Skip to content

Athchóiriú teileachumarsáide glactha ag an Aontas

Tá obair ullmhúcháin á déanamh ag an Aontas do ré nascachta fairsinge ardluais as a dtiocfaidh teicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile amhail 5G.

Sin é an chúis a bhfuil rialacha nua lena rialáiltear an tionscal teileachumarsáide á dtabhairt isteach ag an Aontas. Tá uasteorainn curtha acu cheana féin le ráta na nglaonna idirnáisiúnta agus neartú déanta acu ar chosaint tomhaltóirí laistigh den Aontas Eorpach. Agus muid ag dul chun tosaigh, ar na príomhchuspóirí atá ann tá:

  • rolladh amach gasta forleathan 5G agus teicneolaíochtaí eile den chéad ghlúin eile a áirithiú
  • nuálaíocht úrscothach a threisiú

Ar an 4 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle rialacha nua teileachumarsáide an Aontais – dhá phíosa reachtaíochta a bhí i gceist:

  • An Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach
  • sainordú athbhreithnithe do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC)

Ar an 19-20 Deireadh Fómhair 2017, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur chuid thábhachtach den straitéis maidir le margadh aonair digiteach é an Cód don Chumarsáid Leictreonach. Is é an t-aon reachtaíocht ina dtugtar aghaidh ar an mbonneagar nua atá ag teastáil le haghaidh an gheilleagair dhigitigh.

Cén fáth a bhfuil gá againn leis?

Is minice a bhíonn tomhaltóirí agus gnólachtaí ag brath ar rochtain ar shonraí agus ar an idirlíon in ionad líonraí fosaithe traidisiúnta amhail teileafóin.

Ní mór don Aontas é féin a chur in oiriúint don saol nua seo ina bhfuil seirbhísí bunaithe ar an Idirlíon ag dul in iomaíocht le seirbhísí teileachumarsáide atá ann cheana, agus leanúint den ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochta sa mhargadh a áirithiú.

Ach chun é sin a dhéanamh go héifeachtúil tá roinnt dúshlán suntasach ann le sárú, amhail an méid seo a leanas:

  • nascacht shárluais theoranta le haghaidh bonneagair sheasta agus mhóibíleacha ar fud an Aontais
  • rioscaí a bhaineann le cumas neamhleor tabhairt faoi athruithe gasta ó thaobh an mhargaidh agus na teicneolaíochta amhail teacht chun cinn 'Idirlíon na Rudaí Nithiúla'
  • ualaí riaracháin a thagann as iomarcaíochtaí rialála agus easpa comhchuibhis

Is é an toradh a bhfuiltear ag súil leis glacadh tapa forleathan líonraí den chéad ghlúin eile amhail teicneolaíochtaí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile agus leathanbhanda gan sreang (5G). D’fhéadfadh an nascacht mhéadaithe cruthú gnólachtaí nua agus samhlacha nua gnó a éascú freisin, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh go mbeadh baint mhór aici le fás.

I mí an Mheithimh 2016, is é an cur síos a thug an Chomhairle Eorpach ar an mbonneagar nascachta sin ná réamhchoinníoll le haghaidh iomaíochas an Aontais feasta.

De réir an Choimisiúin Eorpaigh, dá gcuirfí i bhfeidhm na bearta atá molta maidir le 5G a thabhairt isteach ar fud na hEorpa faoi 2020-2025, d'fhéadfadh an tAontas tuairim is €146.5 billiún a ghnóthú gach bliain. D'fhéadfadh na bearta sin a bheith ina gcúis le thart ar 2.4 milliún post a chruthú.

