Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Físchomhdháil na n-airí dlí agus cirt, 9 Deireadh Fómhair 2020

Príomhthorthaí

Rochtain ar an gceartas

Thacaigh na hairí go polaitiúil leis na dréachtchonclúidí a thíolaic an uachtaránacht maidir leis na deiseanna a thapú don digiteáil i réimse na rochtana ar cheartas. Ní mór na conclúidí sin a fhormheas go foirmiúil anois ag cruinniú de chuid na Comhairle a bheidh ann amach anseo.

Christine Lambrecht, Aire Cónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine
Is deis ollmhór é digiteáil an chórais bhreithiúnaigh, ceann is féidir linn a thapú chun ár leasa i ré na paindéime reatha. Leis an digiteáil, is féidir linn a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach saoránach ar na cúirteanna neamhspleácha i gcónaí agus go mbeidh ár nósanna imeachta níos éifeachtúla. Mar shampla, is féidir leis an intleacht shaorga cabhrú leis na breithiúna ina gcuid oibre agus le hinchomparáideacht agus cáilíocht na gcinntí a chur chun cinn. Ní mór do na córais intleachta saorga a bheith trédhearcach, cuimsitheach, slán, faoi réir a n-athbhreithnithe, agus neamh-idirdhealaitheach. Is léir nach ceadmhach cinntí ón gCúirt a uathoibriú go hiomlán. Ní mór an cinneadh deiridh a fhágáil faoin mbreitheamh.
Christine Lambrecht, Aire Cónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine
Christine Lambrecht, Aire Cónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine

Leis na dréachtchonclúidí, moltar do na Ballstáit úsáid níos mó a bhaint as uirlisí digiteacha i rith na n-imeachtaí breithiúnacha agus iarrtar ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach de chuid an Aontais a fhorbairt faoi dheireadh 2020 i ndáil le digiteáil an cheartais. Tugtar dá n-aire iontu freisin gur gá scileanna digiteacha a chur chun cinn in earnáil an cheartais chun go mbeidh breithiúna, ionchúisitheoirí, foireann bhreithiúnach agus cleachtóirí ceartais eile in ann teicneolaíochtaí agus uirlisí digiteacha a úsáid agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus le hurraim chuí do chearta agus saoirsí na ndaoine sin atá ag lorg ceartais.

Cearta bunúsacha

Bhí malartú tuairimí ag na hairí le stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir leis an bhfrithsheimíteachas agus leis an bhfuathchaint. Dhírigh an díospóireacht ar cé mar a fheabhsófar freagairt an cheartais choiriúil ar an bhfhrithsheimíteachas.

Go háirithe, scrúdaigh na hairí an méid is féidir a dhéanamh chun íospartaigh, pobail Ghiúdacha agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta a spreagadh chun eachtraí frithsheimíteacha a thuairisciú, agus conas taifeadadh agus bailiú sonraí faoin bhfrithsheimíteachas a fheabhsú, chun imscrúdú éifeachtach ar chionta frithsheimíteacha a chur chun cinn.

Chuir an uachtaránacht dréachtchonclúidí i láthair maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha i gcomhthéacs na hintleachta saorga agus an athraithe dhigitigh. Ag eascairt as an gcruinniú, rachaidh an uachtaránacht i dteagmháil leis na toscaireachtaí d'fhonn teacht ar chomhaontú.

Tá na dréachtchonclúidí sin ceaptha chun cuidiú leis an díospóireacht maidir leis an athrú digiteach san Aontas agus maidir leis an gcaoi ar féidir a chinntiú go n-urramófar cearta bunúsacha na saoránach leis na forbairtí teicneolaíocha sin. Dírítear ar chur chuige bunaithe ar chearta bunúsacha i leith na hintleachta saorga agus tugtar treoir maidir le dínit, saoirsí, comhionannas, dlúthpháirtíocht, cearta na saoránach agus ceartas.

Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

Phléigh na hairí gnéithe breithiúnacha straitéis an Aontais chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac, go háirithe maidir le cosc agus maidir le cosaint íospartach, tar éis cur i láthair ón gCoimisiún Eorpach. Chuir siad in iúl freisin go dtacaíonn siad i gcoitinne le straitéis an Choimisiúin.

Díríodh sa díospóireacht ar dhá cheist a thíolaic an uachtaránacht: an ról agus na hoibleagáidí a d'fhéadfadh a bheith ar chuideachtaí idirlín ábhair a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint, agus an ról agus na hoibleagáidí a d'fhéadfadh a bheith orthu chun cur ar chumas na n-íospartach na híomhánna a iarraidh agus a bhaint anuas ar bhealach níos fearr.

r-fhianaise

Chuir an uachtaránacht na hairí dlí agus cirt ar an eolas faoi staid na himeartha i dtaca leis na tograí reachtacha maidir le r-fhianaise, arb é is aidhm dóibh dlús a chur le rochtain ar fhianaise leictreonach gan beann ar an áit a bhfuil na sonraí. Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an rialachán i mí na Nollag 2018 agus maidir leis an treoir i mí an Mhárta 2019.

Ní mór na hionstraimí is gá a bheith againn chun imscrúduithe éifeachtacha trasteorann a chinntiú. Garsprioc thábhachtach a bheidh san r-fhianaise i ndáil leis sin. Iarraim ar Pharlaimint na hEorpa seasamh a chur in iúl ionas gur féidir linn dul ar aghaidh go gasta leis an gcaibidlíocht thríthaobhach. Christine Lambrecht, Aire Cónaidhme Dlí agus Cirt agus Cosanta Tomhaltóirí na Gearmáine

Thug an Coimisiún Eorpach tuairisc freisin do na hairí faoin gcaibidlíocht idirnáisiúnta atá ar siúl i ndáil le r-fhianaise, lena gcuimsítear an chaibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le rochtain trasteorann ar r-fhianaise agus an chaibidlíocht i gComhairle na hEorpa maidir leis an dara prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Bhúdaipeist.

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

Chuir an Coimisiún agus an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, na hairí dlí agus cirt ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le cur chun feidhme rialachán OIPE. Tá obair fós ar siúl i roinnt réimsí ionas go mbeidh OIPE lánbhunaithe agus oibríochtúil faoi dheireadh 2020.

Míreanna eile

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás C-311/18 (cás Schrems II), ina bpléitear le haistrithe sonraí pearsanta chuig na Stáit Aontaithe.

D'iarr an Liotuáin ar na Ballstáit a mheas an bhféadfadh an tAontas gníomhú ar bhealach ar bith chun gur fusa príosúnaigh – ar cuireadh pianbhreith orthu, ar saoránaigh iad i mBallstáit, agus a chuireann a bpionós príosúnachta isteach i dtríú tíortha – a aistriú chuig a mBallstát tionscnaimh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025