- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 7 Feabhra 2017 10:30
Limistéar Schengen: Molann an Chomhairle go gcuirfear síneadh leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha
Ar an 7 Feabhra 2017, ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme ina leagtar amach moladh go gcuirfear síneadh leis na rialuithe sealadacha ag na teorainneacha inmheánacha faoi dhálaí eisceachtúla.
Ón 11 Feabhra 2017, tráth a rachaidh an cinneadh reatha in éag, ba cheart don Ostair, don Ghearmáin, don Danmhairg, don tSualainn agus don Iorua síneadh a chur leis na rialuithe sealadacha comhréireacha ag na teorainneacha go ceann uastréimhse trí mhí ag na teorainneacha inmheánacha seo a leanas:
- an Ostair ag an teorainn talún idir an Ostair agus an Ungáir agus ag an teorainn talún idir an Ostair agus an tSlóivéin
- an Ghearmáin ag an teorainn talún idir an Ghearmáin agus an Ostair
- an Danmhairg i gcalafoirt na Danmhairge a bhfuil nasc bád farantóireachta acu leis an nGearmáin agus ag an teorainn talún idir an Danmhairg agus an Ghearmáin
- an tSualainn i gcalafoirt na Sualainne sna Réigiúin Phóilíneachta Thiar agus Theas agus ag droichead Öresund
- an Iorua i gcalafoirt na hIorua a bhfuil nasc bád farantóireachta acu leis an Danmhairg, an Ghearmáin agus an tSualainn
Sula gcuirfear síneadh leis na rialuithe sin, ba cheart do na Ballstáit sin lena mbaineann a dtuairimí a chur in iúl do na Ballstáit ábhartha chun a áirithiú nach bhfeidhmeofar rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha ach amháin i gcás ina meastar iad a bheith riachtanach agus comhréireach. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin nach ndéanfaí rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a fheidhmiú ach amháin mura mbeadh an dara rogha ann agus mura mbeadh an éifeacht chéanna ag roinnt le bearta malartacha eile.
Ba cheart do na rialuithe teorann a bheith spriocdhírithe, agus teoranta ó thaobh raoin, minicíochta, suímh agus amade, don mhéid a bhfuil dianghá leis chun an beartas poiblí agus an tslándáil inmheánach a chosaint agus chun freagairt d'aon bhagairt thromchúiseach sa chás ina mbeadh gluaiseachtaí tánaisteacha á ndéanamh ag imircigh neamhrialta.
Na Ballstáit sin a fheidhmeoidh na rialuithe sin, ba cheart dóibh a riachtanaí agus atá na rialuithe sin a mheas gach seachtain agus iad a chur in oiriúint do leibhéal na bagartha, agus deireadh a chur leo de réir a chéile i gcás inarb iomchuí. Ba cheart dóibh tuairisciú don Choimisiún agus don Chomhairle ina leith gach mí.
Cúlra
Faoi Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen, tá cead ag an gCoimisiún moladh a chur chun cinn, a ghlacfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, faoinar féidir, mar rogha dheiridh, rialuithe a thabhairt isteach in athuair feadh na teorann mar a ritheann nó feadh stráicí áirithe di, i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Is féidir na rialuithe sin a thabhairt isteach le haghaidh uastréimhse sé mhí. Is féidir tréimhsí sé mhí sa bhreis a chur leo go ceann uastréimhse dhá bhliain.
Ar an 4 Bealtaine 2016, i gcomhthéacs na géarchéime imirce, measadh don Choimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le hAirteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen a chur i bhfeidhm, agus thíolaic sé moladh chuig an gComhairle. Tharla sin de bharr easnaimh thromchúiseacha a bheith ann ó thaobh rialuithe éifeachtúla a áirithiú ag codanna de theorainneacha seachtracha an Aontais, rud a chur feidhmiú limistéar Schengen ina iomláine i mbaol.
Ar an 12 Bealtaine 2016, mhol an Chomhairle do na cúig Stát Schengen ba mhó a bhí thíos leis (an Ostair, an Ghearmáin, an Danmhairg, an tSualainn agus an Iorua) go ndéanfaidís rialuithe comhréireacha ag teorainneacha a choinneáil go sealadach ar feadh uastréimhse sé mhí chun freagairt ar an mbagairt thromchúiseach a d’fhéadfadh éirí as gluaiseachtaí tánaisteacha na n-imirceach neamhrialta agus chun an beartas poiblí agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.
I bhfianaise na staide leochailí atá ann agus an bhrú atá fós ar na Ballstáit is mó atá thíos leis na gluaiseachtaí sin, mhol an Chomhairle, ar an 11 Samhain 2016, go gcuirfeadh na Ballstáit sin síneadh le rialuithe sealadacha comhréireacha ag na teorainneacha inmheánacha go ceann uastréimhse trí mhí.
Ar an 25 Eanáir 2017 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle ag moladh do na cúig Stát Schengen síneadh a chur leis na rialuithe sealadacha ag na teorainneacha inmheánacha go ceann uastréimhse bhreise trí mhí.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024