Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Físchomhdháil na n-airí gnóthaí baile, 13 Samhain 2020

Na príomhthorthaí

An sceimhlitheoireacht a chomhrac

Nuair a oibríonn an Eoraip as láimh a chéile chun an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas a chomhrac, is geall le sárchumhacht í. Ghlac na Ballstáit uile an dearbhú maidir leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta is déanaí. Tugann sé sin comhartha láidir dlúthpháirtíochta. Ó thaobh an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas a chomhrac, ar comhrac fadtéarmach, gan staonadh é, seasann an Eoraip gualainn le gualainn. Horst Seehofer, Aire Cónaidhme Gnóthaí Baile, Foirgníochta agus Pobail na Gearmáine

Tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta le déanaí, d'fhéach na hairí an bhféadfaí iarrachtaí comhpháirteacha an Aontais i gcoinne na sceimhlitheoireachta a neartú a thuilleadh agus d'eisigh siad ráiteas comhpháirteach.

Sa ráiteas, athdhearbhaíonn na hairí go bhfuil rún daingean acu luachanna coiteanna an Aontais a chosaint agus cur i gcoinne na sceimhlitheoireachta barbaraí sin ar bhealach iomlánaíoch. Meabhraíonn siad na bearta a rinneadh le scór bliain anuas agus leagtar béim ar roinnt gníomhaíochtaí ar cheart dul ar aghaidh leo, mar shampla i réimsí na saoirse reiligiúnaí agus an chomhtháthaithe shóisialta, slándáil agus feidhmiú limistéir Schengen a threisiú, slándáil a áirithiú, an radacú ar líne agus as líne a chosc, faisnéis a mhalartú maidir le daoine ar bagairt sceimhlitheoireachta nó bagairt foréigin antoiscigh iad, trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, ailtireacht faisnéise athnuaite an Aontais agus spásanna poiblí a chosaint.

An comhshocrú um imirce agus tearmann

Phléigh na hairí na tograí ón gCoimisiún le haghaidh comhshocraithe um imirce agus um thearmann. Bhí díospóireacht bheartais acu maidir le príomhghnéithe an chomhshocraithe, lena n-áirítear an ghné sheachtrach, an chéim réamhiontrála atá á beartú, an sásra dlúthpháirtíochta, an imirce inmheánach agus an bainistiú tearmainn, modhanna éagsúla chun an filleadh a fheabhsú, ról na ngníomhaireachtaí, bealaí dlíthiúla chun teacht isteach san Eoraip agus an lánpháirtiú.

Leanfar den scrúdú ar an gcomhshocrú ar an leibhéal teicniúil, agus meastar go bhfillfidh na hairí ar na príomhghnéithe arís ag an gcruinniú a bheidh acu i mí na Nollag.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025