Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú), 22 Samhain 2022

Príomhthorthaí

Tionchair fhadtéarmacha an bheartais comhtháthaithe ar réigiúin an Aontais

Phléigh an Chomhairle ról an bheartais comhtháthaithe mar phríomhuirlis chun cóineasú fadtéarmach a chur chun cinn laistigh den Aontas agus chun éagothromaíochtaí i leibhéal forbartha na réigiún éagsúil a laghdú.

Ba dhíol sásaimh do na hAirí rannchuidiú an bheartais chomhtháthaithe chun an bhearna a dhúnadh idir réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin níos forbarthale blianta beaga anuas, agus thug siad dá n-aire an tionchar dearfach a bhí aige freisin lasmuigh de na réigiúin is mó a bhaineann tairbhe as cláir an Aontais.

Chuir siad i bhfios go láidir gur uirlis infheistíochta nua-aimseartha sholúbtha é an beartas comhtháthaithe lena gcabhraítear le réigiúin ar fud an Aontais oibriú i dtreo spriocanna comhroinnte fadtéarmacha, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhúshláin níos práinní ar an láthair, de réir mar is gá.

Le linn na díospóireachta, leag na hairí amach freisin a dtuairimí maidir le saincheisteanna éagsúla, amhail príomhspriocanna agus príomhphrionsabail an bheartais chomhtháthaithe atá le cosaint don todhchaí, na dúshláin a bheidh le sárú ag an mbeartas agus conas aghaidh a thabhairt orthu ar an mbealach is fearr. Phléigh na hairí freisin an breisluach a bhaineann leis an mbeartas comhtháthaithe i gcomparáid le beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, agus leag siad béim ar an ngá atá le tuilleadh sineirgí a chruthú idir na hionstraimí éagsúla chun príomhchuspóirí an bheartais chomhtháthaithe a bhaint amach ar bhealach níos fearr.

I measc nithe eile, chuir siad i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an beartas comhtháthaithe in ann brath ar mheascán beartais láidir agus éifeachtach de bheartais agus d’ionstraimí náisiúnta agus de chuid an Aontais chun cabhrú le réigiúin dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla a eascraíonn as athruithe déimeagrafacha agus teicneolaíocha agus as na haistrithe digiteacha agus glasa, lena n-áiritheofar nach bhfágfar aon réigiún ar lár.

Ivan Bartoš, Leas-Phríomh-Aire na Seice don Digiteáil agus an tAire Forbartha Réigiúnaí
Is uirlis infheistíochta Eorpach chumhachtach dhinimiciúil é an beartas comhtháthaithe lena gcabhraítear leis na Ballstáit agus lena réigiúin forbairt. Bhí sé in ann freagairt go solúbtha do na géarchéimeanna a bhí ann le déanaí, ach baineann an bua is mó atá aige leis an gclaochlú fadtéarmach, atá á stiúradh ar an leibhéal áitiúil. Ní mór dúinn a áirithiú go leanfaidh an beartas de bheith oiriúnach dá fheidhm amach anseo, rud a chuideoidh le réigiúin an Aontais aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin éagsúla atá rompu, amhail athruithe déimeagrafacha, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.
Ivan Bartoš, Leas-Phríomh-Aire na Seice don Digiteáil agus an tAire Forbartha Réigiúnaí
Ivan Bartoš, Leas-Phríomh-Aire na Seice don Digiteáil agus an tAire Forbartha Réigiúnaí

Conclúidí maidir leis an mbeartas comhtháthaithe formheasta ag an gComhairle

Conclúidí maidir leis an mbeartas comhtháthaithe, lena bhforáiltear do mheasúnú ginearálta ar a ról maidir le forbairt réigiúnach san Aontas a chothú, chomh maith leis na príomhláidreachtaí agus na príomhdhúshláin i ndáil le cur chun feidhme agus an t-ionchas a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseoí, formheasta ag an gComhairle.

Cumhdaítear gnéithe éagsúla den bheartas comhtháthaithe sna conclúidí, lena n-áirítear a bhreisluach, a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna a bhí ann le déanaí, gnéithe críochacha, agus todhchaí an bheartais tar éis 2027. Leagtar béim ar phríomhbhuntáistí an bheartais, amhail go ngineann gach € 1 a chaitear tuairim is € 2.7 de OTI breise ar leibhéal an Aontais. Molann an Chomhairle freisin réimsí le haghaidh tuilleadh feabhais, amhail na rialacha a shimpliú agus a chomhchuibhiú, forluí le cláir eile de chuid an Aontais a chosc, agus an gá atá le sainiúlachtaí gach réigiúin a mheas.

Buiséad an Aontais do 2023

Ghlac an Chomhairle go foirmiúil buiséad an Aontais do 2023 mar mhír gan phlé, buiséad a chomhaontaigh sí sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa an 14 Samhain. €186.6 billiún méid na ngealltanas a socraíodh. Is méadú 1.1% é sin i gcomparáid le buiséad 2022 mar a leasaíodh é. Coinníodh €0.4 billiún ar fáil faoi uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil do 2021 - 2027, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais freagairt ar riachtanais nach féidir a thuar. €168.6 billiún méid iomlán na n-íocaíochtaí, méadú 1% ar mhéid na bliana 2022.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025