"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 16 Meán Fómhair 2025
Na príomhthorthaí
Chuir na hairí atá freagrach as gnóthaí Eorpacha tús leis an obair ullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair 2025 trí phlé a dhéanamh ar an dréacht dá clár oibre anótáilte. Chuir an Coimisiún litir intinne i láthair mar ullmhúchán dá chlár oibre do 2026 ar mhalartaigh na hairí tuairimí ina leith.
Mar chuid d’idirphlé bliantúil na Comhairle maidir leis an smacht reachta, phléigh na hairí forbairtí ginearálta maidir le staid an smachta reachta san Aontas agus bhí malartú tuairimí acu maidir le treocht ghinearálta an smachta reachta i roinnt tíortha is iarrthóirí, eadhon an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia.
Sa staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, is príomhthosaíocht é méadú an Aontais. Is coinníoll bunúsach i gcónaí é an smacht reachta do bhallraíocht AE mar chuid de chritéir Chóbanhávan nach mór do gach ball nua a chomhlíonadh. Léiríonn an plé a rinneadh ag Comhairle an lae inniu leis an Albáin, le Montainéagró, leis an Macadóin Thuaidh agus leis an tSeirbia a thábhachtaí atá sé tíortha is iarrthóirí a áireamh inár n-idirphlé. Léiríonn sé arís go bhfuil an tAontas Eorpach an-dáiríre faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta. Ní hamháin gur rud é an smacht reachta don phróiseas aontachais. Is luach bunúsach agus sainithe é, nuair is ball den Aontas Eorpach thú.
Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán don chruinniú den Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair 2025 trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte, lena n-áirítear:
cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
na forbairtí is déanaí sa Mheánoirthear agus béim á leagan ar Gaza
cosaint agus slándáil na hEorpa
iomaíochas agus an t-aistriú dúbailte
tithíocht, agus
an imirce
Leanfar den obair ullmhúcháin ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an 21 Deireadh Fómhair 2025.
Clársceidealú reachtach
Thíolaic an Coimisiún a litir intinne an 10 Meán Fómhair 2025, a foilsíodh tar éis na hóráide ar Staid an Aontais. Sa litir uaidh, leagann an Coimisiún amach na tionscnaimh a bhfuil tábhacht mhór pholaitiúil ag baint leo don bhliain atá le teacht, sula nglacfar a chlár oibre le haghaidh 2026. Chuir an Coimisiún na príomhthosaíochtaí seo a leanas i láthair don bhliain atá le teacht:
plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe
ré nua do chosaint agus do shlándáil na hEorpa
tacú le daoine agus na sochaithe agus an múnla sóisialta atá againn a neartú
ár gcáilíocht saoil a chothú: uisce, an dúlra agus slándáil an tsoláthair bia
ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú
an Eoraip Dhomhanda: ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a neartú
Tar éis an chur i láthair sin, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí ina dhiaidh sin. Chun tuairimí na n-airí maidir leis na tosaíochtaí agus na tionscnaimh atá beartaithe a sholáthar don Choimisiún déanfaidh an uachtaránacht coimriú ar an bplé seo i litir chuig uachtaránan Choimisiúin. Cuirfear clár oibre 2026 faoi bhráid na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 17 Samhain 2025.
Oibreoidh na trí institiúid ansin chun an dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2026 a ullmhú, a bheidh le formheas ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta an 16 Nollaig 2025 agus a shíneofar ar imeall chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag.
An t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta
Mar chuid den idirphlé bliantúil na Comhairle maidir leis an smacht reachta, bhí plé cothrománach ag na hairí maidir le forbairtí ginearálta a bhaineann le staid an smachta reachta san Aontas. Bhí an plé bunaithe ar thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta a foilsíodh an 8 Iúil 2025.
Cumhdaíodh ceithre réimse a bhaineann leis an smacht reachta sa díospóireacht: na córais cheartais, an creat i gcoinne an éillithe, iolrachas agus saoirse na meán, agus saincheisteanna idirinstitiúideacha eile a bhaineann leis an gcóras srianta agus ceartúchán.
