"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 22 Bealtaine 2026
Na príomhthorthaí
An tslándáil eacnamaíoch agus an tionchar atá ag an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear ar thrádáil
Fuair airí trádála an Aontais an t-eolas is déanaí maidir leis an tslándáil eacnamaíoch, agus béim faoi leith á leagan ar an tionchar atá ag an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear, ar shreafaí trádála domhanda, ar shlabhraí soláthair agus ar mhargaí fuinnimh. Bhí seisiún tuairimíochta acu maidir leis na hiarmhairtí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha do gheilleagar an Aontais, go háirithe i bhfianaise imshuí Chaolas Hormuz. Bhain an díospóireacht leis na tionchair a bhfuil coinne leo ar phraghsanna fuinnimh agus ar mhoilleanna lóistíochtúla, agus leis an gcaoi a gcuireann na tosca sin, i dteannta a chéile, iomaíochas thionscail na hEorpa i mbaol.
Sa tírdhreach geopholaitiúil atá ann faoi láthair, is ríléir gur gá dúinn éagsúlú agus dí-rioscú a dhéanamh. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag an trádáil i ndáil leis sin, rud a neartaíonn athléimneacht agus uathriail straitéiseach an Aontais, agus is príomhthosaíocht é sin d’Uachtaránacht na Cipire.
Michael Damianos, Aire Fuinnimh, Tráchtála agus Tionscail Phoblacht na Cipire
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin maidir le freagairtí straitéiseacha, agus leag siad béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an mbeartas trádála maidir le slándáil agus athléimneacht eacnamaíoch an Aontais a neartú. Díríodh ar dhlús a chur le héagsúlú foinsí soláthair agus bealaí iompair chun neamhchosaint ar shuaitheadh criticiúil soláthair a mhaolú gan spleáchais fhadtéarmacha nua a chruthú. Tarraingíodh anuas freisin an gá atá le comhordú cothrománach níos dlúithe a chinntiú le beartais thionsclaíocha agus iomaíochais an Aontais.
Ina theannta sin, phléigh na hairí na hearnálacha sonracha a bhfuil an brú is déine rompu ó thaobh an iomaíochais de, agus ag an am céanna phléigh siad leordhóthanacht bhosca uirlisí rialála reatha an Aontais chun leasanna an Aontais a chosaint ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn.
An tAthchóiriú ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT): obair leantach ar an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála
Mar obair leantach ar an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála a tionóladh an 26‑30 Márta 2026 in Yaoundé, Camarún, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha Trádála an t‑athchóiriú ar an Eagraíochta Dhomhanda Trádála. Tháinig deireadh leis an 14ú Comhdháil Aireachta gan a bheith in ann teacht ar chomhaontú maidir pacáiste torthaí, lena n‑áirítear an t‑athchóiriú ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus síneadh a chur leis an moratóir ar dhleachtanna custaim ar ríomhthráchtáil. Le linn an phlé, ba chúis aiféala do na hairí toradh diúltach an 14ú Comhdháil Aireachta, chomh maith leis na hiarrachtaí neamhrathúla chun na saincheisteanna sin a thabhairt chun críche ag cruinniú Chomhairle Ghinearálta EDT go luath i mí na Bealtaine.
D’ainneoin na gcéimeanna ar gcúl sin, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas láidir don chóras iltaobhach trádála, agus béim á leagan aici ar ábharthacht leanúnach EDT maidir le hintuarthacht agus cothroime na trádála agus na hinfheistíochta idirnáisiúnta a chinntiú. Phléigh na hairí na chéad chéimeanna eile agus an straitéis a bheidh ann amach anseo i ndiaidh an 14ú Comhdháil Aireachta, iad ag díriú ar conas príomhthosaíochtaí an Aontais a chur chun cinn.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin maidir leis na forbairtí ilpháirtithe is déanaí, mar shampla an comhaontú eatramhach maidir le ríomhthráchtáil agus an comhaontú um infheistíocht a éascú don fhorbairt.
Le linn an lóin, d’fhéach na hairí ar an dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht trádála atá ar siúl faoi láthair, lena n-áirítear an chaibidlíocht leis an Téalainn, leis an Malaeisia, leis na hOileáin Fhilipíneacha agus le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Deis a bhí ann freisin machnamh a dhéanamh ar an obair chun comhaontuithe a caibidlíodh le déanaí a thabhairt chun críche, is iad sin comhaontuithe leis an Indinéis, leis an India agus leis an Astráil. Chun cur i bhfeidhm níos tapúla na gcomhaontuithe móra trádála sin a éascú, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le bealaí féideartha chun dlús a chur le nósanna imeachta inmheánacha an Aontais.
Ar an iomlán, ba dhíol sásaimh don Chomhairle an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le clár oibre trádála an Aontais, agus chuir sí i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach líonra fabhrach trádála an Aontais a leathnú ar mhaithe le hathléimneacht an tslabhra soláthair, iomaíochas domhanda agus éagsúlú eacnamaíoch.
Ba dhíol sásaimh do na hairí freisin gur síníodh an Comhaontú Trádála Eatramhach idir an tAontas agus Meicsiceo, a bhí ar siúl le linn an ochtú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Meicsiceo an 22 Bealtaine 2026.
Ghlac an Chomhairle an Rialachán athbhreithnithe maidir le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP) lena dtugtar fabhar trádála don Aontas do thíortha atá i mbéal forbartha.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.