- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12 Nollaig 2023
Na príomhthorthaí
Comhairle Eorpach mhí na Nollag
D’ullmhaigh na hairí don chruinniú den Chomhairle Eorpach an 14-15 Nollaig 2023 trí phlé a dhéanamh ar na dréachtchonclúidí.
Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí na Nollag, tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh ar an méid seo a leanas:
- cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
- an staid sa Mheánoirthir
- na chéad chéimeanna eile i bpróiseas an mhéadaithe
- an t-athscrúdú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027
- slándáil agus cosaint
- an imirce agus saincheisteanna eile
- obair ar chlár oibre straitéiseach an Aontais 2024-2029
Méadú
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le méadú i gcás na sé chomhpháirtí de chuid na mBalcán Thiar, an Tuirc agus – den chéad uair – an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia.
Idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta agus phléigh sí tacar conclúidí maidir leis an tsaincheist sin. In éagmais comhthola maidir leis an téacs, chinn Uachtaránacht na Comhairle conclúidí ón Uachtaránacht a eisiúint. Tháinig sí ar an gconclúid gur thacaigh 25 thoscaireacht leis an téacs nó nár chuir siad ina choinne. An 20 Nollaig 2023 i gcruinniú de bhuanionadaithe Bhallstáit an Aontais (Coreper), chuir an Pholainn in iúl freisin go dtacaíonn sí leis na conclúidí ón Uachtaránacht an 12 Nollaig 2023 maidir leis an meastóireacht ar an idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta.
Sna conclúidí, daingnítear an cur chuige atá ann cheana maidir le hidirphlé bliantúil na Comhairle maidir leis an smacht reachta mar uirlis choisctheach luachmhar de chuid an Aontais i ndáil leis an smacht reachta. Neartaíonn siad idirphlé na Comhairle freisin trí thimthriall níos tapúla a leagan amach, lena gcumhdaítear níos mó Ballstát in aghaidh na bliana, agus trí mhalartuithe níos minice a spreagadh laistigh den Chomhairle, agus le geallsealbhóirí seachtracha, de réir mar is iomchuí.
Athrú déimeagrafach
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí freisin maidir leis an athrú déimeagrafach san Eoraip a bhainistiú.
Is díol sásaimh do na conclúidí bosca uirlisí déimeagrafaíochta an Choimisiúin, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2023, a bhfuil san áireamh orthu an anailís a rinne sé ar na dúshláin dhéimeagrafacha sna Ballstáit, an iarraidh ar chur chuige cuimsitheach chun iad a bhainistiú agus tiomantas an Choimisiúin tacú leis na Ballstáit i ndáil leis an méid sin trí shraith uirlisí beartais atá ar fáil ar leibhéal an Aontais.
Leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé iarrachtaí leanúnacha a dhéanamh chun an t-athrú déimeagrafach agus a thionchar ar an iomaíochas, ar an gcaipiteal daonna agus ar an gcomhionannas a léiriú, i bhfianaise an phlé a dhéanfar amach anseo ar ábhar a ngabhann tábhacht straitéiseach leis don Aontas.
Comhaontú comhlachais le hAndóra agus San Mairíne
Chuir Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Šefčovič na hairí ar an eolas faoin gcomhaontú ar thángthas air i measc na bpríomh-idirbheartaithe le linn an bhabhta deiridh den chaibidlíocht le haghaidh comhaontú comhlachais le hAndóra agus San Mairíne, a bhí ar siúl an 5-7 Nollaig 2023.
Comhaontú forleathan a bheadh sa chomhaontú comhlachais, lena bhféadfadh Andóra agus San Mairíne a bheith rannpháirteach i margadh aonair an Aontais agus sa chomhar i réimsí beartais eile. Bhunódh sé freisin creat institiúideach níos comhleanúnaí agus níos éifeachtúla don chaidreamh.
Le linn an phlé, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad go hiomlán le caidreamh speisialta láidir a chothú le San Mairíne agus Andóra, agus an comhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair á chur san áireamh freisin. Chuir roinnt airí i bhfios go láidir gur cheart aird ar leith a thabhairt, sa phróiseas sin, ar shláine an mhargaidh aonair agus ar chothrom na Féinne a chinntiú, go háirithe i réimse na seirbhísí airgeadais.
Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 1/1958
Phléigh an Chomhairle iarraidh ón Spáinn i ndáil le leasú a dhéanamh ar Rialachán Uimh. 1/1958 chun an Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis a áireamh i dteangacha údaraithe an Aontais. Ba é sin an ceathrú huair a thug na hairí aghaidh ar an tsaincheist, tar éis plé a rinneadh roimhe seo maidir le hiarraidh na Spáinne ag cruinnithe na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 19 Meán Fómhair, an 24 Deireadh Fómhair agus an 15 Samhain 2023.
Le linn an phlé, thug ionadaí ó thoscaireacht na Spáinne chun suntais gur sheol José Manuel Albares, Aire Gnóthaí Eachtracha, an Aontais Eorpaigh agus Comhair na Spáinne, an 11 Nollaig 2023, litir chuig na toscaireachtaí uile inar leagadh amach na gnéithe a fhágann gur cás uathúil é cás na Spáinne.
Thagair an Coimisiún dá réamh-mheastachán ar na himpleachtaí costais a bheadh i gceist leis an iarraidh sin ón Spáinn, a dáileadh an 6 Nollaig 2023.
Chuir Uachtaránacht inteachta na Beilge in iúl go bhfuil sí réidh le leanúint den obair ar an iarraidh ón Spáinn le linn a téarma oifige.
An Seimeastar Eorpach
Thíolaic Uachtaránacht na Spáinne agus Uachtaránacht inteachta na Beilge an treochlár do Sheimeastar Eorpach 2024.
Aon ghnó eile
Faoi ‘Aon ghnó eile’, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin measúnú a rinne Ardrúnaíocht na Comhairle le déanaí maidir leis an obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Is é an doiciméad poiblí seo an t-aon mheasúnú mionsonraithe cuimsitheach ina dtugtar aiseolas sonrach maidir le gach ceann de na 49 dtogra agus 326 bheart atá i dtuarascáil chríochnaitheach na comhdhála.
Léirítear sa mheasúnú, bliain go leith tar éis dheireadh na comhdhála, go bhfuil tromlach mór na dtograí agus na mbeart ón gcomhdháil curtha chun feidhme nó á gcur chun feidhme faoi láthair. Léiríonn sé tiomantas iomlán na Comhairle freagairt d’ábhair imní na saoránach mar a cuireadh in iúl le linn na comhdhála.
- Measúnú ar na tograí agus ar na bearta i dtuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála, an 7 Nollaig 2023
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (eolas cúlra)
Chuir an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair freisin maidir leis an obair a rinneadh le linn a téarma ar thodhchaí na hEorpa agus chuir sí na hairí ar an eolas faoi thogra chun straitéis mhacrairéigiúnach don Atlantach de chuid an Aontais a chruthú.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna neamhreachtacha ‘A’.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Conclúidí maidir le méadú formheasta ag an gComhairle
- 12/12/2023
- Meastóireacht ar idirphlé na Comhairle faoin smacht reachta - Conclúidí ón Uachtaránacht
- 12/12/2023
- An tAontas agus an Chéinia: cinneadh glactha ag an gComhairle maidir le síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche
- 12/12/2023
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025