"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 27 Samhain 2023
Na príomhthorthaí
Bhí cruinniú ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, ina cumraíocht Trádála, Dé Luain, an 27 Samhain 2023, faoi chathaoirleacht Státrúnaí Trádála na Spáinne, Xiana Méndez. Is é Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Valdis Dombrovskis a rinne ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin.
Ní fada go síneoimid an comhaontú nuachóirithe idir an tAontas agus an tSile. Is ionann sin agus céim eile chun tosaigh inár gcaidreamh le Meiriceá Laidineach. Agus tríd an gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn, neartóimid freisin naisc le ceann de na comhpháirtithe is dlúithe atá againn sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus ar domhan.
Xiana Méndez, Státrúnaí Trádála na Spáinne
An Eagraíocht Dhomhanda Trádála
Phléigh na hairí staid imeartha an ullmhúcháin don 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, atá le bheith ar siúl ón 26 go dtí an 29 Feabhra 2024 in Abú Daibí.
Dhírigh an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Dombrovskis ar cheithre phríomhthosaíocht an Aontais do MC13:
Sásra um Réiteach Díospóidí/an Bhuanchomhlacht Achomhairc lánfheidhmiúil a athbhunú. Is í seo an tosaíocht is mó atá ag an Aontas maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar MC13. Chuir an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin na hairí ar an eolas faoin staid na himeartha maidir leis an bpróiseas neamhfhoirmiúil faoi stiúir éascaitheora sa Ghinéiv
chun an dara céim den chaibidlíocht maidir le Fóirdheontais Iascaigh a thabhairt chun críche agus chun an comhaontú cinniúnach ar thángthas air ag MC12 a dhaingniú ionas gur féidir leis teacht i bhfeidhm faoi MC13
síneadh a chur leis an moratóir ríomhthráchtála agus leis an gclár oibre ríomhthráchtála, atá fite fuaite ina chéile
color: inherit;
spás tiomnaithe le haghaidh plé maidir le hidirghabháil stáit agus inbhuanaitheacht chomhshaoil, atá anois ina ndúshláin phráinneacha maidir leis an mbeartas trádála domhanda do na blianta amach romhainn, a sheoladh. Is cuí aghaidh a thabhairt ar an dá ábhar seo, ar saincheisteanna an-ábhartha iad araon, faoi athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála.
I measc na spriocanna insoláthartha eile a d’fhéadfadh a bheith ann do MC13 bheadh: talmhaíocht — ag díriú ar shlándáil bia — agus forbairt.
Bhí an amlíne maidir le glacadh agus síniú an chomhaontaithe trádála eatramhaigh leis an tSile ar an gclár oibre freisin. Chuir Uachtaránacht na Spáinne na hairí ar an eolas faoin ullmhúchán i dtaca leis an gcinneadh ón gComhairle a bhaineann leis an gComhaontú Eatramhach Trádála leis an tSile a ghlacadh.
Táthar ag súil go síneofar an comhaontú i mí na Nollag. Dhearbhaigh Coreper téacsanna an chinnidh ón gComhairle le déanaí maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an chomhaontaithe agus maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa chun a toiliú a fháil.
An caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe
Phléigh na hairí freisin staid na himeartha maidir leis na príomh-shaincheisteanna sa chaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe tar éis an chruinnithe mullaigh dhéthaobhaigh a bhí ann le déanaí, chomh maith leis an mbealach chun cinn.
Thug na hairí aghaidh ar an Socrú Domhanda maidir le Cruach agus Alúmanam Inbhuanaithe, a mbeidh sé riachtanach bealach chun cinn a aimsiú ina leith a oibreoidh don dá thaobh. Sa chomhthéacs sin, thagair na hairí freisin don tsaincheist a bhaineann le leanúint de bhearta ‘Roinn 232’ na Stát Aontaithe, agus bearta frithchothromaithe an Aontais, a chur ar fionraí, agus tagraíodh chomh maith don tsaincheist ghaolmhar maidir le feidhmiú chóras na gcuótaí cruach agus alúmanaim sna Stáit Aontaithe. Táthar ag súil go ndéanfar cinneadh níos déanaí i mí na Nollag maidir le bearta frithchothromaithe an Aontais a chur ar fionraí, i gcomhthéacs an nós imeachta coiste.
Ina theannta sin, thug na hairí aghaidh ar staid na himeartha sa chaibidlíocht i dtaca leis an gComhaontú maidir le Mianraí Criticiúla. Thacaigh siad le hiarrachtaí an Choimisiúin teacht ar réitigh a bheidh inghlactha ag an dá thaobh maidir leis na saincheisteanna atá fós gan réiteach.
A luaithe a thabharfar an Comhaontú seo chun críche, ba cheart go mbeifí in ann caitheamh leis an Aontas mar chomhpháirtí ‘comhaontú saorthrádála’ chun críocha cheanglais foinsithe an Achta um Laghdú Boilscithe SAM le haghaidh mianraí criticiúla a úsáidtear i bhfeithiclí leictreacha.
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do chlár oibre trádála trasatlantach dearfach réamhbhreathnaitheach a chur chun cinn, agus tá an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ríthábhachtach i ndáil leis sin. Phléigh na hairí spriocanna insoláthartha a d’fhéadfadh a bheith ann do na cruinnithe a bheidh ag an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta (TCC) atá ar na bacáin chomh maith le gnéithe níos straitéisí de TCC. Tá dáta beacht an chéad chruinnithe eile (5ú) den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta fós le cinneadh.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
Gnó eile
Ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún, cuireadh na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme agus faoi fhorfheidhmiú bheartas trádála an Aontais.
Caibidlíocht trádála atá ar siúl faoi láthair
Le linn lóin oibre, phléigh na hairí staid na caibidlíochta trádála atá ar siúl faoi láthair, agus na comhaontuithe a caibidlíodh cheana agus atá fós ar feitheamh.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.