Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Cruinniú urghnách — an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (ceisteanna fuinnimh), 2 Bealtaine 2022

Na príomhthorthaí

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an staid fuinnimh san Aontas i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin.

Deis do na hairí an cruinniú urghnách sin a ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin a athdhearbhú agus leis na Ballstáit a bhí thíos leis i ndiaidh do Gazprom na seachadtaí gáis leo a chur air fionraí, rud a cuireadh chun feidhme in ainneoin na gconarthaí reatha.

Chuir na hairí fuinnimh anailís i láthair ar an staid seo acu maidir lenar tharla le déanaí.

Phléigh siad leibhéal ullmhachta an Aontais i gcás géarchéim soláthair agus na bearta agus na hionstraimí dlúthpháirtíochta ar leibhéal an Aontais atá ar intinn acu a chur chun cinn sa chomhthéacs sin.

Maidir le haon suaitheadh soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann, mhalartaigh na hairí a n-anailísí ar an staid ullmhachta seo acu le haghaidh teagmhas den sórt sin, ar bhearta dlúthpháirtíochta, agus bearta éigeandála a d’fhéadfaí a dhéanamh chun malartú faisnéise a neartú agus a chomhordú ar dhóigh níos fearr, go háirithe i ndáil leis na leibhéil náisiúnta tomhaltais.

Rinne na hairí a marana maidir le gníomhaíochtaí breise féideartha i dtaca le slándáil an tsoláthair, an t-idirthuras gáis agus stoic gháis a bhainistiú, go háirithe agus muid ag féachaint do na seachtainí agus na míonna atá romhainn. Ba dhíol sásaimh ar leith dóibh an dul chun cinn gasta a rinneadh sa chaibidlíocht ar an rialachán maidir le stóráil gáis agus tá siad ag súil go dtabharfar chun críche go luath í.

D’athdhearbhaigh na hairí an rún daingean atá acu gníomhú chun deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise. Sa chomhthéacs sin, tá siad ag dúil go mór le plean REPowerEU, a chuirfidh an Coimisiún i láthair i mí na Bealtaine.

Chomhaontaigh na hairí agus an Coimisiún go leanfaidís leis na teagmhálacha comhordaithe atá ar bun acu leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta agus le soláthraithe iontaofa agus go mbunófaí go pras An tArdán Eorpach chun Gás a cheannach chun soláthar fuinnimh an Aontais a ráthú ar phraghsanna inacmhainne.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025