Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Físchomhdháil na n-airí dlí agus cirt, 2 Nollaig 2020

Na príomhthorthaí

Phléigh na hairí gnéithe ceartais na frithsceimhlitheoireachta agus a bhfuil ag tarlú i ndáil leis an smacht reachta i réimse an cheartais. Ina theannta sin, bhreathnaigh siad ar ar tharla le déanaí i ndáil leis an rialachán maidir le sannadh éileamh agus i ndáil le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

An troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta

I bhfianaise na n-ionsaithe a rinneadh le déanaí sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus san Ostair, phléigh na hairí gnéithe ceartais na frithsceimhlitheoireachta, plé inar chlúdaigh siad roinnt saincheisteanna.

Ar ábhar na fuathchainte ar líne, phléigh na hairí a dtaithí ar an leibhéal náisiúnta faoi thuairisciú na gcionta coiriúla a bhaineann leis an gcoireacht fuatha agus leis an bhfuathchaint agus faoi ghníomhaíocht bhreise a d’fhéadfaí a dhéanamh. D’aontaigh siad tríd is tríd nach leor na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh go deonach ar na hardáin ar líne chun cosc éifeachtach a chur le scaipeadh an ábhair mhídhleathaigh sin agus nach mór rialacha ceangailteacha a bheith ann.

Christine Lambrecht, Aire Cónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine
An troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta is troid é freisin i gcoinne an fhuatha agus an drochmheasa ar an gcine dhaonna a léirítear ar an idirlíon. Ní mór aon duine a ghríosaíonn foréigean a ionchúiseamh ar bhealach is láidre agus ag céim is luaithe ar fud na hEorpa. Teastaíonn uainn ceanglais shoiléire uile-Eorpacha i dtaca leis an dóigh a ndéileálfaidh na hardáin ar líne leis bhfuathchaint choiriúil. Ní mór smachtbhannaí a chur i bhfeidhm mura gcomhlíonfar na ceanglais sin. Ní leor gealltanais a thugtar go deonach chun déileáil le bagairtí báis agus leis an mbolscaireacht sceimhlitheoireachta. Is mithid cosaint éifeachtach a bheith ag daoine ar na taoma fuatha.
Christine Lambrecht, Aire Cónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine
Christine Lambrecht, Aire Cónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine

Ina theannta sin, bhreithnigh na hairí an cheist cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé iomchuí dul thar ábhar a scriosadh agus foráil a dhéanamh d’oibleagáid a bheith ar na hardáin ar líne cionta coiriúla a bhaineann leis an gcoireacht fuatha agus leis an bhfuathchaint a thuairisciú don údarás inniúil i gcás ina dtiocfaidh siad orthu. Chuir roinnt airí chun suntais freisin an chothromaíocht cheart a bheith ann, faoi phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, idir na hoibleagáidí ceangailteacha sin agus an tsaoirse cainte.

Bhreithnigh na hairí an obair leanúnach atáthar a dhéanamh maidir leis an gcomhar digiteach. Chuir an uachtaránacht chun suntais staidéar ón gCoimisiún maidir le ceartas coiriúil digiteach trasteorann ina leagtar amach roinnt bealaí chun an digiteáil a úsáid a thuilleadh le haghaidh an chomhair bhreithiúnaigh san Aontas. Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh na hairí a thábhachtaí atá an pacáiste r-fhianaise ar ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta ina leith i mí na Nollag 2018. Cuirfear tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa ach a nglacfaidh an institiúid sin a sainordú féin. Chuir roinnt Ballstát in iúl freisin nach mór bealach chun cinn a fháil maidir le saincheist na coinneála sonraí, bealach ina gcuirtear san áireamh na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí.

Is bunchuid de bheartas frithsceimhlitheoireachta an Aontais tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta agus a cearta na n-íospartach sin a neartú. Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin obair leanúnach atáthar a dhéanamh sa réimse sin, obair nach mór a fheabhsú fós i gcásanna ag a bhfuil impleachtaí trasteorann chun cabhair láithreach a éascú d’íospartaigh ionsaithe cibé áit a dtarlóidh siad.

Ina theannta sin, chuir an Uachtaránacht i láthair na conclúidí ón gComhairle maidir leis na dúshláin reatha agus leis an mbealach chun cinn i dtaca leis an mbarántas gabhála Eorpach agus leis na nósanna imeachta eiseachadta, conclúidí a glacadh ar an 1 Nollaig 2020.

Bhreathnaigh na hairí ar an tuarascáil ó Eurojust agus ón Líonra um Chinedhíothú maidir le hionchúiseamh carnach trodaithe eachtracha as croíchoireanna idirnáisiúnta agus cionta a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht. Is é cinneadh na tuarascála go n-áirithítear freagracht choiriúil iomlán dhéantóirí na coire, gur déine na pianbhreitheanna a ghearrtar agus gur mó an ceartas a thugtar d’íospartaigh trí chionta sceimhlitheoireachta agus croíchoireanna idirnáisiúnta a ionchúiseamh i dteannta a chéile.

An smacht reachta

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir lenar tharla le déanaí i ndáil leis an smacht reachta i réimse an cheartais ag eascairt as tuarascáil bhliantúil 2020 ón gCoimisiún Eorpach i mí Meán Fómhair maidir leis an smacht reachta.

Thug siad a dtuairimí maidir le gnéithe a bhaineann leis an gceartas, a bhfuil ag tarlú i réimse an smachta reatha agus na dea-chleachtais sa réimse sin, go háirithe maidir le príomhghnéithe neamhspleáchas na mbreithiúna, na héifeachtúlachta agus na troda i gcoinne an éillithe. Chuir siad in iúl freisin go dtacaíonn siad tríd is tríd le pléfhóram a bhunú do bhreithiúna mar uirlis thábhachtach chun comhdhearcadh i dtéarmaí cultúr dhlíthiúil a atreisiú agus feabhas a chur ar mhalartuithe i réimse an smachta reachta.

Sannadh éileamh

Chuir Uachtaránacht na Gearmáine na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le sannadh éileamh.

Le roinnt míonna anuas, rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le roinnt gnéithe de sin, lena n-áirítear eisiaimh áirithe ó raon feidhme an rialacháin, sainmhíniú ar éifeachtaí tríú páirtí sanntaí éileamh agus láimhseáil stát ag a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin. Ní mór tuilleadh oibre a dhéanamh, áfach, i roinnt réimsí amhail an riail ghinearálta atá le cur i bhfeidhm, gnéithe eile a bhaineann le raon feidhme an togra, agus láimhseáil sanntaí éileamh arna n-urrú le maoin réadach nó le sócmhainní cláraithe.

Táthar ag súil go leanfar leis an obair ar an togra sin ar an leibhéal teicniúil amach anseo le linn uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle.

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

Chuir an Coimisiún na hairí dlí agus cirt ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme Rialachán OIPE. Tá obair fós ar siúl i roinnt réimsí ionas go mbeidh OIPE lánbhunaithe agus oibríochtúil chomh luath agus is féidir.

Le roinnt míonna anuas rinneadh dul chun cinn maidir le hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a cheapadh agus, sa Chomhairle, maidir le caidreamh OIPE le tríú tíortha agus leis na Ballstáit nach rannpháirtithe iad sa chomhar feabhsaithe. Maidir leis an ábhar deireanach sin, d’ullmhaigh an Uachtaránacht tuarascáil chuimsitheach darb aidhm mionanailís a dhéanamh ar na hionstraimí dlíthiúla ábhartha agus ar an treoir maidir leis na chéad chéimeanna eile.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025