Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 9 Nollaig 2021

Na príomhthorthaí

Forléargas ar an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’

Chuir an Chomhairle tús leis an gcruinniú trí aird a thabhairt ar an dul chun cinn foriomlán a rinneadh maidir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ de thograí reachtacha i bhfoirmíochtaí éagsúla de chuid na Comhairle. Is é is aidhm don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ cuidiú leis an Aontas le gnóthú a sprice glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, le hais 1990, agus a bheith aeráidneodrach faoi 2050.

Ansin bhí an chéad phlé foirmiúil ag na hairí faoi gach ceann de na trí thogra iompair ‘Oiriúnach do 55’ – an tionscnamh 'ReFuelEU Aviation', an tionscnamh 'FuelEU Maritime' agus bonneagar breoslaí ionadúla – chun treoir a thabhairt maidir le tuilleadh oibre ar na comhaid sin.

Beidh ról suntasach ag na tograí sin in iarrachtaí an Aontais a chuid astaíochtaí iompair a laghdú 90 %, rud atá ina réamhchoinníoll le sprioc aeráidneodrachta 2050 a bhaint amach.

An t-aeriompar inbhuanaithe

Thug an Chomhairle an dul chun cinn atá déanta dá haire agus bhí díospóireacht bheartais aici faoi thogra darb aidhm cothrom na Féinne don aeriompar inbhuanaithe a chinntiú (an tionscnamh 'ReFuelEU Aviation').

Is é is aidhm don togra éileamh agus soláthar na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a mhéadú, lena n-áirítear breoslaí eitlíochta sintéiseacha, agus cothrom na Féinne á chinntiú ar fud mhargadh aeriompair an Aontais ag an am céanna.

Jernej Vrtovec, Aire Bonneagair na Slóivéine agus cathaoirleach chruinniú na Comhairle
Bhuail an phaindéim an t-aeriompar go crua. Mar sin féin, is é an t-aon bhealach is féidir leis an tionscal téarnamh ná gníomhú maidir le huaillmhianta aeráide, agus aernascacht do shaoránaigh agus margadh iomaíoch a chinntiú ag an am céanna.
Jernej Vrtovec, Aire Bonneagair na Slóivéine agus cathaoirleach chruinniú na Comhairle
Jernej Vrtovec, Aire Bonneagair na Slóivéine agus cathaoirleach chruinniú na Comhairle

Thacaigh na hairí le cuspóirí an togra ar an iomlán le linn na díospóireachta sa Chomhairle. Chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis an gcaoi a mbainfí na cuspóirí sin amach trí chineálacha éagsúla breoslaí a úsáid agus trí leibhéil éagsúla glactha breoslaí a úsáid sna blianta atá le teacht. Chuir roinnt toscaireachtaí chun suntais gur gá nascacht a chaomhnú agus cásanna sonracha na mBallstát éagsúil a chur san áireamh. Chuir na hairí i dtreis freisin an gá atá le hiomaíochas earnáil eitlíochta na hEorpa a choinneáil ar bun, a bhfuil iarmhairtí na paindéime os a comhair. Chuir siad i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé acmhainneacht leordhóthanach táirgthe agus dáileacháin a chinntiú chun na breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhfuil gá ag an earnáil leo a sholáthar agus chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint. Chuir roinnt Ballstát in iúl go bhfuil imní orthu faoi rialacha buiséadacha a mhéid a bhaineann le hioncam ó fhíneálacha a úsáid.

Breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar

Thug an Chomhairle an dul chun cinn atá déanta dá haire agus bhí díospóireacht bheartais aici chun úsáid breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar (FuelEU - Muirí) a chur chun cinn.

