"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh, ag díriú ar ghné sheachtrach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun cinn.
Sa lá atá inniu ann, níl san Afraic ach 2 % de na hastaíochtaí domhanda, mar gheall ar an leibhéal íseal tomhaltais fuinnimh per capita. Caithfear an tomhaltas sin a mhéadú. Más mian linn go mbeadh an leibhéal céanna cáilíochta beatha ag muintir na hAfraice - a bhfuil a líon ag dul i méid - beidh orthu a dtomhaltas fuinnimh a mhéadú agus, ag an am céanna, gan astaíochtaí CO2 a mhéadú. Beidh iarracht as cuimse ag teastáil chuige sin agus beidh orainn seasamh in éineacht lenár gcomhpháirtithe Afracacha. Beidh an aeráid mar chuid lárnach dár gcomhpháirtíocht leis an Afraic.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Le linn an phlé, leag na hairí béim ar an ngá atá le dul i dteagmháil leis an Afraic agus ar an tábhacht a bhaineann le 2021 chun go n-éireoidh le COP26, Comhdháil na Náisiún Aontaithe 2021 maidir leis an Athrú Aeráide. Chuir an tArdionadaí i dtábhacht go bhfuil sé mar chuid lárnach de bheartas eachtrach agus slándála an Aontais dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus an t-aistriú fuinnimh a bhainistiú agus go bhfanfaidh sé mar sin. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ábhar sin.
Bhí plé ag an gComhairle le hAire Gnóthaí Eachtracha na Seapáine, Toshimitsu Motegi. Phléigh siad a gcineálacha cur chuige maidir leis an Ind-Aigéan Ciúin, agus chomhaontaigh siad go mbeadh tairbhe le rannpháirtíocht fheabhsaithe an Aontais sa réigiún, chomh maith le comhar feabhsaithe leis an tSeapáin agus le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo maidir le saincheisteanna ar chun leas choitinn iad agus ar údar imní iad. Sa chomhthéacs sin, chuir an tSeapáin agus an tAontas in iúl gur spéis leo araon comhar a chur chun cinn i réimsí amhail an nascacht, an tslándáil mhuirí, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, an trádáil agus an infheistíocht, saincheisteanna digiteacha, agus an t-iltaobhachas a chur chun cinn agus an t-ord riailbhunaithe idirnáisiúnta a chosaint. Dhearbhaigh an tArdionadaí Josep Borrell gur spéis leis an Aontas a chur chuige féin a fhorbairt maidir le réigiún na hInd-Aigéin Chiúin, agus chuir sé in iúl gur mór aige straitéis shaor agus oscailte na Seapáine maidir leis an Ind-Aigéan Ciúin.
Chuir an tArd-Ionadaí Borrell na hairí ar an eolas faoin Rúis agus faoi na himeachtaí a bhaineann le coinneáil Alexey Navalny. Cháin an Chomhairle ollchoinneáil agus brúidiúlacht na bpóilíní thar an deireadh seachtaine agus d’iarr sí ar an Rúis an tUasal Navalny agus iad siúd ar fad atá faoi choinneáil a scaoileadh saor láithreach. Sa chomhthéacs sin, chuir an tArdionadaí an Chomhairle ar an eolas faoin gcuairt a thabharfaidh sé ar Mhoscó go luath.
Cuireadh na hairí ansin ar an eolas faoi straitéis an Aontais maidir le vacsaíní COVID-19 a roinnt le comhpháirtithe an Aontais.
Táim lánchinnte go bhfuil dáileadh cothrom vacsaíne ar fud an domhain mar chuid den réiteach, ní hamháin ar chúiseanna a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht dhomhanda ach ar mhaithe lenár slándáil sláinte féin freisin. Ní bheidh muidne sábháilte, go dtí go mbeidh gach duine sábháilte.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh an Chomhairle freisin an caidreamh leis na Stáit Aontaithe, agus an obair atá ar intinn ag an Aontas a dhéanamh le rialtas nua SAM maidir le saincheisteanna tábhachtacha domhanda – mar atá an t-athrú aeráide, an Iaráin agus an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) agus comhar i bhfóraim iltaobhacha.
Phléigh na hairí, ina dhiaidh sin, gnéithe uile an chaidrimh leis an Tuirc mar a sainaithníodh iad sna Conclúidí ón gComhairle i mí na Nollag, lena n-áirítear smachtbhannaí, agus d’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá sé dul i dteagmháil leis an Tuirc d’fhonn an t-idirphlé agus an comhar a chur chun cinn agus a chomhdhlúthú.
Ardaíodh cás Giulio Regeni freisin. Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir gur ábhar tromchúiseach é sin don Aontas ar fad, agus d’iarr sé ar an Éigipt arís comhoibriú go hiomlán le húdaráis na hIodáile, go dtabharfaí iad siúd atá freagrach chun cuntais agus go ndéanfaí freastal ar an gceartas.
Phléigh an Chomhairle go hachomair staid na n-imirceach sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus an staid i gCorn na hAfraice agus i réigiún Tigray.
Gnó eile
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Veiniséala agus cás píolótach choincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe i Murascaill na Guine.
Le linn lóin neamhfhoirmiúil, phléigh na hairí an comhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcomhbheartas eachtrach, slándála agus cosanta. Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas réidh chun dul i dteagmháil leis an Ríocht Aontaithe maidir le saincheisteanna móra domhanda – bíodh sin an t-athrú aeráide nó obair le chéile ar an bhfreagairt dhomhanda ar phaindéim an choróinvíris.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.