Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 19 Nollaig 2022

Príomhthorthaí

Praghsanna fuinnimh

Tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chomhaontú polaitiúil maidir le togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard.

Jozef SÍKELA, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seicia
D’éirigh linn teacht ar chomhaontú tábhachtach a thabharfaidh cosaint do shaoránaigh ar phraghsanna fuinnimh atá ag méadú as cuimse. Socróimid sásra réalaíoch éifeachtach ina mbeidh na coimircí atá riachtanach chun na rioscaí do shlándáil an tsoláthair agus cobhsaíocht na margaí airgeadais a sheachaint. Arís eile, tá sé cruthaithe againn go bhfuil an tAontas aontaithe agus nach ligfidh sé d’aon duine fuinneamh a úsáid mar arm.
Jozef SÍKELA, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seicia
Jozef SÍKELA, Aire Tionsclaíochta agus Trádála na Seicia

Is beart éigeandála sealadach é an Rialachán darb aidhm teorainn a chur le heachtraí ina mbíonn praghsanna iomarcacha gáis nach léiríonn praghsanna an mhargaidh dhomhanda, agus slándáil an tsoláthair fuinnimh agus cobhsaíocht na margaí airgeadais á gcinntiú ag an am céanna.

Ghlac na hairí go foirmiúil Rialachán ón gComhairle lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, ar mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus ar thagarmharcanna praghais iontaofa. Comhaontaíodh ábhar an rialacháin sin sa Chomhairle Fuinnimh an 24 Samhain 2022.

Tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil maidir le rialachán ón gComhairle lena leagtar síos creat sealadach chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite. Comhaontaíodh an chuid is mó d’ábhar an rialacháin sin sa Chomhairle Fuinnimh an 24 Samhain 2022. Chuir na hairí foráil isteach chun rolladh amach eangach a bhrostú agus a shimpliú.

Cuirtear i láthair ar an leathanach seo an sásra ceartúcháin margaidh a chomhaontaigh tíortha an Aontais chun babhtaí de phraghsanna iomarcacha gáis a theorannú san Aontas.
Sásra margaidh chun arduithe iomarcacha ar phraghsanna gáis a theorannú (Grafaic faisnéise)

Sásra margaidh chun arduithe iomarcacha ar phraghsanna gáis a theorannú (Grafaic faisnéise)

Tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chur chuige ginearálta i ndáil le togra maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh.

Chruthódh an cur chuige ginearálta ceanglas ar na hearnálacha ola, gáis agus guail astaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a fhíorú. Mholfadh sé rialacha dochta chun sceitheadh meatáin a bhrath agus a dheisiú agus chun teorainn a chur le scaoileadh agus bladhmadh go cásanna cúnga.

Tá an togra seo mar chuid den dara baisc de thograí faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ arb é is aidhm dó dlíthe aeráide agus fuinnimh an Aontais a ailíniú le spriocanna 2030 an Dlí Aeráide Eorpaigh maidir le hastaíochtaí a laghdú.

Fuinneamh REPowerEU

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le togra le haghaidh Treoir REPowerEU lena ndéantar leasuithe spriocdhírithe ar reachtaíocht an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite. Leagfaidh na Ballstáit limistéir thiomnaithe ‘is fearr’ amach le haghaidh foinsí inathnuaite ina mbeadh próisis cheadaithe ghiorraithe agus shimplithe i limistéir ina bhfuil rioscaí comhshaoil níos ísle.

Dhearbhaigh an Chomhairle gurb é 40% ar a laghad an sprioc maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030, mar atá ina cur chuige ginearálta i ndáil leis an treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite a glacadh i mí an Mheithimh 2022.

Tá an togra seo mar chuid den dara baisc de thograí faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ darb aidhm dlíthe aeráide agus fuinnimh an Aontais a ailíniú le spriocanna 2030 an Dlí Aeráide Eorpaigh.

An pacáiste gáis

Thíolaic an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le pacáiste gáis ina bhfuil an togra le haghaidh treoir agus togra le haghaidh rialachán maidir le comhrialacha an mhargaidh inmheánaigh do gháis inathnuaite agus nádúrtha agus don hidrigin san áireamh.

Féachann na tograí le dul i bhfód an gháis in-athnuaite agus an gháis ísealcharbóin sa chóras fuinnimh a éascú, rud lena gcumasófar an t-aistriú ó ghás nádúrtha agus chun go mbeidh na gáis nua sin in ann an ról a imirt i ndáil le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 a bhaint amach.

Thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil ar dhul chun cinn.

Gnó eile

Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil maidir le tograí reachtacha reatha, cosúil leis an athbhreithniú ar an treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus an treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite, tograí atá á gcaibidil faoi láthair sna cruinnithe tríthaobhacha idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa. Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi Chomhdháil Phlean SET agus faoin bhFóram Eorpach um Fhuinneamh Núicléach (ENEF).

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin athbhreithniú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais. Thug an Coimisiún eolas freisin maidir leis na forbairtí is déanaí i réimse an chaidrimh fuinnimh sheachtraigh.
Chuir an Ungáir eolas i láthair maidir le píblíne ola Janaf. Chuir Lucsamburg na hairí ar an eolas faoi acmhainneacht coigiltis fuinnimh ghearrthéarmaigh in ionaid sonraí.

Chuir an tSualainn i láthair clár oibre a huachtaránachta inteachta.

Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle na míreanna atá san áireamh i liosta na míreanna ‘A’ thíos, cé is moite den Rialachán ón gComhairle lena leagtar síos creat sealadach chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite, rud a ghlacfar go foirmiúil ag céim is faide anonn.

Mínítear sa ghrafaic faisnéise na rialacha atá beartaithe chun astaíochtaí meatáin san Aontas a laghdú.
Oiriúnach do 55: astaíochtaí meatáin i mbreoslaí iontaise a laghdú (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: astaíochtaí meatáin i mbreoslaí iontaise a laghdú (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025