Is é is aidhm don togra seo méadú a chur ar éileamh agus úsáid chomhsheasmhach breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí agus, ag an am céanna, oibriú rianúil an tráchta mhuirí a áirithiú agus saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

Is veicteoir bunriachtanach é an muiriompar do thrádáil agus nascacht inmheánach agus sheachtrach an Aontais. Ní féidir linn ár lorg carbóin a laghdú go leordhóthanach gan rannchuidiú na hearnála muirí, cé go bhfuil dúshláin ag baint leis sin, go háirithe mar gheall ar chineál domhanda na loingseoireachta. Jernej Vrtovec, Aire Bonneagair na Slóivéine agus cathaoirleach chruinniú na Comhairle

Le linn an phlé a rinne siad, tháinig na hairí ar chomhaontú, den chuid is mó, maidir le formhór chuspóirí an togra, sa mhéid go gcuireann sé úsáid breoslaí inathnuaite agus ísealcharbóin chun cinn in earnáil atá fós ag brath go hiomlán, nach mór, ar bhreoslaí iontaise. Chuir roinnt airí chun suntais an tábhacht a bhaineann leis an ngné dhomhanda, ó thaobh na n-uaillmhianta a bheidh le saothrú, go háirithe laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), agus i dtaca le haghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann le sceitheadh carbóin nó le hathródú a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar na hoibleagáidí déine gáis cheaptha teasa na long a laghdú mar aon leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar chalafoirt Eorpacha.

Chuir roinnt airí chun suntais a chasta atá an togra agus an nasc láidir atá aige le tionscnaimh eile de chuid ‘Oiriúnach do 55’, go háirithe an treoir maidir le fuinneamh inathnuaite, córas an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí agus na rialacha lena dtacaítear le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus chuir siad i bhfios go láidir nach mór léargas soiléir a bheith ann i dtaca leis an tionchar foriomlán ar an earnáil. Chuir roinnt airí in iúl go raibh imní orthu faoi ghnéithe rialachais, amhail forchur agus úsáid pionós, chomh maith le ról na n-údarás poiblí i bhforfheidhmiú an rialacháin. Ar an iomlán, measadh go raibh gá le tuilleadh oibre ionas go bhféadfaí an togra a scrúdú mar is ceart.

Bonneagar breoslaí ionadúla

Thug an Chomhairle an dul chun cinn atá déanta dá haire agus bhí díospóireacht bheartais aici ar dhréachtrialachán maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla.

Is é cuspóir an togra tacú le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a bhfuil rochtain phoiblí air a imscaradh ar bhonn uile-Aontais le haghaidh breoslaí ionadúla in earnálacha an iompair de bhóthar, eitlíochta agus uiscebheirthe. Tá sé d’aidhm aige freisin a chinntiú go mbeidh an bonneagar sin idir-inoibritheach agus so-úsáidte.

Faoi láthair tá bac ar an aistriú go breoslaí níos glaise cionn is go bhfuiltear ag fiafraí cé acu is gá a theacht ar dtús, na feithiclí nó an bonneagar. Ar thaobh amháin, fágann méid teoranta an bhonneagair nach mian le daoine feithiclí breoslaí ionadúla a cheannach; ar an taobh eile, is mar gheall ar an eagla go bhfágfar le hinfheistíocht sháinnithe muid nach ndéanaimid dul chun cinn gasta go leor i dtógáil an bhonneagair. Beidh na rialacha fadréimseacha athbhreithnithe sin ríthábhachtach má táimid chun an fhadhb a réiteach mar is leo a áireofar deimhneacht dhlíthiúil, a mhéadófar muinín na dtomhaltóirí agus a thabharfar fógra soiléir don tionscal, do mhonaróirí gluaisteán agus do gheallsealbhóirí eile. Jernej Vrtovec, Aire Bonneagair na Slóivéine agus cathaoirleach chruinniú na Comhairle

