Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 28 Feabhra 2022

Na príomhthorthaí

Tháinig airí fuinnimh an Aontais le chéile sa Bhruiséil chun tuairimí a mhalartú maidir leis an staid fuinnimh san Úcráin agus san Eoraip i ndiaidh fogha míleata gan chúis gan údar a bheith déanta ag Cónaidhm na Rúise.

Tacaíocht don Úcráin agus an staid fuinnimh san Eoraip

Is mór an dochar atá á dhéanamh ag gníomhaíocht mhíleata na Rúise san Úcráin d’acmhainneachtaí fuinnimh na tíre. Tá sé ráite ag na hairí fuinnimh go bhfuil siad toilteanach agus ullamh le cúnamh a chur ar fáil don Úcráin i ndáil leis sin.

Thairis sin, tá phraghsanna gáis san Aontas agus praghsanna idirnáisiúnta ola ag dul i méid mar thoradh ar na hoibríochtaí míleata sin. Tá an méid sin ag tarlú i gcomhthéacs níos ginearálta ina bhfuil ardú mór ar phraghsanna fuinnimh athuair san Eoraip agus ar fud an domhain ó 2021 i leith.

D’iarr an Chomhairle Eorpach, ag teacht le chéile dóibh an 24 Feabhra 2022, go ndéanfaí dul chun cinn san obair ar gach leibhéal agus d’iarr sí ar an gCoimisiún, go háirithe, bearta teagmhasacha a mholadh, lena n-áirítear maidir le cúrsaí fuinnimh.

Mar thoradh air sin, mheas Uachtaránacht na Comhairle gur den ríthábhacht é an plé maidir leis an ullmhacht agus bearta teagmhasacha ar gach leibhéal in earnáil an fhuinnimh san Eoraip a thabhairt chun cinn gan mhoill, chomh maith leis na roghanna uile chun freagra a thabhairt ar iarrataí na hÚcráine ar thacaíocht, amhail líonra leictreachais na hÚcráine a shioncrónú le líonra an Aontais.

Barbara Pompili, Aire Aistrithe Éiceolaíoch na Fraince
Sa chomhthéacs sin d’oibríochtaí míleata ar dhoras an Aontais nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, ní mór dúinn gníomhú i dtrí réimse sa ghearrthéarma: ní mór dúinn tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil don Úcráin, athléimneacht chóras fuinnimh na hEorpa a neartú, agus treochtaí i bpraghsanna fuinnimh amach anseo a bhainistiú. Mar sin féin, fiú amháin dá gcuirfeadh an Rúis stop lena honnmhairí – rud nach bhfuil sé i gceist acu a dhéanamh faoi láthair – ní bheadh aon bhaol láithreach ann i leith chinnteacht an tsoláthair san Aontas Eorpach. Ar an taobh eile, tá sé níos tábhachtaí ná riamh dlús a chur leis an aistriú glas, d’fhonn ár spriocanna maidir le neamhspleáchas fuinnimh agus aeráidneodracht na hEorpa a bhaint amach.
Barbara Pompili, Aire Aistrithe Éiceolaíoch na Fraince
Barbara Pompili, Aire Aistrithe Éiceolaíoch na Fraince

Roinn na hAirí a gcuid moltaí maidir le tuilleadh cúnaimh a chur ar fáil do Rialtas na hÚcráine, go háirithe maidir le hoibriú a líonra leictreachais a chomhdhlúthú, lena chinntiú go ndéanfar an líonra a shioncrónú le líonra an Aontais agus chun cúnamh agus acmhainní fuinnimh a chur ar fáil.

I mí Eanáir 2022, chomhaontaigh an Chomhairle cúnamh dar luach €1.2 billiún a chur ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachtaí chun an chobhsaíocht a chur chun cinn sa tír. Chuir na hairí in iúl freisin go raibh siad sásta gníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun cúnamh airgeadais nó ábhartha breise a chur ar fáil don Úcráin.

Le linn an phlé, chuir na hairí fuinnimh a dtuairimí in iúl ar a bhfuil ag tarlú agus maidir le staid reatha an tsoláthair, na stoc agus na sreabha fuinnimh ina dtíortha faoi seach. D’aontaigh na Ballstáit agus an Coimisiún nach raibh an tAontas Eorpach i mbaol láithreach ó thaobh soláthairtí gáis nó breosla de, fiú amháin i gcás chur isteach ar sholáthar gáis na Rúise. Thairis sin, tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag comhordú ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh le haon ghníomhaíocht i dtaca le soláthar ola, go háirithe i gcomhthéacs na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh. Ina theannta sin, tá na Ballstáit sásta stoic straitéiseacha a shlógadh má thagann athrú ar an staid maidir le soláthairtí ola nó praghsanna ola sa chaoi gur ghá sin a dhéanamh.

Chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir leis an ngá atá le bearta teagmhasacha: an soláthar a dhaingniú, barr feabhais a chur ar an mbainistíocht ar stoic agus an comhordú idir na Ballstáit a fheabhsú, ina measc. Bhí na bearta sin le comhlánú le comhghníomhaíocht a raibh sé d’aidhm aici allmhairí fuinnimh ó réigiúin seachas an Rúis a mhéadú.

Leanfaidh na Ballstáit d’fhaireachán géar a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, ionas go mbeidh siad in ann gníomhú go gasta más gá. Ar a bharr sin, neartóidh siad a dteagmhálacha leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta, d’fhonn sreabha agus praghsanna fuinnimh a chobhsú.

I bhfianaise na bhforbairtí is déanaí, chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir leis na roghanna chun teorainn a chur le tionchar na bpraghsanna ar theaghlaigh agus ar thionscail. Tá bearta glactha cheana féin ag cuid mhór Ballstát ar an leibhéal náisiúnta, bearta cánach agus taraife ina measc, chun na tomhaltóirí is leochailí a chosaint. Measann siad gur chuir an ‘bosca uirlisí’ a mhol an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2021 creat Eorpach úsáideach ar fáil chun bearta náisiúnta a chomhordú. Tá na hairí ag fanacht leis an teachtaireacht nua ón gCoimisiún, ar cheart go n-áireofaí ann forbairtí nua chun praghsanna fuinnimh a choinneáil faoi smacht sa chomhthéacs géarchéime seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.

Ar deireadh, leag na hairí béim ar an tábhacht a bhaineann leis an An Comhaontú Glas don Eoraip agus leis an bpacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ chun spleáchas hidreacarbóin an Aontais a laghdú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025