Le linn an phlé, ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn foriomlán a rinneadh maidir le moltaí an Choimisiúin a chomhlíonadh, chomh maith le measúnú struchtúrtha ar thionchar an smachta reachta ar an margadh aonair a chomhtháthú i dtuarascáil na bliana seo.
Ba dhíol sásaimh dóibh freisin — don dara bliain as a chéile — gur áiríodh na ceithre thír is iarrthóirí i dtuarascáil 2025. D’athdhearbhaigh na hairí go dtacaíonn siad leis an gcleachtadh mar uirlis úsáideach chun athchóirithe náisiúnta a threorú agus mheas siad go raibh sé tábhachtach leanúint den idirphlé agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i ngach Ballstát.
Meastar go mbeidh plé tírshonrach ag an gComhairle ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta i mí na Samhna, ina ndíreofar ar an mBulgáir, ar an tSeicia, ar an nGearmáin agus ar Éirinn.
Don dara bhliain as a chéile bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin maidir le treocht fhoriomlán staid an smachta reachta i gceithre thír is iarrthóirí, eadhon an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia. Ghlac na hairí ó na tíortha lena mbaineann páirt sa phlé freisin.
Tá ról lárnach ag an smacht reachta i bpróiseas an mhéadaithe mar choinníoll bunúsach do bhallraíocht san Aontas. Ach na tíortha is iarrthóirí a áireamh sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta, tá sé mar aidhm iad a chur ar comhchéim leis na Ballstáit agus ardán breise a chur ar fáil chun tacú lena n-iarrachtaí athchóirithe agus lena bpróiseas aontachais.
I bhfianaise an mhéid sin, bhí malartú leathan tuairimí ag na hairí maidir le hábhair a bhaineann leis an smacht reachta leis na tíortha is iarrthóirí sin. Díríodh sa phlé ar threochtaí ginearálta laistigh de na ceithre réimse a bhaineann leis an smacht reachta agus níor eisíodh aon chonclúidí foirmiúla tar éis na díospóireachta. Leanfar den phlé ar an smacht reachta i dtíortha is iarrthóirí aonair faoi chuimsiú phróiseas an mhéadaithe.
Thug an Chomhairle dá haire an fhaisnéis a chuir toscaireacht na Fraince ar fáil maidir leis an togra atá le teacht ón gCoimisiún maidir le Sciath Eorpach don Daonlathas. Leag toscaireacht na Fraince béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí an méid seo a leanas leis an tionscnamh seo:
feabhas suntasach a chur ar athléimneacht na sochaí sibhialta i leith ionramháil faisnéise trí scaipeadh faisnéise iontaofa, iolraíoch agus ardcháilíochta a chur chun cinn, agus
sláine phróisis dhaonlathacha an Aontais a ráthú, go háirithe trí chur chun feidhme iomlán na reachtaíochta Eorpaí maidir le seirbhísí digiteacha a chinntiú.
Chuir toscaireacht na Polainne an Chomhairle ar an eolas freisin maidir leis an sárú a rinne ladrainn na Rúise ar aerspás na Polainne oíche an 9-10 Meán Fómhair, chomh maith le freagairt fhórsaí míleata na Polainne agus na gcomhghuaillithe.
Míreanna eile
Ghlac an Chomhairle moladh maidir le daoine easáitithe ón Úcráin a aistriú de réir a chéile ó chosaint shealadach go stádais chónaithe eile, nuair is féidir sin. Moltar ann freisin gníomhaíocht a dhéanamh chun athimeascadh dídeanaithe ón Úcráin i sochaí na hÚcráine a éascú.
Leis an moladh sin, tá an tAontas ag ullmhú do chur chuige comhordaithe maidir le cathain a bheidh na dálaí san Úcráin fabhrach do dheireadh a chur de réir a chéile leis an stádas cosanta sealadaí.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.