Le linn na díospóireachta, thacaigh na hairí i gcoitinne le cuspóirí agus cur chuige an togra. Chuir go leor airí i dtábhacht, áfach, nach mbíonn méid amháin oiriúnach do chách agus go mbeadh solúbthacht de dhíth chun sainiúlachtaí náisiúnta a chur san áireamh, amhail achar dromchla, daonra agus dlús tráchta, agus tíreolaíocht. Mheas roinnt airí go bhfuil teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha á gceapadh go fóill, go háirithe le haghaidh feithiclí bóthair tromshaothair. Ba den tábhacht é mar sin faireachán a dhéanamh ar fhorbairt teicneolaíochtaí agus margaí éagsúla ionas go bhfeicfí an mbeadh na réitigh sin inmharthana agus costéifeachtúil. Ba ghá bearta agus dreasachtaí tacaíochta a bheith ann chun iad a fhorbairt don mhargadh i dtús ama, ach níor cheart dóibh sin bac a chur ar an infheistíocht phríobháideach.

Luaigh roinnt airí nach mór cuimhneamh ar na hidirnaisc le tograí eile an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus a thábhachtaí atá sé éiceachóras a bhunú don athrú i dtreo na soghluaisteachta glaine. Dúirt roinnt Ballstát go raibh sé contrártha do na spriocanna aeráide na forálacha maidir le feithiclí a chur ar ais sa phacáiste soghluaisteachta agus d’iarr siad ar an gCoimisiún gníomhú chun an beart sin a chur ar ceal.

Aon ghnó eile

Faoi aon ghnó eile, chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le tograí reachtacha reatha.

Maidir le rialacha athbhreithnithe i ndáil le feithiclí fruilithe a úsáid chun earraí a iompar de bhóthar, tháinig an uachtaránacht ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa i mí Dheireadh Fómhair. Tá rún aici an téacs a chur isteach lena ghlacadh ag an gcruinniú deireanach a bheidh ag an gComhairle i mbliana.

Maidir leis an athchóiriú ar bhainistiú aerthráchta Eorpaigh dá ngairtear Single European Sky [Aerspás Eorpach Aonair], bhí dhá chruinniú thrípháirteacha ag an uachtaránacht le Parlaimint na hEorpa. Rinneadh roinnt dul chun cinn sna cruinnithe sin, maidir le saincheisteanna teicniúla go háirithe.

Ina theannta sin, tá comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle ag scrúdú an dréachtchinnidh maidir le cur chun feidhme an fhógra maidir le fritháireamh faoin Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) le haghaidh oibreoirí aerárthaí atá bunaithe san Aontas.

Chuir toscaireacht na Beilge in iúl gur ábhar imní é na treochtaí nua in iompar lasta de bhóthar i dtéarmaí líon na bhfianuithe tiománaithe do thiománaithe tríú tíortha, rud a mheasann sí a bheith ina dhúshlán i dtaca le dálaí sóisialta agus aistriú módach.

Chuir toscaireacht na Cipire, thar ceann thoscaireachtaí na Bulgáire, na hEastóine, na Gréige, na Liotuáine, Mhálta, na Polainne, na Portaingéile, na Slóvaice agus na hUngáire na hairí ar an eolas maidir le ceist na haernascachta. D’iarr sí go ndéanfaí bearta chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna nascachta ar fud an Aontais a d’éirigh as an bpaindéim, téarnamh tapa na hearnála a éascú agus aistriú glas a bheidh idir rianúil agus chóir a chinntiú do na Ballstáit uile.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir le saincheisteanna a bhaineann le foirmeacha aimsithe paisinéirí agus oibrithe iompair. Chuir sé chun suntais gur gá do na Ballstáit comhoibriú chun srian a chur le scaipeadh athraitheach nua COVID-19. Chuir sé i bhfios go láidir freisin gur gá an margadh aonair a chosaint go cinnte, cosaint lena n-éilítear go n-aithnítear ról ríthábhachtach na n-oibrithe iompair agus go leanfar leis an gcóir speisialta atá á thabhairt dóibh.

Ina theannta sin, chuir Uachtaránacht inteachta na Fraince a clár oibre don chéad leath de 2022 i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025