Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18 Samhain 2022

Príomhthorthaí

Comhairle Eorpach mhí na Nollag

Chuir na hairí tús leis na hullmhúcháin don chruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 15 agus an 16 Nollaig 2022 trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte.

Ag an cruinniú a bheidh acu i mí na Nollag, tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh ar gach gné de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ar thacaíocht leanúnach an Aontais don Úcráin. Fillfidh siad freisin ar thopaicí an fhuinnimh agus an gheilleagair.

Maidir le slándáil agus cosaint, pléifidh an Chomhairle Eorpach cur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh agus bealaí chun cumas slándála agus cosanta an Aontais a mhéadú a thuilleadh. Tabharfaidh sí treoir freisin maidir le tacaíocht do chomhpháirtithe an Aontais.

Beidh plé straitéiseach ag na ceannairí freisin maidir leis an gcaidreamh le Comharsanacht an Deiscirt agus féadfaidh siad aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha eile i ndáil leis an mbeartas eachtrach i bhfianaise na n-imeachtaí.

Luachanna an Aontais Eorpaigh a urramú san Ungáir

Mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE maidir leis an Ungáir, thionóil an Chomhairle éisteacht.

Cumhdaíodh san éisteacht sin na hábhair uile ar thug Parlaimint na hEorpa aghaidh orthu ina togra réasúnaithe ó mhí Mheán Fómhair 2018 lenar gcuireadh tús leis an nós imeachta seo. Dhírigh na malartuithe go háirithe ar chomhrac an éillithe, na bearta frith-éillithe a chuir an Ungáir chun feidhme le déanaí, neamhspleáchas na mbreithiúna, feidhmiú an chórais bhunreachtúil agus toghcháin, saoirse na meán agus cearta LGBTIQ san áireamh.

Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia
Leanfaidh muid ar aghaidh leis an idirphlé leis an Ungáir maidir le hurraim do luachanna an Aontais. Le cúpla mí anuas, tharla forbairtí tábhachtacha ar na saincheisteanna éagsúla a ardaíodh sa togra réasúnaithe ón bParlaimint. Tá liosta athchóirithe curtha i láthair ag an Ungáir atá á chur chun feidhme nó atá le cur chun feidhme go luath agus d’fhreagair sí ceisteanna na n-airí maidir le mionsonraí na n-athchóirithe sin chomh maith leis na gealltanais eile a thug an Ungáir agus an méid a mhol an Coimisiún. San éisteacht, tugadh na hairí cothrom le dáta go tráthúil maidir leis an staid ar an láthair sásra coinníollacha comhthreomhaire an bhuiséid san áireamh.
Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia
Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Rinne na hairí measúnú ar staid na himeartha maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus dhírigh siad ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, go háirithe an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann. D’athdhearbhaigh siad a dtacaíocht do chur chuige an Choimisiúin Eorpaigh. D’athdhearbhaigh siad go háirithe go bhfuil an tAontas réidh chun plé cuiditheach a dhéanamh ar réiteach caibidlithe laistigh den Phrótacal maidir leis na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann lena chur chun feidhme ar an láthair agus d’iarr siad ar rialtas na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach ar bhealach dáiríre agus cuiditheach chun teacht ar réitigh chomhpháirteacha.

De dheasca ghníomhaíocht aontaobhach na Ríochta Aontaithe, amhail an Bille um Prótacal Thuaisceart Éireann atá beartaithe, tá an obair ar réitigh fhéideartha níos deacra agus baintear an bonn de dheimhneacht dhlíthiúil fhadtéarmach agus d’intuarthacht do dhaoine agus do ghnólachtaí i dTuaisceart Éireann. D’iarr an tAontas ar an Ríocht Aontaithe gan dul an bealach sin agus tá sé faoi réir chun freagairt ar aon fhorbairtí eile sa treo sin.

Clársceidealú reachtach

Mar chuid den chleachtadh clársceidealaithe reachtaigh bliantúil, chuir an Coimisiún clár oibre 2023 uaithi faoi bhráid na Comhairle. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na tosaíochtaí don obair a dhéanfar in institiúidí an Aontais go dtí go mbeidh na toghcháin ann do Pharlaimint na hEorpa in 2024. Faoi mhí na Nollag, tiocfaidh na trí institiúid de chuid an Aontais ar chomhaontú maidir leis an Dearbhú Comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2023-2024.

An chomhdháil ar thodhchaí na hEorpa

Bunaithe ar iarraidh ó thoscaireacht na Gearmáine, thug an Chomhairle aghaidh go hachomair ar an dul chun cinn is déanaí maidir leis an obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – an clár atá beartaithe agus ullmhú an imeachta aiseolais san áireamh.

An chibearshlándáil

Gan phlé, ghlac an Chomhairle a seasamh i ndáil le dréachtrialachán maidir leis an gcibearshlándáil in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Is é is aidhm do na bearta feabhas a chur ar acmhainneachtaí athléimneachta agus freagartha ar theagmhais agus aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí ina gcur chuige trí chreat coiteann a chruthú.

Comhar Frontex

Chinn an Chomhairle a údarú go gcuirfí tús leis an gcaibidlíocht leis an Albáin, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, le Montainéagró agus leis an tSeirbia chun comhaontuithe maidir le comhar Frontex a leathnú. Ar bhonn na sainorduithe sin, beidh an Coimisiún in ann tús a chur anois leis an gcaibidlíocht leis na ceithre thír siúd.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna eile maidir le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025