an Ghrúpa Euro agus an Coimisiún le chéile don idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil, a bhíonn ar siúl dhá uair sa bhliain, an 13 Bealtaine.
Thug an cruinniú deis do na comhpháirtithe sóisialta a dtuairimí a chur in iúl i dtaobh na n-ábhar seo:
- an t-athbhreithniú ar na dálaí eacnamaíocha mar atá faoi láthair, conas a bheidh amach anseo, agus na freagairtí beartais iomchuí
- an bonn eacnamaíoch a threisiú: na dúshláin agus na deiseanna, ag díriú go háirithe ar na gnéithe iomaíochais
Idirphlé eacnamaíoch agus airgeadais
Bhí idirphlé eacnamaíoch agus airgeadais ar siúl ar imeall an chruinnithe an 14 Bealtaine.
Thug an Uachtaránacht reatha agus an dá Uachtaránacht inteachta (an Bheilg, an Ungáir agus an Pholainn) airí airgeadais agus gobharnóirí bainc ceannais na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Seoirsia, na Cosaive1, na Moldóive, Mhontainéagró, na Macadóine Thuaidh, na Seirbia, na Tuirce agus na hÚcráine le chéile, mar aon le hionadaithe ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach.
Ghlac an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin páirt sa chruinniú sin den chéad uair. Ghlac an Úcráin páirt mar bhreathnóir chun dúbailt na hoibre a rinneadh cheana i gcomhthéacs na Saoráide don Úcráin a sheachaint.
Is é is aidhm don idirphlé eolas a thabhairt do na rannpháirtithe faoi dhlúthchomhordú na mbeartas eacnamaíoch i measc Bhallstáit an Aontais tríd an Seimeastar Eorpach.
D’fhormheas na hairí conclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais a bhí ann idir an tAontas agus Comhpháirtithe na mBalcán Thiar, an Tuirc, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin.
;
1Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Cur síos ar an Seimeastar Eorpach (eolas cúlra)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Aontas na margaí caipitil: Conclúidí maidir le litearthacht airgeadais formheasta ag an gComhairle
- 14/05/2024
- Cánachas: rialacha nua comhaontaithe ag an gComhairle maidir le nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach (FASTER)
- 14/05/2024
- Comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann glactha ag an gComhairle
- 14/05/2024
- EUAM Ukraine: Síneadh curtha ag an gComhairle le sainordú Mhisean Comhairleach an Aontais le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála go dtí 2027
- 14/05/2024
- Plean na hÚcráine: cead tugtha ag an gComhairle íocaíochtaí rialta a dhéanamh faoin tSaoráid don Úcráin
- 14/05/2024
- Mósaimbíc: Síneadh curtha ag an gComhairle le sainordú mhisean oiliúna an Aontais go dtí 2026 agus an bealach réitithe aici chun misean cúnaimh mhíleata de chuid an Aontais a dhéanamh de
- 14/05/2024
- An Iaráin: bearta sriantacha an Aontais leathnaithe ag an gComhairle i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus do ghrúpaí armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
- 14/05/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025