Pacáiste nascachta

Is é is aidhm leis an tionscnamh seo na garspriocanna seo a leanas a bhaint amach faoi 2025:

  • nascacht ghigigiotáin i gcomhair na nithe atá taobh thiar d'fhormhór an dul chun cinn eacnamaíoch – amhail scoileanna, fiontair mheánmhéide agus mhóra, chomh maith leis na príomhsholáthraithe seirbhísí poiblí
  • nascacht, is féidir a uasghrádú, ar ráta 100Mb in aghaidh an tsoicind ar a laghad do gach teaghlach san Eoraip
  • clúdach 5G do gach ceantar uirbeach agus do gach mórbhealach iompair trastíre.
  • 1 Eanáir

    Na mionsonraí

  • 2019

    21-22 Márta

    Slándáil na líonraí 5G, ar chlár oibre cheannairí an Aontais

    Chomhaontaigh ceannairí an Aontais go raibh sé thar a bheith tábhachtach, do rathúnas agus d'iomaíochas na hEorpa, go mbeadh bonn láidir faoin ngeilleagar.

    Chuige sin, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Aontas agus ar na Ballstáit go n-áireofaí geilleagar digiteach a fhorbairt sa ghníomhaíocht sin.

    Tá an ceannairí an Aontais ag súil leis an moladh ón gCoimisiún Eorpach maidir le slándáil na líonraí 5G.

  • 2018

    4 Nollaig

    Nascacht níos fearr: Athchóiriú teileachumarsáide glactha ag an Aontas

    Ghlac an Comhairle rialacha nua teileachumarsáide de chuid an Aontais chun rolladh amach tapa 5G agus líonra teicneolaíochtaí eile na chéad ghlúine eile a chur chun cinn ar fud na hEorpa, nuálaíocht úrscothach a spreagadh agus cosaint tomhaltóirí a neartú i réimse na cumarsáide leictreonaí.

    Is tagairt é seo do dhá mhír reachtaíochta; an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach agus sainchúram athbhreithnithe i ndáil le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC).

    Cuimsíonn an Cód seo bearta amhail:

    • iomaíochas a spreagadh
    • infheistíocht a spreagadh i líonraí fíor-ardacmhainneachta
    • cosaint tomhaltóirí a fheabhsú – rialacha gaolmhara a shocrú a mbeadh feidhm acu freisin maidir le seirbhísí amhail aipeanna teachtaireachtaí
    • córas um rabhadh poiblí '112 chugat' a thabhairt isteach ar leibhéal náisiúnta chun foláireamh a thabhairt do dhaoine, go díreach ar a bhfóin póca, faoi éigeandálaí móra amhail tubaistí nádúrtha nó ionsaithe sceimhlitheoireachta

    Thairis sin, agus an dá ghníomh reachtacha nua á nglacadh, cuirfidh rialacha nua maidir le glaonna níos saoire taobh istigh den Aontas uasteorainn 19 cent an nóiméad le praghas miondíola glaonna móibíleacha nó seasta ó thír baile an tomhaltóra ar thír eile san Aontas. I gcás teachtaireachtaí téacs laistigh den Aontas 6 cent an teachtaireacht an uasteorainn a bheidh ann. Beidh na huasteorainneacha nua i bhfeidhm amhail ón 15 Bealtaine 2019.

  • 2018

    29 Meitheamh

    Athchóiriú teileachumarsáide ar fud an Aontais formheasta ag na Ballstáit

    D'fhormheas ambasadóirí na mBallstát chuig an Aontas tacar cuimsitheach de rialacha nua don earnáil cumarsáide leictreonaí san Eoraip.

    Beidh athruithe i gceist leis an athchóiriú seo amhail:

    • rolláil amach gasta forleathan 5G agus teicneolaíochtaí eile den ghlúin nua ar fud na hEorpa
    • cosaint tomhaltóirí neartaithe
    • ráta caidhpeáilte do ghlaonna idirnáisiúnta laistigh den Aontas
  • 2017

    4 Nollaig

    Rialacha comhsheasmhacha teileachumarsáide a áirithiú

    Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir leis na rialacha do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) a nuashonrú. Leis an gcomhaontú seo réitítear an bealach don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.

