Skip to content

Soghluaisteacht chóir an lucht saothair san Aontas Eorpach

The EU aims to increase labour mobility through initiatives such as 'matchmaking' between job-seekers and employers, and fighting undeclared work.

Tá an tAontas Eorpach ag obair chun soghluaisteacht chóir an lucht saothair a mhéadú san Eoraip trí na bacainní atá uirthi a bhaint.

Tacaíonn an tAontas le soghluaisteacht trí chuidiú le lucht cuardaithe poist agus fostóirí san Eoraip teacht ar a chéile, cibé áit a mbíonn siad. Tá sé ag iarraidh freisin a chinntiú nach mbainfear mí-úsáid as oibrithe taistil an Aontais agus cuidiú le comhordú an chomhraic i gcoinne na hoibre neamhdhearbhaithe.

Rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm go beacht maidir le hoibrithe a phostú

Leis an treoir chun reachtaíocht a fhorfheidhmiú maidir le hoibrithe a phostú, féachtar le cur le cearta oibrithe atá ar postú, soláthar trasteorann seirbhísí a dhéanamh níos éasca agus dumpáil shóisialta a chomhrac. Is é is aidhm don treoir feabhas a chur ar chur i bhfeidhm na rialacha atá ann cheana, gan iad a athrú.

Ghlac an Chomhairle an t-athbhreithniú ar an treoir maidir le hoibrithe a phostú ar an 21 Meitheamh 2018.

Údarás Eorpach Saothair nua chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht trasteorann an lucht saothair

Tá an tAontas ag iarraidh Údarás Eorpach Saothair nua a bhunú chun feabhas a chur ar chomhar trasteorann. Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna an chomhlachta nua seo:

  • rochtain a éascú ar fhaisnéis d'fhostaithe, fostóirí agus údaráis náisiúnta riaracháin maidir le cearta agus oibleagáidí i dtaca le soghluaisteacht trasteorann
  • tacú le comhordú idir na Ballstáit i dtaca le forfheidhmiú trasteorann reachtaíocht ábhartha an Aontais
  • idirghabháil a dhéanamh idir na Ballstáit d'fhonn díospóidí trasteorann eatarthu a réiteach
  • réitigh a éascú i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair