Skip to content
• An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 11 Bealtaine 2026

Na príomhthorthaí

Na Balcáin Thiar

Phléigh an Chomhairle caidreamh an Aontais leis na Balcáin Thiar, tar éis bricfeasta neamhfhoirmiúil le hairí gnóthaí eachtracha na sé chomhpháirtí de chuid na mBalcán Thiar.

Bhí plé leathan ag an gComhairle maidir le saincheisteanna reatha, lena n-áirítear príomhfhorbairtí geopholaitiúla, an leas coiteann a bhaineann leis an gcobhsaíocht agus an tslándáil a chur chun cinn sa réigiún, agus an comhar in ábhair a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC).

Chomhaontaigh airí an Aontais go leanfaidh an tAontas dá rannpháirtíocht leis an réigiún roimh an gcruinniú mullaigh a bheidh ann an 5 Meitheamh 2026 agus go ndéanfaidh sé bearta nithiúla chun an comhar maidir le hábhair eachtracha, slándála agus cosanta a dhoimhniú. Ciallaíonn sé sin go mbeidh tacaíocht bhreise ón Aontas i gcoinne bagairtí hibrideacha ann, lena n-áirítear maidir leis an mbréagaisnéis a chomhrac, ailíniú le CBES a spreagadh agus comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta a dhéanamh sa bhreis orthu sin a tugadh i gcrích cheana leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh.

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

Tar éis seisiún tuairimíochta neamhfhoirmiúil le AndriiSybiha, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, a bhí i láthair, phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dhírigh an plé ar thacaíocht an Aontais don Úcráin a neartú agus luadh roinnt gnéithe: tacaíocht airgeadais, mhíleata agus fuinnimh, agus ráthaíochtaí slándála an Aontais, lena n-áirítear Lárionad Satailítí an Aontais a neartú chun tacú le faireachán a dhéanamh ar an sos comhraic agus chun teacht timpeall ar smachtbhannaí a chomhrac. Phléigh na hairí freisin tacaíocht do leanaí a bheith ag filleadh ón Úcráin roimh chruinniú ardleibhéil na Comhghuaillíochta Idirnáisiúnta chun Leanaí na hÚcráine a thabhairt abhaile a bheidh ar siúl an lá céanna, agus d’athdhearbhaigh siad an tábhacht gheostraitéiseach a bhaineann le conair aontachais na hÚcráine.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Ní obair charthanachta é an Úcráin a thabhairt isteach san Aontas ach infheistíocht inár slándáil féin. Agus is soiléir an teachtaireacht atá againn do Putin. Is tábhachtaí todhchaí Eorpach na hÚcráine dúinn féin ná scrios na hÚcráine don Rúis.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Maidir le brú a chur ar an Rúis, ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne 16 dhuine aonair agus seacht n-eintiteas eile atá freagrach as leanaí Úcránacha a dhíbirt go córasach agus a aistriú le forneart chuig Cónaidhm na Rúise agus laistigh de chríocha atá faoi fhorghabháil shealadach.

Chomhaontaigh na hairí leanúint de bheith ag obair i dtreo tuilleadh beart sriantach lena bhféadfaí sruthanna ioncaim na Rúise a ghearradh, agus phléigh siad saincheist na caibidlíochta síochána, a ndéanfar tuilleadh plé uirthi ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh ag na hAirí Gnóthaí Eachtracha sa Chipir go luath.

Ar deireadh, ghlac an Chomhairle sainordú neartaithe do Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM)

An staid sa Mheánoirthear

Le linn an lóin, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí faoin staid sa Mheánoirthear i bhfianaise a bhfuil tite amach le déanaí sa réigiún.

An Iaráin

Phléigh an Chomhairle staid na himeartha maidir leis an gcogaíocht i Réigiún na Murascaille agus phléigh sí comhar an Aontais le tíortha na Murascaille a neartú mar gheall ar an ngéarú sa réigiún.

Chomhaontaigh airí an Aontais a thábhachtaí atá sé an caidreamh a dhoimhniú ar fud na mbealaí slándála, cosanta agus taidhleoireachta. Bhí na hairí sásta oibriú ar bhearta sriantacha an Aontais a neartú chun an tsaoirse loingseoireachta a chinntiú agus bhí plé ann féachaintan bhféadfaí Oibríocht ASPIDES a neartú.

Iosrael agus an Phalaistín

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le hIosrael agus an Phalaistín. Chuir na hairí in iúl gur cúis mhór imní dóibh an ghéarchéim dhaonnúil leanúnach in Gaza agus cur chun feidhme stadachan phlean síochána faoi Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ag meabhrú a thábhachtaí atá sé aird idirnáisiúnta agus rannpháirtíocht idirnáisiúnta a bheith i gceist leis i gcónaí, chomh maith le béim a leagan ar an ngá atá le rochtain ar chabhair dhaonnúil a chinntiú. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé rannchuidiú le téarnamh luath Gaza agus tacú le hiarrachtaí athchóirithe Údarás na Palaistíne.