    Ina seasamh, tá an Chomhairle tar éis a áirithiú go mbeidh na rialacha nua a bheartaítear do BEREC ag teacht lena sainordú maidir leis an gCód don Chumarsáid Leictreonach.

    Bunaíodh BEREC in 2019 agus thosaigh sé ag feidhmiú in 2010. Is é an príomhsprioc atá leis cur chun feidhme comhsheasmhach na rialacha teileachumarsáide ar fud an Aontais a áirithiú agus saineolas teicniúil a chur ar fáil do rialálaithe náisiúnta agus d’institiúidí an Aontais.

  • 2017

    24 Deireadh Fómhair

    Seasann an Chomhairle le cuspóir 2020 le haghaidh speictream 5G

    Le linn na Comhairle Teileachumarsáide, chuir Uachtaránacht na hEastóine eolas ar fáil maidir leis na céimeanna praiticiúla chun nascacht 5G a bhaint amach.

    Phléigh na hairí an bealach is fearr an sprioc a leag an Chomhairle Eorpach síos a bhaint amach chun an speictream is gá a chur ar fáil faoi 2020.

    "Bhíomar ar fad ar aon intinn gur ríthábhachtach go gcruthóimis na dálaí cearta le haghaidh feidhmiú gasta forleathan 5G san Eoraip." Urve Palo, Aire Fiontraíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise na hEastóine
  • 2017

    11 Deireadh Fómhair

    Rialacha nua teileachumarsáide: An Chomhairle le dul i mbun plé le Parlaimint na hEorpa

    Thug an Chomhairle sainordú ginearálta don Uachtaránacht caibidlíocht a thosú le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nuair don earnáil cumarsáide leictreonaí.

    Leis na rialacha seo, ullmhófar an Eoraip do ré 5G trí infheistíocht, iomaíochas, cosaint tomhaltóirí agus forbairt seirbhísí nua a chur chun cinn.

    Is gá borradh a chur faoi infheistíocht chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann freastal ar an éileamh atá ag méadú i gcónaí ar nascacht ghigighiotán, atá ina cuid dhílis den réabhlóid dhigiteach.

  • 2017

    18 Iúil

    Dearbhú 5G

    Shínigh airí teileachumarsáide dearbhú 5G lena ndearbhaíodh go mbeidís toilteanach an Eoraip a chur chun cinn mar cheannródaí an mhargaidh dhomhanda le haghaidh 5G. Tabharfar faoin sprioc sin le príomhbhearta amhail:

    • níos mó spreictream 5G a chur ar fáil ar bhealach tráthúil, intuartha
    • clúdach cuimsitheach móibíleach ar ardchaighdeán ar fud na hEorpa
    • an cur ar fáil den snáithín optúil a éascú
  • 2017

    8-9 Meitheamh

    Díospóireacht maidir le hathchóiriú teileachumarsáide

    Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí teileachumarsáide maidir le rialacha teileachumarsáide an Aontais a athchóiriú. Díríodh sa díospóireacht ar an méid chomhordú is inmhianaithe san Aontas chun go mbainfear amach na spriocanna uaillmhianacha i dtaca le nascacht.

  • 2017

    25 Aibreán

    Nascacht níos fearr san Aontas agus ré 5G ag druidim linn

    Ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-áirithítear go ndéanfar aerthonnta ar ardchaighdeán a chur ar fáil do sheirbhísí leathanbhanda gan sreang i ngach Ballstát san Aontas. Meastar gur beart bunriachtanach é chun borradh a chur faoin nascacht mhóibíleach agus teicneolaíocht 5G a thabhairt isteach.

    Mar thoradh air sin, gheobhaidh na hoibreoirí móibíleacha rochtain eisiach ar bhanda 700 MHz faoin 30 Meitheamh 2020. Le húsáid chomhordaithe an bhanda 700 MHz, banda a chuireann ardluais agus clúdach den scoth ar fáil, éascófar naisc idirlín níos tapúla agus níos fearr ar fud na hEorpa.