Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 15 Meitheamh 2026

Na príomhthorthaí

Plé neamhfhoirmiúil le hAire Gnóthaí Eachtracha na hAirméine

Bhí seisiún tuairimíochta ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais, le linn bricfeasta, le Ararat Mirzoyan, Aire Gnóthaí Eachtracha na hAirméine. Rinneadh an plé neamhfhoirmiúil i gcomhthéacs na dtoghchán parlaiminteach a bhí ann an 7 Meitheamh agus díríodh ar thoradh na dtoghchán sin, ar chuir an Rúis isteach orthu ar bhealach nár bhfacthas riamh cheana agus lenar ghabh ionsaithe hibrideacha leanúnacha.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Teachtaireacht shoiléir a bhí sna toghcháin: vótáil muintir na hAirméine ar son na síochána, ar son na ceannasachta, agus ar son caidreamh níos dlúithe leis an Eoraip. Theip ar bhrú trom agus comhéigean eacnamaíoch na Rúise dul i bhfeidhm ar an vóta.

<p>Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha</p>

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Phléigh na hairí bealaí breise chun tacú le hathléimneacht na hAirméine, lena conair dhaonlathach agus lena héagsúlú eacnamaíoch. Chuir Ardionadaí an Aontais in iúl go bhfuil an tAontas ag obair cheana féin ar mhórphacáiste tacaíochta eacnamaíche chun cabhrú leis an Airméin srianta éagóracha trádála na Rúise a sheasamh, agus go seolfar misean comhpháirtíochta nua an Aontais san Airméin go luath.

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

Phléigh an Chomhairle cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tar éis seisiún tuairimíochta neamhfhoirmiúil le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, AndriiSybiha. Thug aire na hÚcráine — a ndearnadh teagmháil leis trí fhíschomhdháil —forléargas ar an staid ar an láthair agus ar na riachtanais is práinní atá ag an Úcráin, agus thug sé na sonraí is déanaí maidir leis an ionsaí a rinne an Rúis i gcaitheamh na hoíche, a bhain, i measc áiteanna eile, d’ardeaglais Lavra Chív-Pechersk, atá ar cheann de na suíomhanna reiligiúnacha is suntasaí sa tír agus ar cheann de Láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO.

Léirigh an plé a rinne na hairí ina dhiaidh sin go raibh airí an Aontais ar aon fhocal maidir lena dtoilteanas leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus de bhrú méadaitheach a chur ar an Rúis.

Meastar gur bhain caillteanas €1 go €1.3 trilliún don Rúis go dtí seo de dheasca smachtbhannaí an Iarthair. Is airgead é sin nach bhfuil á chaitheamh chun cogadh a fhearadh ar an Úcráin. Chun an brú a mhéadú, ní mór an Rúis a leithlisiú go hidirnáisiúnta freisin. Fad is go bhfuil ardeaglaisí á mbuamáil ag an Rúis, níor cheart don Eoraip fáilte mhór a chur roimh ealaíontóirí agus lúthchleasaithe Rúiseacha a thacaíonn le cogadh na Creimile. Níor cheart an cultúr agus an spórt a úsáid mar uirlisí chun aird a bhaint den ionsaí atá á dhéanamh.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

I bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise chun ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú, nó an bonn a bhaint uathu, ar a bhfuil gníomhaíochtaí darb aidhm próisis dhaonlathacha na tíre sin a threascairt, chinn an Chomhairle inniu bearta sriantacha a chur i bhfeidhm i leith seisir. Ghlac an Chomhairle 81 liostú téamach breise — 34 dhuine aonair agus 47 n-eintiteas — lena ndírítear ar choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise, ar ioncam fuinnimh, ar iarrachtaí bolscaireachta agus ar sháruithe ar chearta an duine.

Phléigh na hairí freisin an 21ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise a moladh le déanaí, agus chomhaontaigh siad nach mór an obair air a chur chun cinn go pras.

An staid sa Mheánoirthear

Ba í an chéad mhír eile ar an gclár oibre an staid sa Mheánoirthear i bhfianaise a bhfuil tite amach le déanaí sa réigiún.

An Iaráin

Thug an Chomhairle dá haire an creat-chomhaontú a fógraíodh le déanaí idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin chun síneadh 60 lá a chur leis an sos comhraic atá ann faoi láthair agus chun saoirse loingseoireachta a athbhunú i gCaolas Hormuz, ar cheart é a bheith oscailte agus saor ó dholaí i gcónaí. Leag sí béim freisin ar a ríthábhachtaí atá sé tuilleadh oibre a dhéanamh chun srian a chur le clár núicléach agus clár diúracán balaistíoch na hIaráine.

D’fhéadfadh sé gur céim mhór chun cinn é an fógra ó na Stáit Aontaithe agus ón Iaráin maidir le margadh chun deireadh a chur leis an gcogadh agus Caolas Hormuz a athoscailt. D’fhéadfadh sé an bealach a réiteach le haghaidh caibidlíocht níos doimhne maidir le clár núicléach na hIaráine agus saincheisteanna criticiúla eile, rud a bhfuil géarghá leis. Tá an chéim is déine de na cainteanna fós romhainn amach.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Rinne airí gnóthaí eachtracha an Aontais a marana freisin ar an bhfor-rochtain agus ar an gcomhordú le tíortha comhpháirtíochta, agus aird á tabhairt acu ar an gcuairt a thug an tArdionadaí ar an bPacastáin agus na teagmhálacha a bhí aici le tíortha na Murascaille. Sa chomhthéacs sin, thug an tArdionadaí le fios, bíodh giaráil eacnamaíoch nó saineolas núicléach i gceist, go bhfuil an tAontas réidh lena chion a dhéanamh ar mhaithe le réiteach inbhuanaithe.