Pléadh an staid sa Bhruach Thiar, atá ag dul in olcas, agus na bearta a ghlac rialtas Iosrael le déanaí freisin. Go háirithe, i bhfianaise an fhoréigin atá ag dul i méid agus leathnú na lonnaíochtaí ar an mBruach Thiar, agus mar obair leantach ar na conclúidí ó Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta agus ar an bplé a rinneadh ag Comhairle Gnóthaí Eachtracha mhí Aibreáin, d’fhógair an tArdionadaí gur tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil chun dul ar aghaidh le smachtbhannaí spriocdhírithe maidir le lonnaitheoirí agus eintitis antoisceacha a thacaíonn le lonnaíochtaí ar an mBruach Thiar. Ag an am céanna, chomhaontaigh na hairí bearta sriantacha breise a dhéanamh i gcoinne phríomhphearsana Hamas. Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle freisin maidir le tuilleadh roghanna beartais, lena n-áirítear bearta a bhaineann le trádáil i ndáil le hallmhairiú táirgí a thagann ó na lonnaíochtaí sin.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Táimid ag bogadh ar aghaidh ón tsáinn pholaitiúil a bhí ann le fada an lá. Bíonn iarmhairtí ag baint leis an bhforéigean agus ag an antoisceachas.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

An Liobáin

Phléigh na hairí freisin an staid dhaonnúil uafásach sa Liobáin, i bhfianaise na cogaíochta leanúnaí idir Iosrael agus Hezbollah. D’iarr siad ar an dá thaobh seasamh le sos cogaidh an 16 Aibreán agus d’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá sé ceannasacht agus iomláine chríochach na Liobáine a urramú.

Plé neamhfhoirmiúil le hAire Gnóthaí Eachtracha Cheanada

In éineacht leis na hairí, bhí Aire Gnóthaí Eachtracha Cheanada, Anita Anand ann chun plé neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach agus ar an gcomhar maidir le saincheisteanna idirnáisiúnta leasa choitinn, roimh chruinniú na Comhghuaillíochta Idirnáisiúnta chun Leanaí na hÚcráine a thabhairt abhaile.

Anailís nuashonraithe ar bhagairtí

D’fhreastail airí gnóthaí eachtracha an Aontais ar chur i láthair maidir le torthaí anailís chuimsitheach nuashonraithe an Aontais ar bhagairtí.

Aon ghnó eile agus aon chinntí eile

Faoi aon ghnó eile, chuala na hairí ó na Ballstáit seo a leanas:

• An Rómáin - maidir leis an sárú a rinne ladrainn Rúiseacha ar aerspás na Rómáine le déanaí agus maidir leis an imeacht ardleibhéil ar an gConair Ingearach Gáis a tionóladh ar imeall an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh
• An Chróit - maidir le Cruinniú Mullaigh na dTrí Mhuir agus ag an bhFóram Gnó a tionóladh in Dubrovnik
• An Iodáil agus an Chróit - maidir le cruinniú aireachta neamhfhoirmiúil MED9++ a bhí ar siúl sa Róimh, an 7 Bealtaine 2026, mar ar seoladh comhghuaillíocht le haghaidh rochtain dhomhanda ar leasacháin agus slándáil bia i bhfianaise ghéarchéim Hormuz

Ghlac an Chomhairle dhá chinneadh lena n-údaraítear síniú an Chomhaontaithe Iltírigh Nuachóiritheagus an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh idir an tAontas agus Meicsiceo.

I gcomhthéacs thiomantas an Aontais a bheith ag obair leis an tSiria an athuair, ghlac an Chomhairle cinneadh lena gcuirtear deireadh le fionraí pháirteach an Chomhaontaithe Comhair idir an tAontas agus an tSiria, a tugadh isteach in 2011.

Chinn an Chomhairle síneadh bliana a chur le bearta sriantacha an Aontaisina gcoinne siúd a mbíonn baint acu le cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, go dtí an 18 Bealtaine 2027.

D’fhormheas an Chomhairle an Coinbhinsiún lena mBunaítear Coimisiún Idirnáisiúnta Éileamh don Úcráin.

Ar imeall an chruinnithe

Ag deireadh chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha i mí na Bealtaine, rinne Kaja Kallas, an tArdionadaí, agus Marta Kos, an Coimisinéir um Méadú, thar ceann an Aontais, in éineacht le Andrii Sybiha, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, agus Anita Anand, Aire Gnóthaí Eachtracha Cheanada, comhchathaoirleacht ar chruinniú ardleibhéil na Comhghuaillíochta Idirnáisiúnta chun Leanaí na hÚcráine a thabhairt abhaile.

Ina dhiaidh sin, rinne an tArdionadaí Kaja Kallas comhchathaoirleacht ar an gcéad idirphlé polaitiúil ardleibhéil idir an tAontas agus an tSiria, in éineacht le hAire Gnóthaí Eachtracha agus Easaoránach rialtas idirthréimhseach na Siria, Asaad Hassan al-Shaibani. Deis a bhí san idirphlé dul chun cinn a dhéanamh maidir le caidreamh an Aontais leis an tSiria a athbhunú agus breathnú ar na sraitheanna oibre atá ann chun tacú leis an aistriú sa tír.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Is comhartha tábhachtach é sin maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSiria a normalú [...] Ghníomhaigh an tAontas go mear chun tacú leis an aistriú polaitiúil agus leis an atógáil nuair a tháinig deireadh le réimeas Assad.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Bealtaine 2026