Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), an 21 Samhain 2023, 21 Samhain 2023

Na príomhthorthaí

Cúrsaí Reatha

Cuireadh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, ina foirmíocht forbartha, ar an eolas i ndáil leis an staid san Úcráin, cúnamh don Phalaistín, cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne agus obair leantach ar Chruinniú Mullaigh AE-CELAC.

Thug Pilar Cancela Rodríguez – Státrúnaí na Spáinne um Chomhar Idirnáisiúnta – a bhí ina cathaoirleach ar an gcruinniú thar ceann an Ardionadaí Borrell, nuashonrú ar chúrsaí i ndáil le tacaíocht an Aontais le haghaidh atógáil na hÚcráine, agus béim ar leith á leagan ar ghnéithe slándála agus athléimneachta, agus ar chomhthéacs níos leithne ghealltanais slándála an Aontais don Úcráin, agus béim á leagan ar an ngá atá leis an tSaoráid a ghlacadh a luaithe is féidir chun maoiniú cobhsaí intuartha a chinntiú le haghaidh atógáil na hÚcráine.

Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoin athbhreithniú atá á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an gcomhar leanúnach um fhorbairt leis an bPalaistín. Leag siad béim ar an ngá atá lena chinntiú go mbeidh rochtain ar an gcabhair dhaonnúil i stráice Gaza.

Tráth ghlactha an tuarascáil chomhpháirteach ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ón gCoimisiún Eorpach i ndáil leis an meastóireacht mheántéarmach ar Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne, chuir an tAire Cancela Rodríguez, i gcomhar leis an gCoimisinéir um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta Jutta Urpilainen, na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme an phlean le linn a chéad 2 bhliain (2021-22) agus d’fhógair siad go gcuirfí síneadh leis go dtí 2027.

Thug an tAire Cancela Rodríguez caint ghairid leantach mar gheall ar Chruinniú Mullaigh AE-CELAC a eagraíodh sa Bhruiséil an 17 agus an 18 Iúil 2023, agus ba dhíol sásaimh di gur síníodh‘EL PAcCTO’, Clár Cúnaimh na hEorpa agus Mheiriceá Laidinigh in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta, príomhthionscadal i réimse an cheartais agus na slándála sa chomhar idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach. Pléadh freisin staid na himeartha maidir le Clár Oibre Infheistíochta ‘Global Gateway’ do Mheiriceá Laidineach agus Muir Chairib.

Seisiún neamhfhoirmiúil le hUachtarán an Bhainc Dhomhanda, Ajay Banga

Is trí fhíschomhdháil a bhí an seisiún i gcomhthéacs an athchóirithe leanúnaigh ar na bainc forbartha iltaobhacha, tar éis Chruinnithe Bliantúla Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (Marrakech, an 9 go dtí an 15 Deireadh Fómhair) agus roimh COP28 in Dubai (an 30 Samhain go dtí an 12 Nollaig). Thug sé deis díriú ar fhís straitéiseach agus ar uaillmhianta straitéiseacha an Uachtaráin Banga don Bhanc Domhanda, ar chomhpháirtíochtaí a neartú, an chomhpháirtíocht leis an Aontas san áireamh, agus ar ghníomhaíocht a fheabhsú maidir leis an athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht. Ba é an cruinniú le Ajay Banga an chéad chruinniú ina ról mar Uachtarán ar an mBanc Domhanda.

Rannpháirtíocht Fhoireann na hEorpa i dtimpeallachtaí casta san Afraic

Le linn lón oibre, bhí seisiún tuairimíochta ag na hAirí, maidir le rannpháirtíocht Fhoireann na hEorpa i dtimpeallachtaí casta san Afraic. Díríodh sa phlé ar ‘chrios na héagobhsaíochta’ atá ag teacht chun cinn ó Mhurascaill na Guine go dtí an tAigéan Indiach, agus béim ar leith á leagan ar an tSaiheil, d’fhonn oibriú chun comhthuiscint a bhaint amach ar na dúshláin sna timpeallachtaí sin agus smaointe a roinnt maidir le cur chuige comhleanúnach Fhoireann na hEorpa.

Rinne na hairí trácht freisin ar an staid i gCorn na hAfraice, ina bhfuil easpa slándála agus riachtanais shuntasacha dhaonnúla agus coinbhleachtaí leanúnacha sa tSúdáin agus sa tSomáil. Tá riachtanais dhaonnúla san Aetóip ard i gcónaí freisin mar gheall ar éifeachtaí na n-eachtraí aeráide, na gcoinbhleachtaí agus an fhoréigin idirphobail, agus ráigeanna galar.

Chuidigh plé na nAirí le teacht ar chomhthuiscint ar na dúshláin a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais i dtimpeallachtaí casta agus bhíothas in ann smaointe tosaigh a roinnt maidir le cur chuige comhleanúnach, comhtháite ach difreáilte sna tíortha sin i dtaca le Foireann na hEorpa.

Fóram ‘Global Gateway’

Ina theannta sin, faoi aon ghnó eile, chuir an tAire Cancela Rodríguez agus an Coimisinéir Urpilainen na hAirí ar an eolas faoi Fhóram ‘Global Gateway’, a bhí ar siúl sa Bhruiséil an 25 agus an 26 Deireadh Fómhair. Le linn an Fhóraim, síníodh raon comhaontuithe agus gealltanas infheistíochta i réimsí an fhuinnimh ghlais, an taighde agus an oideachais, na n-amhábhar criticiúil agus na gconairí iompair le comhpháirtithe ó gach cearn den domhan.

Ba dhíol sásaimh don Choimisinéir Urpilainen síniú Chomhaontú Shamó an 15 Samhain a tháinig in ionad Chomhaontú Cotonou

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025