Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 7 Aibreán 2025

Na príomhthorthaí

An caidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe

Bhí plé ag na hairí maidir leis an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus tugadh treoir don obair atá le teacht.

I bhfianaise a bhfuil tite amach le déanaí, go háirithe de bharr fhorchur (páirteach) tharaifí na Stát Aontaithe, thapaigh na hairí an deis chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtaraifí nua sin agus féachaint an bhféadfaí réitigh atá inghlactha go frithpháirteach a chaibidil, arb é cur chuige tosaíochta an Aontais i gcónaí é.

Sa bhreis ar fhreagairt an Aontais i ndáil le taraifí na Stát Aontaithe ar chruach agus ar alúmanam, taraifí atá á n-ullmhú faoi láthair, thug na hairí aghaidh ar an bhféidearthacht frithbhearta comhréireacha breise a dhéanamh más gá.

Is oth go mór leis an Aontas taraifí nua na Stát Aontaithe agus tá sé tiomanta i gcónaí don idirphlé chun teacht ar réiteach caibidlithe a bheidh inghlactha don dá thaobh. Léiríonn Comhairle an lae inniu go bhfuil na Ballstáit aontaithe agus diongbháilte leasanna na saoránach agus na ngnólachtaí araon a chosaint. Tacaímid leis an gCoimisiún Eorpach agus beimid foighneach agus daingean inár bhfreagairt. Déanfar gach rogha a mheas.

Michał Baranowski, Forúnaí Stáit in Aireacht Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Polainne, atá freagrach as Trádáil

Maidir leis an gcéad chéim eile, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit measúnú cúramach ar na taraifí is déanaí a fógraíodh (taraif 20% ar an Aontas) chomh maith le haon bhearta nua a d’fhéadfadh a bheith ag teacht ó na Stáit Aontaithe.

Ní mór a chinntiú go leanfaidh cur chuige an Aontais de bheith cothrom agus éifeachtach, go mbeidh ár leasanna eacnamaíocha á gcosaint againn agus, ag an am céanna, go mbeimid oscailte do réitigh chomhthairbheacha.

An caidreamh trádála leis an tSín

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an staid reatha agus a bhfuil i ndán don chaidreamh trádála idir an tAontas agus an tSín amach anseo.

Chuir an Coimisinéir Šefčovič na hairí ar an eolas faoi staid naisc trádála an Aontais leis an tSín, tar éis dó cuairt a thabhairt ar an tír sin. Thug sé tuairisc ar an bplé a bhí aige leis an Leas-Phríomh-Aire He Lifeng, leis an Aire Tráchtála Wang Wentao, agus leis an Aire Custaim Sun Meijung. Sa phlé sin, díríodh ar conas an caidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus an tSín a fheabhsú agus a athchothromú.

Is príomh-chomhpháirtí trádála ag an Aontas an tSín go fóill; is í an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas agus an dara comhpháirtí trádála is mó atá aige ó thaobh trádáil earraí de. Mar sin féin, is ábhar imní iad na míchothromaíochtaí trádála atá ag dul i méid.

€304.5 billiún a bhí san easnamh trádála idir an tAontas agus an tSín in 2024; cé gur dul chun cinn an méid sin ar fhigiúirí 2022 (€397 mbilliún), is ionann é, mar sin féin, agus an leibhéal is airde riamh ó thaobh méide de. In 2024, bhí infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) na Síne san Aontas ar an leibhéal is airde le 5 bliana anuas, arbh ionann é agus €185 bhilliún; bhí IDC an Aontais sa tSín cobhsaí ag €184 bhilliún.

Colláis theibí ina bhfuil gnéithe de bhratacha na Stát Aontaithe agus an Aontais agus coimeádáin lasta.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Míniú ar tharaifí an Aontais

Míniú ar tharaifí an Aontais

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Bealtaine 2025