Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), 18 Bealtaine 2026

Na príomhthorthaí

Tionóladh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, ina foirmíocht Forbartha, sa Bhruiséil agus is í Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a bhí ina cathaoirleach uirthi.

A bhfuil i ndán don ghníomhaíocht sheachtrach

Phléigh an Chomhairle a bhfuil i ndán do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus comhthéacsanna geopholaitiúla agus geo-eacnamaíocha atá ag athrú á gcur san áireamh. Chuir na hairí in iúl go raibh an comhar um fhorbairt fós ina cholún lárnach de chaidreamh seachtrach an Aontais agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé creidiúnacht an Aontais mar chomhpháirtí prionsabálta, intuartha agus iontaofa a chaomhnú agus oiriúnú do thírdhreach domhanda atá ag athrú go tapa ina bhfuil méadú ag teacht ar an iomaíocht, leibhéil laghdaithe cúnaimh oifigiúil forbraíochta (COF) agus brú méadaitheach ar an gcóras iltaobhach.

Díríodh sa phlé i measc na n-airí ar an gcaoi ar féidir leis an gcomhar um fhorbairt an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta agus leasanna straitéiseacha an Aontais á gcur chun cinn ag an am céanna. Chomh maith leis sin, phléigh na hairí an chaoi le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a dhéanamh níos dírithe, níos éifeachtaí agus níos infheicthe, agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcomhordú idir cuspóirí forbartha, eacnamaíocha agus beartais eachtraigh. Chuige sin, rinneadh tagairt sa phlé freisin do ról fhoirmíocht Forbartha na Comhairle Gnóthaí Eachtracha mar fhóram tábhachtach chun tosaíochtaí beartais sheachtraigh an Aontais a mhúnlú.

Ghlac an Chomhairle conclúidí ina n-iarrtar cur chuige níos láidre ón Aontas i leith na leochaileachta, an chomhair um fhorbairt agus na forbartha inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta.

Ról Global Gateway i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais

Bhí seisiún tuairimíochta ag airí forbartha an Aontais freisin maidir le ról na straitéise Global Gateway i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Leis an straitéis, a seoladh in 2021, slógtar acmhainní poiblí agus príobháideacha chun tacú le hinfheistíochtaí inbhuanaithe i bpríomhearnálacha ar fud an domhain.

I bhfianaise athruithe geopholaitiúla a bhfuil tionchar acu ar shlándáil eacnamaíoch, uathriail straitéiseach agus athléimneacht an Aontais, chuir na hairí in iúl go bhféadfadh Global Gateway a bheith ina uirlis ag an Aontas chun tosaíochtaí beartais sheachtraigh a aistriú trí chur chuige Fhoireann na hEorpa agus trí chomhpháirtíochtaí comhthairbheacha. Phléigh na hairí an ról a bheidh ag an straitéis amach anseo, go háirithe maidir leis an gcaoi ar féidir léi tosaíochtaí agus riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta a bhaint amach agus cothromaíocht a aimsiú idir leasanna straitéiseacha an Aontais san am céanna.

Leag na hairí béim freisin ar an luach breise a bhaineann le cur chuige Fhoireann na hEorpa agus phléigh siad bealaí chun an leas is fearr is féidir a bhaint as rannchuidiú na mBallstát, na n-institiúidí airgeadais Eorpacha agus na hearnála príobháidí. Ar deireadh, d’ardaigh siad an gá atá le struchtúir éifeachtacha chomhordúcháin agus rialachais chun cur chun feidhme comhleanúnach na straitéise a chinntiú, chomh maith le cumarsáid níos solúbtha agus níos straitéisí a bheith ann.

Tionchar chogadh na hIaráine

Thug na hairí aghaidh ar iarmhairtí domhanda na coinbhleachta san Iaráin, ag díriú ar chur isteach ar chúrsaí fuinnimh agus iompair, rioscaí i dtaobh na slándála bia agus soláthair leasacháin, agus d’fhéach siad ar an gcaoi ar féidir le comhar an Aontais um fhorbairt freagairt ar na dúshláin sin go déthaobhach agus go hiltaobhach araon.

Chuir na hairí in iúl freisin gur cúis imní dóibh impleachtaí geopholaitiúla níos leithne na coinbhleachta, lena n-áirítear brú ar an imirce, ar an gcóras iltaobhach agus ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht leanúnach an Aontais le tíortha comhpháirtíochta agus le fóraim idirnáisiúnta ábhartha chun tionchar na géarchéime a mhaolú agus chun comhar idirnáisiúnta a chaomhnú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda.

Díríodh sa phlé freisin ar thionscnaimh leanúnacha agus tionscnaimh bheartaithe an Aontais agus na mBallstát chun athléimneacht a neartú i dtíortha comhpháirtíochta agus chun tacú leo siúd is mó atá thíos leis an gcoinbhleacht.

Cinntí eile

Chinn an Chomhairle síneadh a chur le bearta sriantacha an Aontais lena ndírítear ar dhaoine aonair agus ar eintitis a bhfuil baint acu le hiar-réimeas al-Assad sa tSiria go dtí an 1 Meitheamh 2027, agus dhíliostaigh sí seacht n-eintiteas.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Bealtaine 2026