- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 07-08/12/2017, 7-8 Nollaig 2017
Na príomhthorthaí - 7 Nollaig
eu-LISA
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh i ndáil le dréachtrialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA). Leis an rialachán seo, neartófar sainordú eu-LISA, lena n-áirítear trína rannchuidiú le forbairt réiteach teicniúil chun idir-inoibritheacht a bhaint amach, faoi réir togra reachtach maidir le hidir-inoibritheacht a bheidh ann amach anseo.
- eu-LISA: Tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta (preaseisiúint)
- Beochán na hUachtaránachta: idir-inoibritheacht na gcóras TF de chuid an Aontais
An fhrithsceimhlitheoireacht
Bhí malartú tuairimí ag na hAirí maidir leis an radacú, ar bhonn na tuarascála eatramhaí ó ghrúpa ardleibhéil an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an radacú. Agus an grúpa frithsceimhlitheoireachta i láthair, phléigh siad freisin deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh tuilleadh comhair idir na húdaráis inniúla a láimhseálann an fhrithsceimhlitheoireacht.
Chun bheith in ann an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil shaoránaigh an Aontais a fheabhsú ní mór dúinn freagairt ar gach leibhéal. Cuimsítear ansin idir radacú a chosc, comhar idir údaráis dhifriúla a fheabhsú agus rochtain a áirithiú ar na sonraí a theastaíonn uainn chun sceimhlitheoirí a stopadh agus iad ag iarraidh ionsaithe a dhéanamh. Andres Anvelt, Aire Gnóthaí Baile na hEastóine
Sonraí a choinneáil agus a chriptiú
Bhí plé comhpháirteach ag na hairí ceartais agus gnóthaí baile maidir le criptiú ar bhonn na mbeart a thíolaic an Coimisiún Eorpach i mí Dheireadh Fómhair. Ba dhíol sásaimh dóibh na bearta teicniúla a tíolacadh agus thathantaigh siad ar an gCoimisiún leanúint den tsaincheist a scrúdú. Iarradh ar an gCoimisiún tuairisciú ar an dul chun cinn a rinneadh ar chur chun feidhme na mbeart teicniúil atá beartaithe i mí an Mhárta 2018. Bhí airí ag tnúth freisin leis an togra reachtach maidir le r-fhianaise, a bhfuiltear ag súil leis i mí Eanáir.
Phléigh airí sonraí a choinneáil agus thug siad treoir don obair a dhéanfar amach anseo ar leibhéal na saineolaithe. Dhírigh siad ar thrí ghné: comhleanúnachas láidir leis an dréachtrialachán maidir le ríomhphríobháideachas, raon feidhme an chreata maidir le coinneáil sonraí a shrianadh, agus cosaintí láidre a leagan amach le haghaidh rochtain ar shonraí a coinníodh.
Ábhair eile
Bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí i ndáil leis an limistéar Schengen a threisiú. Thug siad dá n-aire an obair atá déanta cheana agus leag siad béim ar an ngá leanúint ar aghaidh leis an obair ar na tionscnaimh éagsúla atá á ndéanamh chun feabhas a chur ar an rialú ag na teorainneacha seachtracha agus saorghluaiseacht a chaomhnú.
Na príomhthorthaí - 8 Nollaig
An Rialachán maidir le calcadh agus coigistiú
Chomhaontaigh an Chomhairle cur chuige ginearálta i ndáil le dréachtrialachán maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus d’orduithe coigistíochta. Is beart tábhachtach chun dul i ngleic le maoiniú na coireachta, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, sócmhainní a fhaightear trí ghníomhaíocht choiriúil a chalcadh agus a choigistiú go héifeachtach.
An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS)
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir le dhá thogra reachtacha i ndáil le húsáid a bhaint as ECRIS i dtaca le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát (TCN). Is é príomhchuspóir na dréachtreachtaíochta seo sásra éifeachtúil a bhunú ionas go mbeidh teacht ar fhaisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a ciontaíodh san Aontas, ionas nach n-éireoidh leo éalú ón dlí.
Cúrsaí teaghlaigh agus freagracht tuismitheoireachta
Phléigh na hairí an t-athbhreithniú ar rialachán IIa na Bruiséile (mar a ghairtear air) (rialachán maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forfheidhmiú cinntí i gcúrsaí teaghlaigh agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí, agus maidir leFuadach Idirnáisiúnta Leanaí). Bhíothas ar aon fhocal gur cheart deireadh a chur leis an exequatur maidir leis na cinntí sin atá fanta i dtaca le freagracht tuismitheoireachta agus luadh freisin a thábhachtaí a bhí na coimircí oiriúnacha sa réimse seo.
Is iomaí sin teaghlach a dhéanann cónaí thar theorainneacha agus is den tábhacht go n-aithneofaí an réaltacht sin sa reachtaíocht agus go gcosnófaí leas an linbh léi. Pléadh inniu an chaoi a ndearnadh cinneadh maidir le freagracht tuismitheoireachta i mBallstát amháin agus go bhféadfaí amhlaidh a dhéanamh níos scafánta sna Ballstáit uile, rud a sheachnódh nós imeachta ní ba liopasta agus ní ba chostasaí. Urmas Reinsalu, Aire Dlí agus Cirt na hEastóine
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Cúlra faisnéise
- Míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 7-8 Nollaig 2017
- Míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 7-8 Nollaig 2017
- Ceartúchán 21, Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 7-8 Nollaig 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 7-8 Nollaig 2017
- Clár táscach
Preaseisiúintí
- Calcadh agus coigistiú: Comhaontaíonn an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus d’orduithe coigistíochta
- 08/12/2017
- An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS): A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
- 08/12/2017
- eu-LISA: Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta
- 07/12/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025