Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 16 Nollaig 2015 15:30

Astaíochtaí náisiúnta truailleán aeir: Socraíonn an Chomhairle a seasamh maidir le teorainneacha nua

Ar an 16 Nollaig 2015, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi chur chuige ginearálta maidir leis an treoir atá beartaithe chun astaíochtaí náisiúnta a laghdú i gcás truailleáin áirithe (an Treoir nua um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta, mar a thugtar uirthi). Fónfaidh an comhaontú seo, a socraíodh le linn chruinniú na Comhairle Comhshaoil, mar bhunús don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an gcomhad seo.

Leis an togra reachtach seo, rinneadh athbhreithniú ar na huasteorainneacha bliantúla de réir tíre le haghaidh astaíochtaí truailleán áirithe aeir, agus tugtar isteach gealltanais nua laghdúcháin ó 2020 go 2029 agus don tréimhse ó 2030 ar aghaidh.

Is é is aidhm dó díriú níos mó ar na rioscaí sláinte agus ar na tionchair ar an gcomhshaol de dheasca truailliú aeir, agus dlí an Aontais a thabhairt ar aon dul le gealltanais idirnáisiúnta (i bhfianaise go ndearnadh Prótacal Gothenburg a athbhreithniú in 2012).

Truailleáin

Sa Treoir reatha um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta, leagtar síos uasteorainneacha le haghaidh astaíochtaí ceithre thruailleán (dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha agus amóinia). Leagtar síos freisin, sa seasamh ón gComhairle maidir leis an Treoir nua, uasteorainneacha le haghaidh truailleán nua agus ábhar cáithníneach sármhín, ach ní leagtar síos uasteorainneacha ann le haghaidh meatáin mar a mhol an Coimisiún. Fágadh an truailleán sin ar lár ón raon feidhme ar eagla go mbeadh forluí ann le bearta amach anseo maidir leis an aeráid agus le fuinneamh agus a bhainfeadh le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.

Gealltanais maidir le laghduithe náisiúnta

Is iad na gealltanais laghdúcháin náisiúnta céanna atá i seasamh na Comhairle agus atá i bPrótacal athbhreithnithe Gothenburg le haghaidh gach truailleán don tréimhse idir 2020 agus 2029. Ach tá gealltanais nua laghdúcháin tugtha don tréimhse ó 2030 ar aghaidh. Tá siad bunaithe ar an measúnú teicniúil a rinneadh ar an laghdú a d’fhéadfaí a dhéanamh i ngach tír, ar na meastacháin náisiúnta ar líon na n-astaíochtaí in 2030 agus ar an sprioc i dtaobh an tionchar atá ag an truailliú aeir ar an tsláinte a laghdú.

Maidir leis na leibhéil idirmheánacha astaíochtaí do 2025 a mhol an Coimisiún, bheadh deis ag na Ballstáit, le seasamh na Comhairle, ruthag neamhlíneach a leanúint i dtaca lena laghduithe dá mba rud é go mbeadh sé sin níos éifeachtaí.

Solúbthacht

Molann an Chomhairle go mbeadh breis solúbthachta ag na Ballstáit. Féadfar, mar shampla, meán na n-astaíochtaí bliantúla a thógáil bunaithe ar astaíochtaí na bliana roimhe sin agus ar astaíochtaí na bliana ina dhiaidh sin. Féadfar é sin a dhéanamh murar féidir le Ballstát an gealltanas a thug sé a chomhlíonadh bliain ar leith, toisc é bheith níos fuaire nó níos teo ná mar is gnáth nó mar gheall ar athruithe eacnamaíocha gan choinne.

Tá sé beartaithe freisin, i gcásanna áirithe, go mbeifear in ann neamhchomhlíonadh i gcás truailleán amháin a chúiteamh le laghdú coibhéiseach i gcás truailleán eile ar feadh tréimhse áirithe ama.

Ina theannta sin, d’fhéadfaí a rá go mbeadh a chuid oibleagáidí á gcomhlíonadh ag Ballstát dá mbeadh briseadh eisceachtúil nó caillteanas eisceachtúil sa soláthar cumhachta nó sa soláthar teasa.

Amlíne agus na chéad chéimeanna eile

Thíolaic an Coimisiún an togra sin mar chuid de "phacáiste i ndáil le cáilíocht an aeir" i mí na Nollag 2013. Bhí dhá dhíospóireacht bheartais ag an gComhairle i mí an Mheithimh 2014 agus i mí an Mheithimh 2015. I mí Dheireadh Fómhair 2015, vótáil Parlaimint na hEorpa ar a seasamh maidir leis an Treoir atá beartaithe. Fónfaidh cur chuige ginearálta na Comhairle mar bhunús don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, d’fhonn teacht ar chomhaontú sa ghearrthéarma.

Bhí an méid a leanas le rá ag an Aire Dieschbourg ó Lucsamburg atá mar Uachtarán ar an gComhairle Comhshaoil: "Téann truailliú aeir i bhfeidhm ar shláinte chuile shaoránach. Ní mór dul i mbun gnímh láithreach chun feabhas a chur ar cháilíocht an aeir san Eoraip. Ainneoin go raibh an plé fíorchasta, d'éirigh linn teacht ar chomhréiteach cothrom inniu, comhréiteach atá uaillmhianach go maith ach a dtacaíonn formhór na mBallstát leis. Ba cheart dúinn ár ndícheall a dhéanamh toradh fónta a bhaint amach, a bheadh dílis d'uaillmhian na Treorach agus do mheon an Chomhaontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a socraíodh i bPáras".

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024