"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin.
Ag tús an chruinnithe, labhair Dmytro Kuleba, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, le hairí an Aontais ar feadh tamall gearr trí fhíschomhdháil, agus chuir sé ar an eolas iad faoi na forbairtí is déanaí ar an láthair agus faoi éifeachtaí ollmhóra fhogha na Rúise ar an bpobal sibhialta sa tír agus ar an tslándáil bia ar fud an domhain.
Tá an Rúis ag iarraidh an Úcráin agus náisiún na hÚcráine a scriosadh, agus ag an am céanna géarchéim dhomhanda bia agus fuinnimh a chruthú. D’aontaigh na hairí d’aon ghuth gur gá leanúint de bheith ag seasamh go daingean leis an Úcráin agus ár dtacaíocht ar fad a thabhairt di agus í ag troid ar son na saoirse agus an neamhspleáchais. Tá níos mó arm de dhíth ar an Úcráin; cuirfimid ar fáil iad. Sin an fáth a bhfuil an chéad tráinse eile den tSaoráid Eorpach Síochána molta agam, agus €500 milliún eile á leithdháileadh agam. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an togra sin.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Leanfaidh an Chomhairle dá cuid oibre maidir le bearta sriantacha bunaithe ar thogra comhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, lena n-áirítear bearta chun aon lúb ar lár a dhúnadh agus teacht timpeall ar smachtbhannaí a sheachaint. Chuir an tArdionadaí i dtreis go n-oibríonn smachtbhannaí an Aontais agus go bhfuil tionchar mór acu ar gheilleagar na Rúise.
Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin maidir lena clár oibre don athchóiriú a chur chun feidhme faoi chuimsiú na peirspictíochta Eorpaí, tar éis don Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir a dheonú di le déanaí. Ba cheart don chéad chruinniú eile de Chomhairle Comhlachais AE-an Úcráin a bheith ar siúl an 5 Meán Fómhair 2022.
An caidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib
Bhí plé ag an gComhairle maidir le caidreamh an Aontais le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib.
Mar gheall ar iarmhairtí diúltacha chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go háirithe praghsanna atá ag dul i méid agus ganntanais bia, leasachán agus fuinnimh, buaileadh tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib go dona.
Mar sin féin, tá Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib fós ina gcomhpháirtithe an-tábhachtach de chuid an Aontais i roinnt réimsí. Ar an gcúis sin, chomhaontaigh an Chomhairle dlús a chur leis an ‘gcaidreamh trasatlantach eile’ sin agus dul chun cinn cáilíochtúil a bhaint amach sa chaidreamh idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib.
Leag na hairí béim ar a thábhachtaí agus a phráinní atá sé an líonra de chomhaontuithe trádála agus comhlachais a thabhairt chun críche agus bailchríoch a chur air, agus tús áite á thabhairt dóibh siúd le Meicsiceo agus leis an tSile.
Chomhaontaigh an Chomhairle cruinniú a thionól idir airí gnóthaí eachtracha an Aontais agus Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh in Buenos Aires i mí Dheireadh Fómhair 2022, le linn Uachtaránacht pro tempore na hAirgintíne ar Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh.
An Taidhleoireacht Dhigiteach
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an Taidhleoireacht Dhigiteach agus d’fhormheas sí conclúidí maidir leis an ábhar sin.
Chuir an tArdionadaí i dtreis go bhfuil an tAontas ag dul i muinín uirlis eile beartais eachtraigh chun tacú lena ról geopholaitiúil agus lena uaillmhianta sa chluiche cumhachta teicneolaíochta domhanda.
Sna conclúidí a formheasadh, leagtar amach go soiléir a bhfuil ar intinn ag an Aontas sa réimse sin: samhail rialála an Aontais a chur chun cinn go gníomhach trí comhghuaillíochtaí a fhorbairt maidir le saincheisteanna digiteacha, cláir oiliúna a fhorbairt chun ‘taidhleoirí digiteacha’ a tháirgeadh, agus feabhas a chur ar an gcomhordú leis na Náisiúin Aontaithe agus le comhlachtaí iltaobhacha eile.
Sa chomhthéacs sin agus mar chéad chéim nithiúil, osclóidh an tAontas oifig thiomnaithe de chuid an Aontais in San Francisco chun feabhas a chur ar thaidhleoireacht dhigiteach an Aontais sna Stáit Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe.
Cúrsaí reatha
Bhí malartú tuairimí ag airí an Aontais maidir leis an athchromadh ar chruinnithe na Comhairle Comhlachais le hIosrael, nach raibh ar siúl ó 2012 i leith. Chomhaontaigh siad na cruinnithe a thionól arís agus tús a chur leis an obair chun seasamh an Aontais a chinneadh. Níl aon athrú tagtha ar sheasamh an Aontais maidir le Próiseas an Mheánoirthir ó chonclúidí 2016 ón gComhairle lena dtacaítear leis an réiteach dhá stát.
Phléigh an Chomhairle freisin forbairtí sa Túinéis, roimh an reifreann bunreachtúil an 25 Iúil. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé don Túinéis bogadh i dtreo na normáltachta institiúidí agus an leagan amach daonlathach a chaomhnú. Tá idirphlé cuimsitheach náisiúnta ina bhunchloch d’aon phróiseas bunreachtúil inchreidte agus d’aon chobhsaíocht fhadtéarmach.
Ar deireadh, phléigh na hairí an staid i Srí Lanca agus i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile
D’fhormheas an Chomhairle freisin na conclúidí seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.