- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 18/11/2016, 18 Samhain 2016
Na príomhthorthaí
ETIAS
Thíolaic an Coimisiún a thogra ar na mallaibh maidir le Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lena bhféadfar seiceálacha roimh ré a dhéanamh agus, más gá, iontráil a dhiúltú do thaistealaithe atá díolmhaithe ó víosa.
Mheas na hairí gur uirlis iomchuí é, i bprionsabal, an córas atá beartaithe chun an bhearna eolais a iamh maidir le cuairteoirí atá díolmhaithe ó víosaí agus neartófar beartas slándála agus beartas bainistithe teorainneacha AE ar an gcaoi sin. Chuir siad de chúram ar shaineolaithe tús a chur le scrúdú a dhéanamh ar an togra.
Ós rud é go bhfuil ETIAS ar liosta tosaíochta ár nUachtaránachta, tosóidh na saineolaithe ag obair ar an gcomhad an-tábhachtach seo níos déanaí an mhí seo agus i mí na Nollag. Is cabhair é freisin go bhféadann AE tarraingt ar an taithí dhearfach sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada.
Robert Kaliňák, Aire Gnóthaí Baile na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle
Malartú faisnéise agus idir-inoibritheacht
Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an treochláir chun malartú faisnéise agus bainistiú faisnéise a fheabhsú, lena n-áirítear réitigh idir-inoibritheachta i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile.
Cuireadh na hairí ar an eolas maidir leis an obair a rinne an Sainghrúpa Ardleibhéil um Chórais Faisnéise agus Idir-inoibritheacht (Sainghrúpa Ardleibhéil). Phléigh siad na feabhsuithe agus na feidhmiúlachtaí breise a d’fhéadfadh teacht as an gCóras Faisnéise Schengen (CFS).
Is slí thábhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha slándála é nfheistíocht a dhéanamh i malartú faisnéise agus i mbainistiú faisnéise atá sciobtha, éifeachtúil agus cáilíochtúil agus idirinoibritheacht bunachar agus córas faisnéise AE a áirithiú.
Is gné fhíorthábhachtach den chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe malartú faisnéise agus idir-inoibritheacht. Táimid ag caint faoi na sonraí ábhartha a chur ar fáil do na bunachair sonraí ábhartha, cáilíocht na sonraí, a bpróiseáil agus rochtain orthu - caithfidh gach lúb sa slabhra a bheith daingean. Murach sin, tá iarmhairtí ann mar gheall air. Is bunghné freisin í muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus na gníomhaireachtaí Eorpacha.
Robert Kaliňák, Aire Gnóthaí Baile na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle
An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta
Thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil ó Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh maidir le cur chun feidhme na mbeart i ndáil leis an bhfrithsceimhlitheoireacht.
Cuirtear in iúl sa tuarascáil an dul chun cinn foriomlán atá déanta, lena gcumhdaítear an dul chun cinn leis na bearta go léir ón gComhairle Eorpach ar an 12 Feabhra 2015. Áirítear ansin freisin tacar moltaí maidir le gníomhaíocht amach anseo.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile,18 Samhain 2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 18 Samhain 2016
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 18 Samhain 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025