"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 12 Bealtaine 2026
Na príomhthorthaí
Tionóladh cruinniú na n-airí cosanta den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha sa Bhruiséil agus ba í Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a bhí ina cathaoirleach air.
Anailís nuashonraithe ar bhagairtí
Ag tús an chruinnithe, cuireadh airí cosanta an Aontais ar an eolas faoi anailís chuimsitheach nuashonraithe an Aontais ar bhagairtí.
Tacaíocht ón Aontas don Úcráin
Le linn lón oibre, phléigh an Chomhairle tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin, i bhfianaise a bhfuil tite amach le déanaí ar an láthair agus na n-iarrachtaí taidhleoireachta leanúnacha atá á ndéanamh chun síocháin chóir mharthanach a bhaint amach a mbeidh ráthaíochtaí láidre slándála mar thaca léi.
Bhí Aire Cosanta na hÚcráine Mykhailo Fedorov agus Leas-Ard-Rúnaí ECAT Radmila Shekerinska i dteannta airí an Aontais le haghaidh seisiún neamhfhoirmiúil. Bhí Fedorov i láthair ag an seisiún trí nasc físe agus bhí Shekerinska i láthair go pearsanta.
Chuir Aire Cosanta na hÚcráine na riachtanais is práinní i ndáil leis an láthair chatha faoi bhráid rannpháirtithe an tseisiúin, chomh maith le dearcthaí maidir leis an gcomhar a fhorbairt a thuilleadh agus cuideachtaí na hÚcráine a chomhtháthú i mbonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí.
Léiríonn taithí na hÚcráine cé chomh tapa agus a fhorbraíonn an chogaíocht nua-aimseartha, agus ní mór dúinn leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí sin chun ár gcinntí beartais a mhúnlú. Ní mór an nuálaíocht i réimse na cosanta a bheith ina tosaíocht pholaitiúil.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Díríodh sa phlé aireachta ina dhiaidh sin ar an gcomhar tionsclaíoch cosanta idir an tAontas agus an Úcráin, lena n-áirítear cur chun feidhme chomhpháirt chosanta na hIasachta Tacaíochta don Úcráin, na Saoráide Eorpaí Síochána agus ionstraimí eile de chuid an Aontais.
Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir go raibh tacaíocht mhíleata á cur ar fáil ag an Aontas don Úcráin, a gheobhadh an chéad eisíocaíocht den iasacht €90 billiún i mí an Mheithimh, ach leag sí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé leanúint den tacaíocht dhéthaobhach chun freastal ar riachtanais na hÚcráine. D’fhógair sí go bhfuil airí cosanta an Aontais ar aon tuairim lena chéile faoin ngá atá le teacht ar réitigh chun cistí na Saoráide Eorpaí Síochána a shlógadh, agus go gcuirfí síos tograí nithiúla.
Thug an tArdionadaí an t-eolas is déanaí maidir le rannchuidiú an Aontais le ráthaíochtaí slándála, lena n-áirítear trí Lárionad Satailítí an Aontais agus an ‘ceathrú colún’ de ghníomhaíochtaí a neartú chun tacú le hiarrachtaí chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, le hathchóiriú na hearnála cosanta agus le hath-imeascadh iarshaighdiúirí, ráthaíochtaí a cuireadh faoi bhráid airí gnóthaí eachtracha an Aontais ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha i mí Aibreáin i Lucsamburg.
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis an staid sa Mheánoirthear agus leis na himpleachtaí a bhaineann léi ó thaobh chosaint agus shlándáil na hEorpa de, lena n-áirítear bagairtí agus dúshláin, infhaighteacht reatha na bpríomhchumas cosanta, agus an tionchar ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Tá Caolas Hormuz gafa i limistéar éiginnte idir an cogadh agus an tsíocháin. Tacaímid le gach tionscnamh taidhleoireachta atá dírithe ar bhealach amach a aimsiú agus chun géarú breise a chosc. Ní féidir an lána loingseoireachta is tábhachtaí ar domhan a dhúnadh. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag oibríochtaí cabhlaigh an Aontais sa réigiún maidir le sreafaí fuinnimh agus trádála a athbhunú.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Maidir le saoirse loingseoireachta trí Chaolas Hormuz, rinne airí cosanta an Aontais a marana ar thionscnaimh taidhleoireachta éagsúla. Thug an tArdionadaí an t-eolas is déanaí maidir le hOibríocht EUNAVFOR ASPIDES agus rinneadh plé sa Chomhairle maidir leis an bhféidearthacht an oibríocht a threisiú agus a leathnú nuair is iomchuí sin.
Tugadh aghaidh freisin ar an staid sa Liobáin. Phléigh na hairí stádas Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL), a rachaidh a shainordú in éag ag deireadh 2026, agus an fhéidearthacht misean de chuid an Aontais a chur ar bun.
Tháinig deireadh le seisiún na hiarnóna le plé maidir le cur chun feidhme chlár oibre ullmhachta cosanta an Aontais, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach a bhí ar siúl i mí an Mhárta 2026.
Oibríonn an díspreagadh má bhíonn sé inchreidte. Má thaispeántar laige, is baolach go dtarraingeofar iompar bagrach dá bharr sin.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Roimh phlé na n-airí, rinne Uachtarán Chomhlachas Thionscail Aeraspáis, Slándála agus Cosanta na hEorpa, Micael Johansson, cur i láthair gairid.
Ina theannta sin, pléadh an obair leanúnach atá ar bun ar na réimsí cumais tosaíochta agus ar mhaithe le margadh uile-Aontais do threalamh cosanta a bhaint amach.
Leag an tArdionadaí béim ar a thábhachtaí atá sé deireadh a chur leis na bacainní polaitiúla agus oibríochtúla lena gcuirtear moill ar chur chun feidhme an chláir oibre ullmhachta cosanta, agus chuir na hairí i dtábhacht gur gá go ndéanfadh an tionscal beart de réir a bhriathair in am agus ar mórscála.
Ghlac an Chomhairle beart cúnaimh dar luach €15 mhilliún faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun cumais mhíleata agus chosanta fhórsaí armtha na Boisnia agus na Heirseagaivéine a neartú.
Roimh an gcruinniú, phléigh Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) – a tionóladh ar leibhéal na n-airí – neartú straitéiseach na gníomhaireachta.
Tháinig an plé sna sála ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus i mí an Mhárta 2026, inar iarradh go mbeadh ról treisithe ag GEC i bhforbairt chumas cosanta na hEorpa, i dtaighde comhoibríoch, agus in iarrachtaí fála comhpháirteacha.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.