An Liobáin

Phléigh an Chomhairle an staid dhaonnúil uafásach sa Liobáin, i bhfianaise na cogaíochta leanúnaí idir Iosrael agus Hezbollah, agus bhí seisiún tuairimíochta acu maidir le tacaíocht an Aontais don Liobáin agus dá muintir, tacaíocht a thugtar, i measc bealaí eile, tríd an mbeart cúnaimh dhéthaobhaigh d’Fhórsaí Armtha na Liobáine a glacadh le déanaí faoin tSaoráid Eorpach Síochána, dar luach EUR 100 milliún.

Leag na hairí béim ina theannta sin ar a thábhachtaí atá sé ceannasacht agus sláine chríoch na Liobáine a ráthú agus phléigh siad an feabhas a d’fhéadfaí a chur ar theagmháil an Aontais leis an tír, trí mhisean tiomnaithe CBSC amach anseo,mar shampla.

Iosrael agus an Phalaistín

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le hIosrael agus an Phalaistín. Chuir na hairí in iúl gur cúis mhór imní dóibh an staid dhaonnúil chriticiúil in Gaza, agus leag siad béim ar a ríthábhachtaí atá sé rochtain ar chabhair dhaonnúil a chinntiú, agus phléigh siad tacaíocht an Aontais do phróiseas athchóirithe Údarás na Palaistíne in oirchill an Ghrúpa Deontóirí don Phalaistín i mí Iúil.

Phléigh na hairí freisin an staid ar an mBruach Thiar atá ag dul in olcas, go háirithe an foréigean atá ag dul i méid agus leathnú lonnaíochtaí neamhdhleathacha Iosrael. Tar éis bearta sriantacha breise a ghlacadh i gcoinne lonnaitheoirí antoisceacha Iosraelacha agus phríomhphearsana Hamas an 28 Bealtaine 2026, bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle freisin maidir le tuilleadh roghanna beartais — ainmniúcháin nua agus bearta a bhaineann le trádáil san áireamh.

An caidreamh idir an tAontas agus an tSín

Le linn an lóin, phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais staid reatha an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus an tSín i gcomhthéacs a bhfuil ag titim amach sa gheopholaitíocht. Díríodh plé na Comhairle Gnóthaí Eachtracha ar ghnéithe eachtracha agus slándála, in oirchill an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 18 agus an 19 Meitheamh 2026.

Bíodh fóirdheontais a chuireann an margadh as riocht, míchothromaíochtaí trádála atá ag dul i méid, nó monaplacht, nach mór, ar amhábhair chriticiúla i gceist, is liosta le háireamh iad na saincheisteanna atá ann i gcónaí. Ní bheidh sé éasca ná saor ár spleáchais ar an tSín a laghdú, ach tá gá agus práinn leis sin.

Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Maidir le gnéithe eachtracha, leag an tArdionadaí béim ar ról éascaitheach Bhéising i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus chuir sí in iúl go bhfuil an tAontas ag féachaint ar na tuairiscí nua fíoraithe ina maítear go raibh arm na Síne ag cur oiliúint ar phearsanra míleata na Rúise chun troid san Úcráin.

Phléigh an Chomhairle freisin conas gníomhaíochtaí bréagaisnéise na Síne a chomhrac agus slabhraí soláthair cosanta na hEorpa a neartú.

Maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, d’athdhearbhaigh airí an Aontais go sainítear go soiléir i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige cad is iompar dleathach ann agus gurb é an Coinbhinsiún sin is bonn don tslándáil sa réigiún.

Cúrsaí reatha

Faoin mír ‘cúrsaí reatha’, phléigh an Chomhairle an próiseas chun Ardionadaí nua don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a cheapadh.

Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoin mborradh atá faoi ghalar víreas Ebola i réigiún Kivu de Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.

Aon ghnó eile agus cinntí eile

Faoin mír ‘aon ghnó eile’:

  • Chuir an Pholainn na hairí ar an eolas faoin bpáipéar bán a ullmhaíodh le déanaí maidir le gníomhartha sabaitéireachta agus treascartha na Rúise i gcoinne chomhaltaí Chomhairle Stáit Mhuir Bhailt
  • Chuir an Rómáin na Ballstáit ar an eolas faoi na tosaíochtaí a bheidh aici dá Cathaoirleacht-in-Oifig inteachta ar Phróiseas Comhair Oirdheisceart na hEorpa
  • Chuir an Rómáin agus an Bhulgáir a gcomhghleacaithe ar an eolas faoi Mhol Slándála Muirí na Mara Duibhe

I bhfianaise na n-oibríochtaí a fuair maoiniú ón Rúis agus arbh aidhm dóibh cur isteach ar na toghcháin pharlaiminteacha a reáchtáladh i bPoblacht na Moldóive i mí Mheán Fómhair 2025, chinn an Chomhairle bearta sriantacha a chur i bhfeidhm i leith seisir.

Thug an Chomhairle an comhaontú idir an tAontas agus Ceanada i gcrích go foirmiúil, rud a fhágann gurb é Ceanada an chéad tír lasmuigh den Eoraiple páirt a ghlacadh inionstraim soláthair SAFE.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Global Gateway freisin, ina n-athdhearbhaítear gurb é straitéis infheistíochta dhomhanda an Aontais Eorpaigh é chun comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a fhorbairt agus chun acmhainní poiblí agus príobháideacha a shlógadh d’fhonn an bhearna infheistíochta dhomhanda a dhúnadh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Meitheamh 2026