- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí iompair, 8 Aibreán 2022
Na príomhthorthaí
Freagairt chomhordaithe an Aontais ar ionradh na Rúise ar an Úcráin
Thar ceann Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh, bhí físchomhdháil ag an Aire Iompair, Jean-Baptiste Djebbari, lena chomhghleacaithe Eorpacha agus leis an gCoimisiún Eorpach Dé hAoine, an 8 Aibreán 2022. Ba é cuspóir na físchomhdhála tuairimí a mhalartú maidir le cén dóigh a bhféadfadh an tAontas Eorpach freagairt chomhordaithe a thabhairt, i réimse an iompair, ar thionchar fhogha míleata Rúise faoin Úcráin a bhí gan chúis gan údar.
Ón 24 Feabhra i leith, áirítear iarmhairtí an chogaidh ag dul i bhfeidhm cheana féin i ngach earnáil, go háirithe in earnáil an iompair. Leis an earnáil sin, tá bealach againn chun freagairt ar an ngá atá ag an Úcráin le dlúthpháirtíocht agus tacaíocht ón Aontas Eorpach, i dtéarmaí lóistíochta agus na soghluaisteachta dídeanaithe araon. Chun a dtacaíocht agus tacaíocht an Aontais don Úcráin a chur in iúl agus chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na coinbhleachta ar an gcóras iompair Eorpach, gheall na hairí iompair freagairt chomhordaithe a thabhairt ar na dúshláin iompair, go háirithe tar éis ghlacadh an phacáiste smachtbhannaí is déanaí, a bhfuil gné thábhachtach iompair ann.
Ar chuireadh ón uachtaránacht, chuir Aire Bonneagair na hÚcráine, Oleksandr Kubrakov, tús leis an bplé sin.
Rinne na hairí a marana ar na bearta atá curtha i bhfeidhm cheana nó atá beartaithe i ngach Ballstát, agus ar cén dóigh na tionscnaimh éagsúla a eagrú ar leibhéal an Aontais. Is é an aidhm atá ann feabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta, agus leis an gCoimisiún, d’fhonn comhordú níos fearr a dhéanamh ar thionscnaimh. Sainaithníodh 3 phríomhréimse oibre:
- tacú leis an Úcráin, go háirithe trí mhodhanna iompair a chomhordú chun leanúnachas agus so-athraitheacht na n-acmhainneachtaí iompair a chinntiú do dhaoine, soghluaisteacht dídeanaithe a shimpliú agus a gcomhtháthú eacnamaíoch agus sreabha lóistíochta a chomhordú chun seachadadh cabhrach ábhartha chuig an Úcráin agus allmhairiú earraí isteach san Aontas Eorpach a éascú.
- oibrithe iompair a chosaint, go háirithe tríd na réitigh chabhrach a chomhordú ar bhonn Eorpach, chun a sábháilteacht a chinntiú agus chun ligean d’oibríochtaí leanúint ar aghaidh, agus chun freagairt ar na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhordú agus gníomhaíocht idirnáisiúnta (IMO, ICAO, EIS) i rith an ama.
- athléimneacht chóras iompair na hEorpa a neartú chun cur ar chumas na hearnála dul i ngleic leis an ngéarchéim.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025