Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 13-14/10/2016, 13-14 Deireadh Fómhair 2016

Na príomhthorthaí

Gnóthaí Baile

Imirce

Phléigh na hairí gnóthaí baile na heasnaimh i gcur chun feidhme na mbeart éagsúil imirce a glacadh go dtí seo, Déardaoin. Thug siad aird ar leith ar chur chun feidhme an Ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc, an staid san Iodáil agus sa Ghréig mar aon leis an dul chun cinn atá déanta maidir le hathshocrú, athlonnú agus na gairmeacha ó na gníomhaireachtaí le haghaidh saineolaithe.

Thug na hairí aird chuí ar na moltaí ón uachtaránacht agus gheall siad go háirithe go méadófaí líon na saineolaithe a chuirfidh na Ballstáit ar fáil do na gníomhaireachtaí (go háirithe EASO).

“Rinneamar gealltanas EASO a neartú trí shaineolaithe breise a chur ar fáil. Mar sin féin, táimid ar an teorainn ó thaobh phróifíl ceart na saineolaithe atá ar fáil agus dá bhrí sin, is gá d'EASO oiliúint a chur ar ár saineolaithe ionas go bhféadfaimid iad a chur amach. Ba mhaith liom a chur i dtreis nach mbaineann an méid sin le heaspa tola polaitiúla ach le heaspa acmhainní. Táimid réidh le teacht ar bhealaí chun an staid sin a fheabhsú.”

Robert Kaliňák, Aire Gnóthaí Baile na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn

D’fhormhuinigh na hairí an cur chuige ar thrí bhealach a mhol an uachtaránacht chun pacáiste athchóirithe an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CET) a scrúdú le linn a théarma:

  • ag díriú ar scrúdú a dhéanamh ar rialachán Eurodac agus ar an rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Rialú Tearmainn, agus é mar aidhm acu seasamh caibidlíochta a bheith acu sa chomhairle i mí na Nollag;
  • ag an am céanna, rialachán Bhaile Átha Cliath agus an Rialachán Um Nósanna Imeachta Tearmainn, an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha agus an Rialachán Cáilitheachta a phlé;
  • ag an am céanna, tús a chur leis an scrúdú teicniúil ar an rialachán lena mbunaítear Creat Athlonnaithe Aontais.

Maidir le rialachán Eurodac, dhearbhaigh na hairí gur thacaigh siad le rochtain níos leithne agus níos simplí ag údaráis fhorfheidhmithe an dlí ar an mbunachar sonraí. Maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chomhaontaigh roinnt de na hairí go bhféadfadh an sásra faireacháin don ghníomhaireacht a bheidh ann amach anseo a bheith comhchosúil leis an measúnú leochaileachta atá sa Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach.

Bhí díospóireacht ag na hairí freisin maidir leis an Rialachán um Chreat Athlonnaithe an Aontais agus thug siad an cúram d’oifigigh leanúint den scrúdú ar an togra seo.

Bearta Teicneolaíochta Faisnéise (TF) maidir le bainistiú teorann

Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn a rinneadh maidir le roinnt mhaith comhad i dtaca le bearta na teicneolaíochta faisnéise (TF) a bhaineann le bainistiú teorann. Bhí an deis ag na hairí a dtuairimí a mhalartú i dtaobh úsáid na mbeart sin agus chomhaontaigh siad gur gá cur chuige comhsheasmhach a áirithiú.

Ceartas

Dé hAoine, phléigh na hairí dlí agus cirt dhá thogra reachtacha a bhfuil dlúthbhaint eatarthu: ionchúisitheoir poiblí Eorpach a chruthú agus an treoir maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais. Tá sé mar aidhm leis an dá théacs cásanna calaoise maidir le buiséad an Aontais a chomhrac ar bhonn níos éifeachtúla, tríd an dlí choiriúil.

An comhrac in aghaidh na calaoise a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais (treoir “PIF”)

“Tá formhór na mBallstát i bhfabhar calaois thromchúiseach CBL trasteorann a ionchúiseamh ar leibhéal an Aontais, ar bhonn treoir PIF. Tá sé i gceist ag an uachtaránacht anois obair bhreise theicniúil a dhéanamh, ag teacht as torthaí an lae inniu.”

Lucia Žitňanská, Aire Dlí agus Cirt na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Is é an aidhm atá ag Uachtaránacht na Slóvaice caibidlíocht thrípháirteach a athnuachan le Parlaimint na hEorpa d'fhonn teacht ar chomhaontú críochnaitheach.

Is é is cuspóir don treoir seo forfheidhmiú an dlí choiriúil a dhéanamh níos éifeachtaí i gcásanna a bhaineann le buiséad AE chun lucht calaoise a dhíspreagadh, ionchúiseamh agus smachtbhannaí na gcoireanna i gcoinne bhuiséad AE a fheabhsú agus le gur fusa a bheidh sé cistí AE a mhí-úsáidtear a aisghabháil.

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach maidir leis an tsraith dheireanach d’airteagail sa rialachán nár cuireadh i gcrích le linn na n-uachtaránachtaí a tháinig roimhe. Baineann na hairteagail sin atá fágtha leis na rialacha maidir le hathbhreithniú breithiúnach, le comhar le tríú tíortha agus le ballstáit nach bhfuil rannpháirteach agus le caidreamh le Eurojust.

Don chéad uair, phléigh na hairí téacs an rialacháin maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ina iomláine ó thaobh na héifeachtúlachta agus an neamhspleáchais de, go háirithe. De réir an aire Žitňanská bhí an díospóireacht “dearfach”, toisc go bhfuair an uachtaránacht an sainordú polaitiúil chun leanúint leis an gcaibidlíocht d'fhonn teacht ar chomhaontú cinntitheach ag Comhairle mhí na Nollag.

“Forbairt thábhachtach pholaitiúil a bheadh i mbunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, de bharr gur comhlacht nua AE a bheadh ann a bheadh deartha chun cabhrú le leasanna airgeadais AE a chosaint i réimse an dlí choiriúil.”

Lucia Žitňanská, Aire Dlí agus Cirt na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Is é is aidhm don rialachán Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chruthú chun coireanna i gcoinne leasanna AE a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, go háirithe na coireanna sin a mbaineann gné trasteorann leo.

Beoshruthú, físeáin agus grianghraif

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025