Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 09-10/06/2016, 9-10 Meitheamh 2016

Na príomhthorthaí

Gnóthaí Baile - 10 Meitheamh

Airm  

Chomhaontaigh na hairí seasamh caibidlíochta na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh treoir faoi éadáil agus seilbh arm a rialú,lena ndéantar athbhreithniú agus comhlánú ar Threoir 91/477/CEE atá ann cheana. Ar bhonn an tsainordaithe sin, rachaidh an Uachtaránacht i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh sin glactha aici.

Is é is aidhm don treoir athbhreithnithe sin dul i ngleic le laigí áirithe sa reachtaíocht atá anois ann, ar laigí iad a aithníodh go háirithe i ndiaidh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh san Eoraip.

Dúirt Ard Van Der Steur, Aire Slándála agus Ceartais na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle an méid seo a leanas: “Tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras agus sa Bhruiséil d’iarr na hAirí Ceartais agus Gnóthaí Baile go nglacfaí an treoir go pras. Leis an treoir nua seo tá cothromaíocht cheart chóir bainte amach ag Uachtaránacht na hÍsiltíre idir an margadh inmheánach le haghaidh arm tine atá lamháilte, ar thaobh amháin, agus slándáil na saoránach a fheabhsú ar an taobh eile.”

Treochlár chun malartú faisnéise a fheabhsú 

Thacaigh na hairí le treochlár chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise agus ar an bhainistiú faisnéise lena n-áirítear réitigh idir-inoibritheachta sa réimse a bhaineann le Ceartas agus Gnóthaí Baile.

Leagtar amach sa treochlár sin creat le haghaidh struchtúr faisnéise níos comhtháite de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí sonracha, praiticiúla meántéarmacha agus gearrthéarmacha chomh maith le treoshuímh fhadtéarmacha maidir le bainistiú faisnéise agus malartú faisnéise a fheabhsú.

Leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla i bPáras agus sa Bhruiséil, thaispeáin na gníomhartha sceimhlitheoireachta leanúnacha lasmuigh den Aontas agus an ghéarchéim imirce atá ann faoi láthair a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i mbainistiú agus i malartú faisnéise a bheidh pras éifeachtúil agus cáilíochtúil.

D’éirigh linn an rialú ar na sreafaí imirce tríd an Tuirc agus tríd an nGréig a fheabhsú i dteannta a chéile. Báitear daoine go tubaisteach sa Mheánmhuir fós féin agus ní mór dúinn deireadh a chur leis sin ar bhonn práinneach. Caithfimid gníomhú i dtaca le chéile agus feadh an bhealaigh go léir. Áirítear leis sin dul i ngleic leis na nithe sin is cionsiocair leis an imirce, imircigh a chlárú in ionad bheith á ligean tharainn, agus imircigh eacnamaíocha a chur ar ais chuig a dtír dhúchais.” Is mar sin a labhair Klaas Dijkhoff, Aire Imirce na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle

An Imirce

Phléigh an Chomhairle an staid mar atá faoi láthair i ndáil leis an imirce go háirithe cur chun feidhme an ráitis idir an tAontas agus an Tuirc dar dáta an 18 Márta agus na sreafaí imirce sa Mheánmhuir Láir freisin.

D’athdhearbhaigh na hairí gur cheart dlús a chur leis an gcur ar ais chuig an Tuirc ón nGréig agus tús áite a thabhairt do chúnamh an Aontais trí Frontex agus EASO freisin lena gcuideofar leis an gcur ar ais sin trí thacú leis an inghlacthacht éifeachtúil agus leis an incháilitheacht. Dhearbhaigh na Ballstáit go bhféadfaí agus gur cheart imircigh a chur ar ais chuig an Tuirc.

Iarradh ar na Ballstáit rannpháirteacha dlús a chur le hathshocrú dídeanaithe na Siria ón Tuirc agus ullmhú le haghaidh córas daonnúil deonach um ligean isteach. Tathantaíodh orthu dlús a chur le hathlonnú na n-iarrthóirí tearmainn ón nGréig agus ón Iodáil, i gcomhréir leis na cinntí ón gComhairle dar dáta mí Mheán Fómhair 2015.

Léirscaoileadh víosaí

Bhí díospóireacht ghinearálta ag na hairí maidir leis an mbeartas víosaí i bhfianaise na moltaí a tháinig le déanaí ón gCoimisiún i ndáil le léirscaoileadh víosaí.

Dúirt an Uachtaránacht nach bhfuil dóthain tacaíochta fós ann chun sainordú a ghlacadh chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an togra i ndáil le léirscaoileadh víosaí don tSeoirsia. Chuir cuid de na Ballstáit a míshástacht in iúl faoin staid seo agus tá súil acu go ndéanfar sainordú a fhormheas a luaithe is féidir.

Déanfar scrúdú breise ar na tograí atá ar an mbord faoi láthair sna seachtainí atá le teacht sna comhlachtaí ábhartha de chuid na Comhairle, cur chuige a bhunófar ar thuillteanas.

Chuir na hairí i bhfáth nach féidir fáil réidh leis an gceanglas le haghaidh víosa ach amháin nuair a bheidh na tagarmharcanna réamhaontaithe ar fad comhlíonta. Thug na hairí dá n-aire go nglacfar an cinneadh ar bhealach docht cothrom ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanfaidh an Coimisiún i dtaobh cibé acu an ndearnadh tagarmharcanna a chomhlíonadh.

Ceartas - 9 Meitheamh

Réimis maoine do lánúineacha idirnáisiúnta  

Chomhaontaigh 18 mBallstát faoi dhá rialachán a bhfuil sé mar aidhm leo na rialacha a bheidh infheidhme maidir le réimis maoine do lánúineacha pósta nó do pháirtithe cláraithe i staideanna trasteorann (i.e. lánúineacha a bhfuil náisiúntachtaí éagsúla de chuid an Aontais acu agus/nó ar leo réadmhaoin i mBallstát eile san Aontas).

Tá sé mar aidhm leis na rialacháin a dhearbhú cén dlí a bheidh infheidhme maidir le cúrsaí i ndáil le nithe a bhaineann le réimis maoine pósta agus na hiarmhairtí ó thaobh réadmhaoine a bheidh ar pháirtnéireachtaí cláraithe agus cén chúirt a mbeidh an dlínse aici maidir leo. Bunófar rialacha soiléire leo maidir leis an dlí is infheidhme i gcás colscartha nó báis agus, dá bharr sin, beidh cinnteacht dlí níos fearr ann agus cuirfear deireadh le himeachtaí comhthreomhara a d’fhéadfadh a bheith contrártha i mBallstáit éagsúla. Ina theannta sin, éascófar, leis na rialacháin, an t-aitheantas do chinntí agus forfheidhmiú cinntí i staideanna trasteorann maidir leis na cúrsaí sin.

Dúirt an tAire Van der Steur ón Ísiltír, thar ceann Uachtaránacht na hÍsiltíre, an méid seo a leanas: “Tá Uachtaránacht na hÍsiltíre thar a bheith sásta go bhfuil dul chun cinn mór gasta déanta ag an Uachtaránacht chun an tsáinn sa chomhad seo a shárú, trí chomhar feabhsaithe. Tá 18 mBallstát rannpháirteach cheana. Tá obair dhian á déanamh ag an gCoimisiún, ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle le linn an tseimeastair seo agus tá súil againn, tar éis ghlacadh na dtograí, go nglacfaidh Ballstáit eile páirt sa chomhar feabhsaithe freisin.”

An ceartas coiriúil sa chibearspás  

Ghlac na hAirí Ceartais dhá shraith de chonclúidí ina leagtar amach bearta fuaimintiúla agus amlíne le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta le go gcuirfear feabhas ar an gcomhrac i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla sa chibearspás.

Leagtar amach sna conclúidí, go háirithe, bearta fuaimintiúla maidir le: an obair agus an ghníomhaíocht a dhéanfar chun nósanna imeachta um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach (CDF) a shruthlíniú, feabhas a chur ar an gcomhar le soláthraithe seirbhíse agus próiseas rinnfheithimh a sheoladh i ndáil le nascfhactóirí ionchasacha le haghaidh forfheidhmiú dlínse sa chibearspás. Iarrtar ar an gCoimisiún torthaí insoláthartha a chur i láthair ar na trí shruth oibre sin faoi Mheitheamh 2017.

 Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh - Eurojust 

Thug na hairí i gcoitinne tacaíocht choincheapúil maidir leis na hairteagail is déanaí a pléadh ar leibhéal na saineolaithe faoi Uachtaránacht na hÍsiltíre. D’iarr an Uachtaránacht ar na saineolaithe leanúint den chaibidlíocht agus na forchoimeádais a chuir roinnt toscaireachtaí in iúl á meabhrú acu agus a thabhairt dá n-aire nach féidir a mheas go bhfuiltear tar éis comhaontú iomlán a shroicheadh nó go dtiocfar ar chomhaontú iomlán faoin téacs.

Leis na hairteagail sin cumhdaítear na rialacha faoin gcóras bainistithe cásanna agus cosaint sonraí, nósanna imeachta simplithe ionchúisimh, forálacha ginearálta agus forálacha airgeadais agus foirne.

Is é is aidhm don rialachán ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh cuidiú leis an gcomhrac i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais trí Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a thabhairt isteach a mbeidh inniúlacht aici sa réimse sin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025